Preas
Réalt na Mara - An Pheil, Na Trioblóidí agus An Iarmhairt
Dáta craolta: Dé Máirt, an 20 Deireadh Fómhair 2026 - 9:30pm
19.10.26

Is é Réalt na Mara – An Pheil, Na Trioblóidí agus An Iarmhairt an chéad fhadchlár faisnéise ón stiúrthóir James Wynne, agus léiríodh é le tacaíocht ó TG4 agus ó Choimisiún na Meán.
Bhí an fhoireann Réalt na Mara i mBéal Feirste ar cheann de na foirne peile óige ba mhó rath in Éirinn sna 1960idí, foireann ar ar imir Caitliceacha agus Protastúnacha le taobh a chéile tráth a raibh easaontas ag treisiú idir an dá phobal. Ach de réir mar a tháinig na Trioblóidí i dtreis, scriosadh an fhoireann agus athraíodh saol na n-imreoirí go deo.
Ciorrófar an chaoi ar tharraing an seicteachas an fhoireann as a chéile sa chlár faisnéise agus caithfear súil ghrinn ar na hiarmhairtí tragóideacha a bhí mar thoradh air sin trí shúile imreoirí ar nós Raymond McCord, Denis Sweeney, Geordie Hussey agus Dessie Black. Cé gur thug na himreoirí sin cúl leis an seicteachas, chuaigh na Trioblóidí i bhfeidhm orthu ar bhealaí an-éagsúil go deo.
Scéal aistear neamhghnách na n-iar-chomhimreoirí sin is ea Réalt na Mara (Star of the Sea). Bhí Raymond McCord ar dhuine de na comhimreoirí, sárpheileadóir óg a fuair deis trialacha a dhéanamh le Manchester United agus a tháinig chun bheith ar dhuine de na feachtasóirí is mó le rá i dTuaisceart Éireann ar son chearta na n-íospartach nuair a dúnmharaíodh a mhac, Raymond McCord Óg, in 1997.
Bhí baint ag triúr de na hiarimreoirí le heagraíochtaí paraimíleata níos faide anonn. Bhí Bobby Sands ina bhall den IRA agus fuair sé bás le linn stailc ocrais na bliana 1981. Bhí Michael Acheson agus Terry Nicholl ina mbaill den UVF agus chaith siad tréimhsí i bpríosún an Maze.
Is beag nár maraíodh Denis Sweeney i mbuamáil tí tábhairne. Bhí tionchar ag an eachtra sin ar a chinneadh a bheith ina dhochtúir. Cara mór le Bobby Sands arbh ea Tommy O’Neill nuair a bhí siad óg. Chuaigh corraíl agus foréigean na dTrioblóidí i bhfeidhm go mór ar a shaol, agus fuair sé bás agus gan é ach sna tríochaidí.
Is éard a dúirt James Wynne, stiúrthóir an scannáin, nuair a chuala sé go mbeidh an scannán á chraoladh ar TG4:
“Bhí mé an-tógtha leis an scéal seo, mar gurbh é an meon a bhí taobh thiar de Chlub Óige Réalt na Mara ar dtús sna 1960idí an cineál meoin chéanna sin atá ag teacht chun cinn arís sa lá atá inniu ann, agus Tuaisceart Éireann ag dul i ngleic le síocháin atá leochaileach. Sáreiseamláirí a bhí sna himreoirí sin, ach mar sin féin, chuaigh na Trioblóidí i bhfeidhm go mór orthu. In ainneoin an anoird, an fhoréigin agus an duaircis a d’fhulaing siad, is ábhar inspioráide amach is amach é leithéid Raymond McCord a fheiceáil ag teacht chun cinn mar fheachtasóir mór le rá ar son chearta na n-íospartach. Tá súil agam go dtabharfaidh an scéal seo spreagadh dúinn uile gach ar féidir linn a dhéanamh chun an tsíocháin ar ár n-oileán a chosaint i gcónaí.”
Taispeánadh Réalt na Mara – An Pheil, Na Trioblóidí agus An Iarmhairt den chéad uair le linn Fhleadh Scannán na Gaillimhe i mí Iúil na bliana seo. Craolfar é ar TG4 Dé Máirt, an 20 Deireadh Fómhair, ag 9.30pm.
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie