Preas
Rath as cuimse ar Fhleadh Cheoil na hÉireann ar ardáin Teilifíse, Dhigiteacha agus Shóisialta TG4
19.08.26

Is cúis cheiliúrtha é do TG4 gur éirigh thar cionn lena chlúdach ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026, agus slua mór daoine ag faire air ar an teilifís, ar Sheinnteoir TG4, ar YouTube agus ar na meáin shóisialta.
Ina Chomhpháirtí Meán Oifigiúil d’Fhleadh Cheoil na hÉireann, d’oibrigh TG4 le Comhaltas chun léargas a thabhairt ar spiorad, ar fhuinneamh agus ar fhuaim uathúil na Fleidhe i mBéal Feirste agus é a roinnt le lucht féachana sa bhaile agus thar lear.
AR AN TEILIFÍS
Rinneadh clúdach beo ar Fleadh26 ceithre oíche as a chéile ar TG4, trínar tugadh ardán do bhreis agus 400 taibheoir. De réir na bhfigiúirí comhdhlúite, sroicheadh 456,300* duine thar cheithre oíche den chlúdach a cuireadh ar fáil ar TG4. Ba é oíche Dé hAoine an oíche ba mhó lucht féachana nuair a tarraingíodh meánlucht féachana thart ar 80,000 duine.**
AR NA hARADÁIN DHIGITEACHA
D’éirigh thar cionn leis an gclúdach ar na hardáin dhigiteacha freisin, i gcomparáid le figiúirí 2025 an tSeinnteora, agus breathnaíodh 75,000 uair ar chlúdach YouTube Trad TG4 ar an gcomórtas go dtí seo.
AR NA MEÁIN SHÓISIALTA
Breathnaíodh 4.4 milliún uair ar fhíseáin a bhain le hábhar meán sóisialta ón bhfleadh ar chainéil shóisialta TG4, Trad TG4 agus Cúla4.
I measc na bhfíseán is mó ar breathnaíodh orthu go dtí seo tá “I’m too busy” le buaiteoir chomórtas scéalaíochta faoi 12 na Fleidhe: Ciarán de Buitléir, Craobh Caiseal Mumhan CCÉ, Tiobraid Árann ar breathnaíodh 187,000 uair air, físeán Bhanna Céilí Lios an Daill – Buaiteoirí Chomórtas na mBannaí Céilí 2026 ar breathnaíodh 155,600 uair air agus an físeán de chlann agus cairde Dolores Keane ar breathnaíodh 150,700 uair air.
“I’m Too Busy” – Ciarán de Buitléir – Instagram
The Lissadell Céilí Band – Buaiteoirí Chomórtas na mBannaí Céilí 2026: Instagram
Ba é an comhlacht léiriúcháin neamhspleách Power Pictures, a léirigh cláir bheo Fleadh26 TG4, agus ba é Telegael a léirigh clúdach breise de na comórtais d’ardán YouTube Trad TG4.
Dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4:
“Táimid fíormhórtasach as clúdach TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste. Ina chomhpháirtí craoltóireachta beo, chuir TG4 ceithre oíche de sheónna beo agus de chlúdach ar na comórtais ar fáil. Gabhaim buíochas lenár gcomhpháirtithe léiriúcháin, Power Pictures agus Telegael, as an gclúdach a chuir siad ar fáil ar Fleadh26 agus Fleadh26: Na Comórtais, agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Coiste Feidhmiúcháin na Fleidhe agus gach duine a rinne seachtain an-speisialta ar fad den tseachtain i mBéal Feirste, go háirithe na taibheoirí, na ceoltóirí agus na hiomaitheoirí a bhí i gcroílár na Fleidhe.”
Tharraing Fleadh Cheoil na hÉireann 1.6 milliún cuairteoir chuig Béal Feirste agus tá cartlann shaibhir de cheol, de thaibhléirithe agus d’atmaisféar na seachtaine curtha le chéile ag TG4 le go mbeidh na milliúin duine eile iad féin in ann sult a bhaint as. Is fada linn go mbeidh muid ar ais i mBéal Feirste an bhliain seo chugainn i gcomhair Fleadh27.
* (TAM Ireland, Aimsiú Iomlán Comhdhlúite Lucht Féachana, Daoine Aonair 4+)
** (TAM Ireland, Meánlucht Féachana Comhdhlúite, Daoine Aonair 4+)
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghriofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie