Preas
Sraith Nua TG4 ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall
29.04.26

Taobh Thiar den Roth – Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall
Sraith nua ceithre chlár ar TG4 a thabharfaidh léargas ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall
Blaisín:
Is cúis bhróid do TG4 craoladh Taobh Thiar den Roth – Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall a fhógairt, sraith nua tharraingteach faisnéise ceithre chlár arna léiriú agus arna stiúradh ag Sonia Nic Giolla Easbuig as LIGID Léiriúcháin Teo.
Is ar stíl Drive to Survive a rinneadh an clár a scannánú agus tabharfar an lucht féachana taobh thiar den cheamara le haghaidh ceann de na himeachtaí railí is mó le rá san Eoraip. Tabharfar léargas iontach agus tumthach ar na tiománaithe, na comhthiománaithe, na meicneoirí, na foirne sábháilteachta agus an lucht eagraithe a gcuireann a ndúthracht, scil agus paisean leis an ócáid iontach seo bliain i ndiaidh bliana.
Taifeadadh an tsraith seo le tírdhreacha áille Chontae Dhún na nGall sa chúlra, ó bhóithre cois cósta Chnoc Colbha go móintigh oscailte an Ghleanna, agus taispeánfar freisin an fuinneamh, an ghreann, an chontúirt agus an spiorad pobail atá aitheanta leis an ócáid seo a mheallann os cionn 70,000 duine chun na háite agus beagnach 400,000 duine gach bliain ar an teilifís agus ar ardáin ar líne.
Beidh cliar carachtar spéisiúil i gcroílár na sraithe. Tabharfaidh Jordan Greene McGee, tiománaí atá ag teacht chun cinn, chomh maith lena chomhthiománaí Tony, faoi Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall den chéad uair, le tacaíocht ó fhoireann seirbhíse dlúth ar a bhfuil a mhuintir agus a chuid comharsana, agus gach stop seirbhíse ina rás in aghaidh an chloig. Beidh an tiománaí fadbhunaithe, Kieran Ó Rabhartaigh, ag tabhairt faoin railí den 31ú huair lena chomhthiománaí Mícheál ar chúrsa dhúshlánach Dhún na nGall. Tá Turloch Ó Duibhir ag fás agus ag forbairt le gach aon railí, tá Eamonn McGee ag coinneáil gach rud ag imeacht ina ról mar Chléireach Cúrsa, agus tá baint mhór ag Suzanne McCafferty leis an imeacht seo a eagrú.
Beidh Callum Devine, a bhfuil an rás buaite aige faoi dhó, ag súil an chraobh a bhaint den tríú huair, chomh maith le PJ Mór McDermott agus a mhac, PJ Óg, a rachaidh san iomaíocht le chéile den chéad uair riamh.
Is léiriúchán mór le rá é seo maidir le craoltóireacht trí Ghaeilge toisc gurb é an chéad sraith teilifíse lánchoimisiúnaithe a léiríodh go hiomlán laistigh le Ghaeltacht Ghaoth Dobhair i nDún na nGall. Tá níos mó i gceist le Taobh Thiar den Roth – Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ná sraith raonrásaíochta carranna, is sampla cumhachtach é den mhéid atá pobal in ann a bhaint amach nuair a thugtar uirlisí, tacaíocht agus muinín dó a scéalta féin a insint.
Ó shléibhte Ghaoth Dobhair go scáileáin ar fud na hÉireann, tá ‘Déanta i nDún na nGall’ le LIGID Léiriúcháin Teo tar éis Dún na nGall a chur chun cinn go mór i gcúrsaí léiriúcháin teilifíse, agus beidh an tionchar sin le brath go ceann i bhfad.
Arna léiriú agus arna stiúradh ag Sonia Nic Giolla Easbuig as LIGID (Life Is Great In Donegal) Léiriúcháin Teo do TG4.
Teagmháil do na Meáin Spórt i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie