Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026 Fógartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy

07.07.26


 

Fógraíodh buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigiúil ag ócáid speisialta in Óstán an Armada, Rinn na Spáinneach, Co. an Chláir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tionóil is tábhachtaí i bhféilire an cheoil thraidisiúnta.

Meastar go forleathan gurb é Gradam Ceoil TG4, ar cuireadh tús leis 29 bliain ó shin, an onóir is mó a bhronntar i gceol traidisiúnta na hÉireann, lena ndéantar éacht, cruthaitheacht agus tionchar cultúir den scoth a cheiliúradh i seacht gcatagóir ar leith. Is léargas iad buaiteoirí na bliana seo ar shaibhreas, ar fhairsinge agus ar bheocht leanúnach an traidisiúin, idir cheoltóirí agus amhránaithe den scoth, taibheoirí óga, ensembles agus iadsan a bhfuil obair ríthábhachtach déanta acu le blianta fada anuas.

Painéal neamhspleách de dhaoine a bhfuil gradam buaite roimhe seo acu agus de phríomhphearsana i bpobal an cheoil thraidisiúnta a roghnaíonn na buaiteoirí. 
 

Is iad buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026:

Gradam Ceoil TG4 2026 – Cathal Hayden
Amhránaí TG4 2026 – Pauline Scanlon
Gradam Saoil TG4 2026 – Mickey Dunne
Grúpa Ceoil TG4 2026 – Cherish the Ladies
Ceoltóirí Óga TG4 2026 – Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta
Cumadóir TG4 2026 – Niall Vallely
Gradam Comaoine TG4 2026 – The Tulla Céilí Band

 

Is éard a dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4“Tá ról lárnach ag Gradam Ceoil TG4, le beagnach 30 bliain anuas, in aitheantas a thabhairt do scoth an cheoil thraidisiúnta in Éirinn agus sin a chur os comhair lucht spéise náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá mórtas ar TG4 tacú leis na ceoltóirí, leis na pobail agus leis na stíleanna traidisiúnta atá fós ag cur go mór leis an saol a chaitheann muid agus ag cur leis an tuiscint atá againn ar ár bhféiniúlacht féin. Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach duine a mbeifear ag bronnadh gradam orthu in 2026 agus táim ag súil le bheith ag ceiliúradh a n-éachtaí leo i Luimneach an 13 Meán Fómhair.”

Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe Ghradam Ceoil TG4 le linn na hócáide “Is é an Gradam fós buaicphointe ábhar fairsing Ceoil Thraidisiúnta TG4 agus leanfaimid de bheith ag cur lenár n-ealaíona traidisiúnta gach uile bealach is féidir chun ábhar a chur ar fáil ar na hardáin bheo, ar éileamh agus dhigiteacha go léir chun a chinntiú go mbíonn teacht iomlán ar an ábhar, mar aon le comhcheangal iomlán leis, ag cách ar fud an domhain”

An Dr Áine Hensey, Cathaoirleach, Coiste Roghnúcháin Ghradam Ceoil TG4“Tugann buaiteoirí na bliana 2026 léargas dúinn ar chomh domhain agus chomh fairsing agus atá cultúr ceoil na tíre. Ó phobail éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin, cuireann siad i gcuimhne dúinn nach bhfuil teorainn le saibhreas ár ndúchais ceoil.”

Beidh ceolchoirm agus searmanas bronnta Ghradam Ceoil TG4 2026 ar siúl i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach, Dé Domhnaigh, an 13 Meán Fómhair 2026. Craolfar an ócáid beo ar TG4 agus ar fud na cruinne ar Sheinnteoir TG4, agus beidh aoicheoltóirí agus láithreoirí speisialta ar stáitse le buaiteoirí na ngradam d’oíche lán ceoil, ceiliúrtha agus siamsaíochta.

Tá an nasc chuig na ticéid anseo : https://uch.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173674501
 

Buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2026:
 

Gradam Ceoil TG4 2026 – Cathal Hayden 

Rugadh Cathal Seán Hayden in 1963 ar an gCarraig, Co. Thír Eoghain, in aice le Pomeroy, ceantar atá báite sa cheol traidisiúnta. Tógadh é i dteach ina raibh bua an cheoil acu, ba ar an mbainseó teanóir a thosaigh sé agus ansin thug sé faoin bhfidil, é ag caomhnú nós teaghlaigh a roinn a athair agus a sheanaithreacha leis.

Thaifead Cathal a chéad albam aonair, Handed Down, sa bhliain 1980 lena dhlúthchara agus meantóir Arty McGlynn. Bhí an ceol a bhí aige ón mbaile le brath ar an albam agus ba é sin a chuir tús lena ghairm iontach taifeadta. D’eisigh sé ceirníní mór le rá ina dhiaidh sin lena n-áirítear Cathal Hayden, Live in Belfast agus Hooked on Banjo.

Bhain Cathal níos mó clú agus cáil amach leis an ngrúpa Arcady in 1988, sular chomhbhunaigh sé Four Men and a Dog in 1991. Céim mhór chun cinn sa cheol traidisiúnta a bhí ina gcéad albam, Barking Mad, é ar cheann de na halbaim mhóra thraidisiúnta Éireannacha de chuid na linne sin agus bhuaigh sé duais Folk Roots don Albam is Fearr leis an albam céanna.

Tá seinnte ag Cathal le go leor de na ceoltóirí is fearr in Éirinn i gcaitheamh na mblianta, lena n-áirítear Christy Moore, Paddy Keenan, Máirtín O’Connor, Seamie O’Dowd, Dónal Lunny agus na Bow Brothers. Tá sé ina mháistir ar an bhfidil agus ar an mbainseó araon, agus tá paisean, beocht agus samhlaíocht curtha aige le ceol traidisiúnta na hÉireann ar ardáin ar fud an domhain. 
 

Amhránaí TG4 2026 – Pauline Scanlon

Tá ceann de na glórtha is sainiúla in Éirinn ag Pauline Scanlon, amhránaí atá báite sa traidisiún ach a bhíonn ag briseadh talamh nua freisin ann. Is as Iarthar Chiarraí ó dhúchas í agus cé go bhfuil na seanamhráin le brath ar a stíl amhránaíochta, téann siad i bhfeidhm mar sin féin ar shaol an lae inniu.

Bhí Pauline ar dhuine de bhunaitheoirí FairPlé agus bíonn sí ag labhairt amach ar mhaithe le mná sna healaíona, dúthracht atá feiceáil ina cuid oibre agus ina cuid gníomhaíochais. Ina halbam The Unquiet, arna léiriú ag John Reynolds, déantar an t-amhrán traidisiúnta a athshamhlú trí thaithí saoil mhná na linne seo in Éirinn, albam atá faoi anáil a máthar nach maireann, Eileen Scanlon.

Idir a céad albam clúiteach Red Colour Sun agus a cuid oibre le LUMIERE, John Spillane, Dónal Lunny, Damien Dempsey, Sinéad O’Connor agus The Whileaways, tá gairm bheatha iontach bainte amach ag Scanlon, bunaithe ar chomhshaothair agus ar thaibhléirithe aonair araon. Ina láithreoir di do TG4 agus don BBC, is fórsa ríthábhachtach bunaidh fós í i gceol na hÉireann. 
 

Gradam Saoil TG4 2026 – Mickey Dunne

Is é Mickey Dunne duine de na píobairí uilleann is mó a bhfuil meas air in Éirinn, agus tá sé ina mháistir ar an gceol, ar an múineadh, ar an gcumadóireacht, ar an amhránaíocht agus ar phíoba uilleann a dhéanamh agus téann sé i gcion ar lucht an cheoil ina bhaile dúcháis i Luimneach agus i bhfad níos faide i gcéin. Tá cáil ar Mickey as a stíl oscailte ar na píoba uilleann, as an eolas domhain atá aige ar an gceol agus as bheith fial flaithiúil leis an eolas sin. Tá na glúnta ceoltóirí in Éirinn agus ar fud an domhain spreagtha aige.

Tógadh in Prospect é agus tá sé ina chónaí anois i gCathair Chinn Lis, tá ceangal beo ríthábhachtach ag Mickey le traidisiún píobaireachta an Lucht Siúil. Léiríonn a chuid ceardúlachta oidhreacht shaibhir chultúir, agus a bhuí lena cheird ag déanamh na bpíob ní fios cé mhéad ceoltóir a bhfuil píoba agus feagacha sárdhéanta dá chuid acu.

Tá Mickey ag obair le hAcadamh Ceoil agus Rince Domhanda na hÉireann in Ollscoil Luimnigh le fada an lá, agus is iomaí píobaire óg a threoraigh sé agus ar thacaigh sé leo le 30 bliain anuas. Mar aitheantas ar an tsárobair atá déanta aige ar mhaithe le ceol, cultúr agus oideachas na hÉireann, bronnadh Bonn Uachtarán Ollscoil Luimnigh air. Tá ardmheas ar Mickey Dunne agus tá tionchar mór fós aige ar cheol traidisiúnta na hÉireann. 
 

Grúpa Ceoil TG4 2026 – Cherish the Ladies

Tá sé 41 bliain ó bunaíodh Cherish the Ladies, grúpa atá ar thús cadhnaíochta i gceol traidisúnta na hÉireann ó shin agus i measc na ensembles is mó ar domhan a thaitníonn le daoine agus a dtugtar ardmholadh dó. Tá lucht éisteachta ar fud na cruinne curtha faoi gheasa acu a bhuí leis an meascán ardmheanmnach de cheol traidisiúnta na hÉireann, glórtha dochreidte agus damhsa céime den chéad scoth a chuireann siad i láthair.

Bunaíodh an grúpa seo, a bhfuil ainmniúchán Grammy faighe aige, in 1985 agus tá na constaicí sin a bhíodh sa bhealach ar mhná sáraithe aige, é anois i measc ceann de na ensembles mná is faide ar an bhfód, beag beann ar an seánra. D’éirigh leo oidhreacht den scoth a bhaint amach agus 19 n-albam a bhfuil ardmholadh faighte acu a eisiúint agus na mílte ceolchoirmeacha curtha ar stáitsí acu ar fud an domhain – i gceolárais mór le rá, ag na Cluichí Oilimpeacha agus sa Teach Bán. I measc an tsaothair ceoil atá déanta acu i gcomhar le ceoltóirí eile tá níos mó ná 300 taibhléiriú le ceolfhoirne siansacha, a fhágann gurb é an ensemble Popcheoil Cheiltigh is rathúla riamh é.

Is faoi stiúir Joanie Madden atá an ensemble seo ón gcéad lá riamh, fliúiteadóir agus seinnteoir feadóige a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, agus ar bronnadh an National Endowment for the Arts National Heritage Fellowship uirthi, agus is iad Mary Coogan, Mirella Murray, Kathleen Boyle, Nollaig Casey, agus Kate Purcell a leathbhádóirí. I dteannta a chéile, tugann siad ómós do thraidisiún saibhir cheol na hÉireann, traidisiún a fuair gach aon duine acu óna n-athair, ag cur meascán iontach d’uirlisí virtuoso, guthanna áille, damhsa céime thar barr, agus an chroíúlacht agus an gáire le chéile, ar saintréithe anois iad i ngach taibhléiriú de chuid Cherish the Ladies. 
 

Ceoltóirí Óga TG4 2026 – Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta

Is deartháir agus deirfiúr iad Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as an Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara, Co. na Gaillimhe. Bhí siad báite sa cheol sa bhaile, agus níor thóg sé i bhfad orthu cáil a bhaint amach as a gcuid amhránaíochta ar an sean-nós, as an ndlúth-comhcheol agus as an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin i nGaeilge agus i mBéarla.

Chuaigh a leagan den chaoineadh Anach Cuain in 2022 i gcion ar dhaoine i bhfad agus i gcéin, scaip sé go mear ar fud an domhain agus chuala daoine ar fud na cruinne a nglórtha binne den chéad uair. Sárcheoltóirí iluirlise agus damhsóirí Gaelacha iad Séamus agus Caoimhe freisin a mbíonn an Ghaeilge, an traidisiún agus an oidhreacht i gcroílár a gcuid saothar ceoil acu fad a chuireann siad rian de bheocht na hóige agus de thuiscint na linne seo ar amhráin thraidisiúnta.

D’eisigh siad a gcéad gceirnín leathfhada in 2023, dar teideal Séamus & Caoimhe. Ba iad Brian Whelan agus Bill Whelan, a chum Riverdance, a léirigh an ceirnín, lena gcuirtear saibhreas comhcheoil agus fís cheoil Shéamuis agus Chaoimhe i láthair. Tharraing siad an-chuid airde ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025 i Loch Garman, a threisigh an cháil atá orthu ina n-ambasadóirí den scoth ar amhránaíocht, teanga agus cultúr na hÉireann, cáil atá ag dul i méid.

Tá Séamus agus Caoimhe anois ag tabhairt a gcumas ceoil ar fud an domhain, iad ag leanúint de cheol agus de theanga Chonamara a chur os comhair lucht spéise nua. Ainmníodh iad mar na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht Chun Cinn ag Gradaim Ceoil Tíre RTÉ in 2024, gradam a dhearbhaíonn a n-áit i measc na dtaibheoirí óga is spreagúla i gceol na hÉireann sa lá atá inniu ann. 
 

Cumadóir TG4 2026 – Niall Vallely

Tá 30 bliain caite ag Niall Vallely ag tuilleamh an cháil atá air mar dhuine de na ceoltóirí agus cumadóirí is suntasaí in Éirinn. Rugadh in Ard Mhacha é in 1970 agus thosaigh a mhuintir, Brian agus Eithne Vallely, ag múineadh dó leis an gconsairtín a sheinm nuair a bhí sé seacht mbliana d’aois. Ba iad Brian agus Eithne a bhunaigh Píobairí Ard Mhacha.

Thosaigh Niall ar chúrsa ceoil in UCC i gCorcaigh in 1988 agus is ann atá sé ó shin. Chuir sé tús lena ghairm idirnáisiúnta taibhléirithe ansin, ag taifeadadh agus ag dul ar camchuairt le Nomos, Buille, Karan Casey, Paddy Keenan, Tim O’Brien agus Cassandra Wilson.

Tá cáil air as a stíl shainiúil ar an gconsairtín agus as a shaothair cháiliúla, tá a chuid fonn le cloisteáil ar níos mó ná 80 albam agus is gnáthnós anois é ag daoine na foinn sin a sheinm i seisiúin ar fud an domhain. Tá mórshaothair dá chuid coimisiúnaithe ag TG4, RTÉ, BBC, ag Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí, ag an Crash Ensemble, Boston Pops Orchestra agus neart eile.

Bhain Niall PhD sa chumadóireacht amach in UCC sa bhliain 2018. Tá sé fós ag cumadh, ag ceol agus ag obair le ceoltóirí eile ar fud an domhain. Eiseoidh sé albam nua i samhradh 2026 dar teideal Sun Lines i gcomhar leis an ngiotáraí as an gCongó Niwel Tsumbu agus leis an bhfidléir as Meiriceá Liz Knowles agus beidh comhcheol idir an triúr agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann ag Féile Ealaíon Chill Chainnigh ar an albam freisin. 
 

Gradam Comaoine TG4 2026 – The Tulla Céilí Band

Is mór an cháil atá ar The Tulla Céilí Band i gceol traidisiúnta na hÉireann. Bunaíodh an grúpa i gContae an Chláir ochtó bliain ó sin in 1946 agus níor stop an ceol ó shin, iad ag cur brí, rithim agus anam cheol Oirthear an Chlár os comhair damhsoirí agus lucht éisteachta sa bhaile agus thar lear.

Ba bhanna céilí amach agus amach a bhí sa ghrúpa ón lá ar bunaíodh é, ós rud é go raibh ceoltóirí mór le rá, lena n-áirítear Paddy Canny, P.J. Hayes agus Joe Cooley, i measc na gceoltóirí a bhain leis an tráth sin. Tá cáil bainte amach ag an mbanna ó shin i leith as an dúthracht, cruinneas agus fuaim ensemble a bhaineann leis, é ag déanamh a chuid chun ceol damhsa na hÉireann a chaomhnú agus a cheiliúradh leis na glúnta.

Tá mórdhuaiseanna bronnta ar The Tulla Céilí Band ag Fleadh Cheoil na hÉireann, lena n-áirítear craobh banna céilí na hÉireann in 1957 agus in 1960, agus is sainiúil an ról atá ag an mbanna i scéal cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá an banna ag ceiliúradh 80 bliain ó bunaíodh é i mbliana, is fórsa tábhachtach agus buan fós é a chuireann fonn damhsa ar dhamhsóirí agus fonn éirí ar dhuine ar bith a bhíonn ag éisteacht leo. 

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: