Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 agus Údarás na Gaeltachta - Lá Earnála Dhún na nGall

23.09.26

Lá Earnála Dhún na nGall

Íomhánna: Jimmy Kilgallen Photography

Reáchtáil TG4 agus Údarás na Gaeltachta Lá Earnála Dhún na nGall Dé Céadaoin, an 23 Meán Fómhair 2026, in gteic, Páirc Ghaoth Dobhair, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall.
 

Ócáid idirghníomhach a bhí ann chun deiseanna, dúshláin, riachtanais agus todhchaí earnáil na meán Gaeilge i dTír Chonaill a phlé, agus chun éisteacht go díreach le léiritheoirí na hearnála  léirúcháin faoi na scileanna, na tacaíochtaí agus na deiseanna atá de dhíth chun an earnáil a fhorbairt sna blianta amach romhainn.

Reáchtáladh an ócáid le linn do Karina Feirtéar a bheith ina Ceannaire ar ‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’, togra oiliúna agus forbartha trí bliana idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta.

Mar chuid den chomhpháirtíocht straitéiseach seo, déanfaidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta infheistíocht ar fiú os cionn €1.2 milliún in aghaidh na bliana í idir seo agus deireadh na bliana 2028 chun tallann nua a chothú, scileanna a fhorbairt agus earnáil na léiriúchán neamhspleách Gaeilge a neartú.

Tá taithí beagnach 30 bliain ag Karina Feirtéar in earnáil na meán Gaeilge. Bhí sí ina Bainisteoir ar Chainéal Cúla4 roimhe seo agus bhí roinnt ról sinsearach aici le TG4 thar na blianta i réimsí na cruthaitheachta, na léiriúcháin agus na hóige. Beidh sí freagrach as cláir oiliúna agus forbartha a stiúradh ina ról nua agus as bealaí gairme níos soiléire a chruthú dóibh siúd atá ag obair san earnáil nó atá ag iarraidh dul isteach inti.
 

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4 go bhfuil “fás, cumasú agus forbairt earnáil na léiriúchán neamhspleách lárnach sa Ghaeltacht i bhfís TG4 agus go gcuirfidh an chomhpháirtíocht trí bliana le hÚdarás na Gaeltachta ar chumas na n-eagraíochtaí díriú go straitéiseach ar fhorbairt oiliúint ghairmiúil agus scileanna don todhchaí.”
 

Is éard a dúirt Karina Feirtéar, Ceannaire ‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’: “Tá deis iontach againn anois cur leis an tallann agus leis an saineolas atá in earnáil na meán Gaeilge cheana féin agus bealaí níos soiléire a chruthú do dhaoine ar mian leo gairm bheatha a bhaint amach inti. Tá sé fíorthábhachtach go n-éistfimid leis an earnáil féin faoi na scileanna agus na tacaíochtaí atá ag teastáil. Is deis luachmhar é Lá Earnála Dhún na nGall chun an comhrá sin a bheith againn agus chun féachaint le chéile ar na deiseanna atá romhainn sa réigiún sin.”
 

Dúirt Tomás Ó Siocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, “Léiríonn an infheistíocht seo tiomantas Údarás na Gaeltachta d’fhás earnáil na meán Gaeilge i nDún na nGall. Ag obair le TG4, tá muid ag cur oiliúint agus scileanna ar fáil a chinnteoidh todhchaí láidir don earnáil sa réigiún.” 
 

Is deis a bhí i Lá Earnála Dhún na nGall ag comhlachtaí léiriúcháin, ag cruthaitheoirí, ag daoine atá ag obair sna meáin agus acu siúd ar spéis leo gairm bheatha a bheith acu san earnáil teacht le chéile agus a dtuairimí a roinnt.
 

Teagmháil do na Meáin:
TG4 Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Údaras na Gaeltachta Rannóg Cumarsáide cumarsaid@udaras.ie 091 503100


Cuir aithne orainn: