Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deis é seo do Scoláirí Idirbhliana tabhairt faoi Chúrsa Iriseoireachta

26.11.26

iriseoir an Lae Amárach
 

Ar mhaith leat a bheith i d’iriseoir? 
Deis é seo do Scoláirí Idirbhliana tabhairt faoi Chúrsa Iriseoireachta
 

Cláraigh don chúrsa iontach seo: Iriseoirí an Lae Amárach – COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeiltachta agus Gaelscolaíochta
 

Seo do sheans a bheith i d’iriseoir.
Reachtálfaidh TG4, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus Ollscoil na Gaillimhe an Cúrsa Iriseoirí an Lae Amárach i mí Eanáir agus Feabhra 2027 le tacaíocht ó Macha Media.
 

Tá an cúrsa dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus tabharfar deis do na daltaí scileanna iriseoireachta a fhoghlaim ó shaineolaithe a bhfuil taithí na mblianta acu ag obair sna meáin chumarsáide.
 

Beidh deis ag na scoláirí na scileanna a fhoghlaim atá ag teastáil le mír MOJO a chur le chéile. Is cúrsa lae praiticiúil (agus réamhchúrsa ar líne) é seo agus beidh neart le foghlaim ag scoláirí:  scileanna agallaimh, scileanna ceamara agus scileanna eagarthóireachta ina measc. 
 

Tá an cúrsa seo urraithe ag TG4 agus COGG. Beidh seisiún amháin ar líne agus cuirfear cúig lá phraiticiúla ar bun ó cheann ceann na tíre chomh maith. Tá ionad nua i mBéal Feirste san áireamh i mbliana den chéad uair riamh. 
 

  • Dé Máirt an 12 Eanáir: réamhchúrsa ar líne do chách
  • Dé Máirt an 19 Eanáir: Skainos Centre, Béal Feirste
  • Dé Céadaoin an 20 Eanáir: An Chúirt, Gaoth Dobhair
  • Dé Máirt an 26 Eanáir: Louis Fitzgerald, Baile Átha Cliath
  • Dé Céadaoin an 27 Eanáir: Campas Íosagáin, Baile Bhuirne
  • Dé Máirt an 2 Feabhra: Óstán Chois Fharraige, Gaillimh

 

Iarrtar ar scoileanna áiteanna a chur in áirithe tríd an suíomh Iriseoirí an Lae Amárach – COGG | An Chomhairle um Oideachas Gaeiltachta agus Gaelscolaíochta chomh luath agus is féidir chun áiteanna a chinntiú.
 

Cuirfear acmhainní teagaisc agus foghlama ‘Iriseoirí an Lae Amárach’, ar fáil ar an lá a bheidh mar chúnamh sa seomra ranga agus múinteoirí agus scoláirí ag iarraidh iarratas a dhéanamh ar chomórtas Iriseoirí an Lae Amárach 2027.
 

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín: “Tá an iriseoireacht Ghaeilge ina bunchloch lárnach ag sheirbhís TG4 agus cuireann muid fáilte roimh an gcúrsa nua seo.”
 

Agus í ag fáiltiú roimh Iriseoirí an Lae Amárach, dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Jacqueline Ní Fhearghusa, “I gcomhthéacs Ráiteas Chlár na hIdirbhliana, is deis iontach é an cúrsa Iriseoirí an Lae Amárach do scoláirí na hidirbhliana. Clúdaíonn an cúrsa na gnéithe scoláire go léir: fás pearsanta, a bheith i d’fhoghlaimeoir, rannpháirtíocht shibhialta agus phobail agus taighde gairme. Léiríonn sé an tábhacht a bhaineann leis an iriseoireacht, le teacht ar scéalta suimiúla thart timpeall orthu agus le bheith in ann tuairisciú agus scéal a insint do lucht féachana agus lucht éisteachta. Is comhpháirtíocht an-dearfach é seo le bheith ag obair le Foghlaim TG4, le hOllscoil na Gaillimhe agus le Macha Media.”
 

Is é Dé hAoine an 11 Nollaig an spriocdháta do scoileanna chun clárú le haghaidh Iriseoirí an Lae Amárach 2027.
 

 

Teangmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Laura Pakenham, Foghlaim TG4 | laura.pakenham@tg4.ie


Cuir aithne orainn: