Preas
TG4 ag ceiliúradh 30 bliain a bhunaithe le mórsheoltaí nua le tús a chur le ré nua dána
29.10.26

Blaisín ‘Súil Eile’
Íomhánna
Déanfaidh TG4 ceiliúradh ar 30 bliain ar an aer ar Oíche Shamhna, le sraith seoltaí a thabharfaidh léiriú ar thodhchaí an chraoltóra.
Tá athrú mór tagtha ar an gcainéal ó chuaigh sé ar an aer den chéad uair an 31 Deireadh Fómhair 1996 ó chaineál teilifíse Gaeilge go seirbhís ilmheán a bhfuil tionchar láidir cultúir, cruthaitheach agus eacnamaíoch aige. Mar chuid den fhorbairt sin seoladh Cúla 4 in 2023, cainéal atá dírithe go hiomlán ar ábhar Gaeilge do leanaí agus do dhaoine óga.
Seolfaidh TG4 mórfheachtas nua do ‘Súil Eile’ chomh maith le TG4+ leagan nuadheartha agus níos fearr de sheinnteoir TG4 ar Oíche Shamhna, in éineacht le seirbhís nuachta digití Nuacht TG4 roimh dheireadh na bliana. Is léiriú iad na nithe sin ar fad ar na céimeanna móra atá glactha ag TG4 chun ullmhú don todhchaí agus agus is léiriú freisin iad ar uaillmhian TG4 don 30 bliain atá le teacht.

Deir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
An oíche ar seoladh TnaG in 1996, dúirt Michael D Higgins, an tAire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ag an am “Táim ag tnúth leis an am a bheidh Teilifís na Gaeilge ina rogha, ní hamháin i measc na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge mar a dteanga laethúil ach freisin i measc thromlach phobal na tíre atá fabhrach don teanga agus a aithníonn a sainiúlacht agus a tábhacht bhunúsach mar chuid dár gcultúr.”
“Nuair a seoladh TnaG, cuireadh tús le ré nua spreagúil don Ghaeilge ó thaobh na cruthaitheachta agus an aitheantais chultúir. Mar Ard-Stiúrthóir ar TG4, ní hamháin go bhfuil sé de phribhléid agam súil a chaitheamh siar ar an scéal TG4 go dtí seo, ach tá sé de fhreagracht orm freisin a chinntiú go bhfuil TG4 ullamh don todhchaí digiteach. Tá athrú ó bhun tagtha ar an tírdhreach meán cumarsáide ó bunaíodh an stáisiún in 1996 ach tá an cuspóir atá againn chomh tábhachtach is a bhí riamh: freastal ar an lucht féachana le hábhar Gaeilge sainiúil agus ar ardchaighdeán agus a chinntiú go bhfuil áit lárnach ag TG4 i saol an lae inniu.”
Tuiscint ar an tSúil Eile i ré seo an rogha
Tugann TG4 léargas éagsúil ar an saol in Éirinn. Tugann Súil Eile agus an Ghaeilge léiriú agus dearcadh eile ar an saol trí scéalaíocht shainiúil ina gcuirtear an chruthaitheacht chun cinn agus a thugann léiriú ar shaol agus ar thaithí phobal na tíre agus ar na hábhair is mó a bhfuil suim ag an bpobal iontu.
Tá athrú ó bhonn curtha ag seirbhísí sruthaithe domhanda, ag meáin seirbhíse poiblí, ag na meáin shóisialta agus ag feistí ceangailte ar an mbealach a ndéantar cláir a aimsiú, a rochtain agus a bhreathnú. Sa timpeallacht sin, ní mór dúinn machnamh a dhéanamh ar atá i gceist le Súil Eile do lucht féachana an lae inniu, i ré seo an rogha agus mar atá TG4 in ann a bheith sainiúil, ábhartha agus den tábhacht i saol na ndaoine.
Rinneamar coimisiúnú i mbliana ar thaighde ó Bricolage, gíomhaireacht taighde margaidh, chun cuidiú linn tuiscint a fháil ar mhianta agus an méid a theastaíonn ón lucht féachana ó TG4, agus ar na nithe a spreagann iad agus mar a mhothaíonn siad ag féachaint ar ábhar TG4. Ceann de na torthaí ba spreagúla ná gur mhothaigh an lucht féachana bródúil ag féachaint ar TG4. Ar fud na ngrúpaí lucht féachana ar fad, is siamsaíocht agus giúmar a smachtú bhí chun cinn mar na riachtanais is mó.
Cuideoidh torthaí na taighde linn maidir leis an gcaoi a dtabharfar faoi straitéis ábhair, sceidealú, margaíocht agus láithreacht bhranda amach anseo. Neartaíonn sé dúinne an tuiscint nach mór an lucht féachana a bheith i gcroílár an uile ní a dhéanaimid. Ag an am céanna caithfimid leanúint ag cur ábhair ar fáil nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile. Ní aithris a dhéanamh ar ábhar eile nó tuilleadh ábhair a chur ar fáil an freagra. Ach an chruthaitheacht a spreagadh: ip bunaidh a chruthú chomh maith leis na dálaí inar féidir le tallann, smaointe agus uaillmhian bláthú, tacú le guthanna nua agus é a chur ar chumas ár léiritheoirí dul sa seans, a bheith nuálaíoch agus scéalta sainiúla a insint.
I gcroílar cheiliúradh 30 bliain TG4 tá an feachtas nua ‘Súil Eile’, ina n-iarraimid ar an lucht féachana smaoineamh ar an mbeocht a bhaineann le TG4 agus leis an nGaeilge agus an léargas ar leith a thugtar leo. Tugann an feachtas, a forbraíodh i gcomhar le The Tenth Man agus an lucht scannán McGloughlin Brothers, beocht don bhrí atá le TG4 i bhfoirm scannáin agus grianghrafadóireachta, agus obair nua leis an ngrianghrafadóir Kevin Goss-Ross mar chuid de.
Cruthaitheacht a ghluaiseann
“Tugann siad saoirse duit. Ní cheistíonn siad tú. Más maith leo an smaoineamh, ligfidh siad duit do chuid féin a dhéanamh de agus ní bheidh siad ag faire go síoraí ort ná ag cur isteach an iomarca ar an léiriú féin, rud is minic le seónna eile a dhéanamh…Sin é an t-údar a mbíonn ábhar ar TG4 atá neamhghnách nó níos dána ná cainéil eile. Agus nár stada sin”: Robert Quinn, Stiúrthóir.
Agus muid ag teannadh le cothrom 30 bliain ár mbunaithe, tá níos mó deiseanna anois ná riamh dul ag obair i gcomhar le TG4.
D’oibríomar le 79 gcomhlacht léiriúcháin ar fud na tíre i 2025 agus gineadh tuairim is €92.8 milliún don gheilleagar chomh maith le tacú le 1,460 post ar fud na tíre.
Sna deich mbliana atá ag teacht nó go mbeidh TG4 dhá scór bliain, ní leor dúinn dul in oiriúint do thírdhreach meán cumarsáide atá ag athrú. Ba mhaith liom go mbeadh tionchar againn ar an tírdhreach sin a mhúnlú.
Leanfaidh an teicneolaíocht ag forbairt. Tiocfaidh athrú ar mhúnlaí dáilte, agus méadú ar a mbeidh an lucht féachana ag súil leis. Ach tá aon rud amháin nach n-athróidh: is é sin go mbeidh an chruthaitheacht i gcroílár gach a ndéanfaidh TG4.
Is é TG4 Súil Eile sin againne. Is ceangal an cainéal leis an nGaeltacht, leis na Gaeil agus na pobail a bhíonn le feiceáil ar an scáileán. Is léiriú é ar ár misean, tugann sé beocht don teanga agus cuireann i lár an aicsin í agus cuireann sé ar ár gcumas na scéalta sin a bhaineann linne a insint.
Domsa, is léiriú iad na tionscnaimh seo ar phrionsabal den tábhacht: ní mór don chruthaitheacht a bheith i gcroílár ngach a ndéanfaidh TG4 amach anseo beag beann ar an ardán, ar an bhformáid nó scáileán ar a dtapaíonn an lucht féachana ár gcuid oibre.
Fógrófar conarthaí d’ábhar nua roimh dheireadh na bliana leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách ina measc trí cinn atá leagtha amach le bronnadh ar chomhlachtaí taobh amuigh de Chonamara. Cuirfidh an infheistíocht borradh faoi gheilleagair na gceantar Gaeltachta, chomh maith le cnuasaigh léiriúcháin nua a spreagadh agus láidreoidh sé acmhainn na cruthaitheachta ar fud na réigiún.
Rinneamar ceiliúradh ar 25 bliain den chomhpháirtíocht le Peil na mBan i mbliana freisin agus tá síneadh curtha againn leis an urraíocht agus le craoladh Chraobhchomórtas Pheil na mBan go dtí 2032.
Seolfaimid seirbhís nua nuachta digití le haghaidh Nuacht TG4 roimh dheireadh na bliana le freastal níos fearr ar an lucht féachana atá ag lorg an nuacht ar líne, agus leis sin beidh teacht níos mó ar iriseoireacht i nGaeilge. Bhí Cúla4, cainéal leanaí TG4, 3 bliana ar an aer i mí Mheán Fómhair. Táim thar a bheith sásta go bhfuilimid ag leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i lucht féachana níos óige agus sa gcéad ghlúin eile cainteoirí Gaeilge.
Is mó ná coimisiúnú i bhfad atá i gceist le tiomantas TG4. Trí chomhpháirtíocht nua trí bliana le hÚdarás na Gaeltachta, in éineacht déanfar infheistíocht €1.2 milliún sa bhliain chun tacú le scileanna a fhorbairt agus an earnáil léiriúcháin neamhspleách a neartú. Is mian liom tacú leis na dálaí a chruthú inar féidir le gnólachtaí cruthaitheacha fás, inar féidir le talann forbairt agus inar féidir luach cultúir agus eacnamaíocht na léiriúchán Gaeilge a thabhairt chun fíre ar fud na Gaeltachta agus lasmuigh de.
Ag athrú leis an lucht féachana agus leis an teicneolaíocht
Tá an bealach a dtapaíonn daoine an teilifís ag athrú go pras. Tá lear mór teaghlach, agus sin ag dul i méid, ag féachaint ar an teilifís ar ghairis atá ceangailte tríd an idirlíon agus ag sruthú seirbhísí seachas a bheith ag brath ar aeróg thraidisiúnta, ar chábla nó ar dháileadh satailíte. Tá méadú ar an líon tithe a bhfuil Teilifís Chliste ann agus tá athrú ag teacht an t-am ar fad ar nósmhaireachtaí féachana an lucht féachana.
Tá TG4 ag freagairt do na hathruithe sin le roinnt blianta. Ach tá forbairtí margaidh agus teicneolaíochtaí ag gluaiseacht chomh tréan go bhfuil sé ag cinneadh ar an reachtaíocht coinneáil leo. Ní mór na meáin seirbhíse poiblí a bheith ar fáil agus inaimsithe in áit ar bith ar mian leis an lucht féachana breathnú orthu.
TG4+: Céim mhór chun cinn i dtodhchaí dhigiteach TG4

Is é TG4+ leagan nua de Sheinnteoir TG4 a sheolfar ar Oíche Shamhna. Tríd an tseirbhís nua, tá TG4 ag féachaint chun cinn mar sheirbhís ilmheán atá ardán-neodrach. Cuirfidh TG4+ éispéireas féachana i bhfad fearr ar fáil don lucht féachana. Cuirfidh sé feabhas ar thaithí an úsáideora chomh maith agus leis an méid atá an lucht féachana ag súil le ar líne chomh maith le lear mór ábhair a bheidh ar fáil don lucht féachana ar fud an domhain.
Beidh teacht ar:
- 690+ boscra,
- 9,200+ clár
- 4,600+ uair an chloig d’ábhar ar an ardán
- 50 uair an chloig drámaíochta sa bhreis le fotheidil Ghaeilge
Mar ghné nua, agus chun tuilleadh feabhais a chur ar thaithí an úsáideora, tá 50 uair an chloig d’ábhar drámaíochta agus scannáin ar TG4+ a bhfuil rogha agat breathnú air le fotheidil Ghaeilge agus tabharfaidh sin deis d’fhoghlaimeoirí na teanga feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí bheith ag breathnú, ag éisteacht agus ag léamh na teanga ag an am céanna. Tá rogha freisin ag daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá, breathnú ar an ábhar le fotheidil Ghaeilge, agus sásóidh sé sin na bealaí difriúla atá ag an lucht féachana le bheith ag breathnú ar chláir Ghaeilge ar an ardán agus cuirfidh sé freisin le gnáthúsáid na bhfotheideal ar ardáin sruthaithe.
Seolfar an dara sraith ina iomláine den dráma coiriúlachta CRÁ ar TG4+ ar an 3ú Samhain.
Cur chuige ardán-neodrach a ghlacadh – sin é an rún atá againn: cláir agus scéalta a fhorbairt agus a dháileadh ar bhealaí a fhreagraíonn don méid a theastaíonn ón lucht féachana, a bheith inaimsithe a mhéid is féidir agus luach ar airgead poiblí a chur ar fáil ar fud na n-ardán digiteach agus craoltóireachta. Iarraimid go ndéanfaí forálacha suntastacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022 a chur i bhfeidhm. Tá na forálacha sin thar bheith tábhachtach lena chinntiú go mbeidh na meáin seirbhíse poiblí infheicthe agus inrochtana de réir mar a ghluaiseann an lucht féachana i dtreo teilifís cheangailte agus dáileadh ip agus digiteach.
Ní mór do TG4 maoiniú cuí a fháil agus ní mór dó TG4 a bheith le fáil go héasca. Tá an dá rud riachtanach má táimid chun an cúram seirbhíse poiblí atá orainn a chomhlíonadh, chun cruthaitheacht i nGaeilge a chothú agus a chinntiú go mbeidh teacht ag an lucht féachana ar chláir Ghaeilge shainiúla i dtimpeallacht meán atá ag fáil níos iomaíche in aghaidh an lae.
Tá TG4, murab ionann agus go leor soláthraithe meán seirbhíse poiblí san Eoraip, ag feidhmiú fós gan socrú maoinithe ilbhliantúil a bheith déanta. Éilítear faoin nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA) go gcuirfí maoiniú ilbhliantúil atá leordhóthanach, inbhuanaithe agus intuartha ar fáil do na meáin seirbhíse poiblí. Tá Éire, mar atá faoi láthair, i measc na maoinitheoirí is ísle san Eoraip ó thaobh na meáin seirbhíse poiblí a mhaoiniú. Léirítear i dtaighde de chuid Aontas Craoltóireachta na hEorpa nach n-infheistíonn Éire ach 0.07% den OTI sna meáin seirbhíse poiblí, i gcomparáid le meán infheistíochta an AE, is é sin 0.14%.
Anois agus muid tríocha bliain ar an bhfód, is ríléir dúinn an cuspóir atá againn. Táimid ann chun meán seirbhíse poiblí sainiúil a chur ar fáil a dhéanann freastal ar an lucht féachana, a threisíonn an teanga agus a shaibhríonn saol cultúir agus cruthaitheach na hÉireann. Is cuspóir é sin nach náireach domsa a thabhairt chun cinn agus is cuspóir é atá níos tábhachtaí anois ná riamh.
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie