Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cartlann TG4 Seolta: Áis Taighde a Chumasaínn Bealach Nua le Breathnú Siar

11.06.26


 

Blaisín:

 
Nasc: Cartlann TG4
 
Sheol TG4 ‘Cartlann TG4’ Déardaoin an 11 Meitheamh 2026 i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) i mBaile Átha Cliath agus an stáisiún ag fáil faoi réir le 30 bliain ar an aer a cheiliúradh i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo.
 
Is mian le TG4 cur leis an rochtain atá ar chartlann dhigiteach an stáisiúin. Tá taisce luachmhar ilghnéitheach ábhair i gCartlann TG4, ina léirítear stair, cultúr, ceol, spórt, nuacht, cúrsaí reatha, siamsaíocht agus saol pobail na hÉireann trí mheán na Gaeilge.
 
Tá breis is 50,000 uair a chloig d’abhar Gaeilge craolta ag TG4 ó chuaigh sé ar an aer tríocha bliain ó shin i mí Dheireadh Fómhair 1996.
 
Ó bunaíodh TG4 in 1996 go dtí 2012, stóráladh na cláir i gcartlann fístéipeanna TG4. Tá Cartlann TG4 ag digitiú an ábhair seo go leanúnach. Is é an t-ábhar digitithe sin, den chuid is mó, atá le fáil sa leagan reatha den suíomh seo. Déanadh an obair chaomhnaithe sin i bpáirt le Europus agus le tacaíocht ó mhaoiniú a fuarthas faoin Scéim Maoinithe Craolacháin 154(1)(e)1. Tá rochtain ar an gcuid eile de faighte le cead ó Chartlann RTÉ agus Ros na Rún agus táimid faoi chomaoin acu.
 
Is é an sprioc atá againn Cartlann Taighde Dhigiteach TG4 bheo a bheith againn. Ciallaíonn seo go mbeimid ag cur leis an suíomh go leanúnach. Tá ábhar nua digitithe ó théipeanna na bliana 1996 suas go dtí an bhliain 2011 agus tá ábhar ó 2012 i leith á réiteach againn lena uaslódáil go dtí an suíomh.
 
Tá breis is 9,000 clár le fáil faoi láthair ar an suíomh seo. Is suíomh é atá dírithe ar an taighdeoir. Tá an leagan amach intuigthe iomasach. Tá bealaí ann le cuardach simplí agus casta a dhéanamh de réir dáta, seánra agus réimse. Tá aon réimse dhéag ann chun an t-ábhar a scagadh mar shampla teideal, cur síos, mír chatalóige agus logainm. Tá spásanna oibre praiticiúla ar fáil don úsáideoir chun liosta cuardaigh, liostaí ábhar agus gearrthóga a shábháil.
 
Ní mór clárú ar www.cartlann.tg4.ie chun go mbeidh tú ábalta rochtain a fháil ar an tseirbhís seo. Tá trí leibhéal éagsúla inrochtana ann ag brath ar ról an úsáideora taighde – Is iad na leibhéil sin rochtain 1) Poiblí, 2) Oideachas 3) Léiriúchán. Roghnaítear an leibhéal rochtana bunaithe ar an úsáid atá beartaithe. Tá infheictheacht an ábhair bunaithe ar an leibhéal rochtana.
 

Is éard a dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:

“Agus TG4 ag druidim le 30 bliain ar an aer i mí Dheireadh Fómhair, tá sé tráthúil go bhfuilimid ag cur leis an rochtain atá ar Chartlann TG4. Is cuid lárnach d’oidhreacht chultúrtha agus chraoltóireachta na hÉireann í an chartlann seo. Mar gheall ar ábhar TG4 tá glór, léargas agus ardán tugtha do phobail, d’ealaíontóirí, do cheoltóirí, do lúthchleasaithe, do lucht nuachta agus do scéalaithe ar fud na tíre le tríocha bliain anuas. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí an saibhreas sin a chaomhnú, a chatalógú agus a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.”
 

Tá Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Ceannasaí Cartlainne TG4, i gceannas ar fhorbairt leanúnach na cartlainne. Tá saineolas cuimsitheach aici ar ábhar na cartlainne ó tharla í a bheith ag obair le fada an lá le TG4 agus ó tharla obair cheannródaíoch a bheith déanta aici i bhforbairt chartlainne roimhe seo.
 
Is éard a dúirt Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Ceannasaí Cartlainne TG4:

“Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuilimidne, TG4, 30 bliana ar an bhfód. Táim brodúil as a bhfuil bainte amach againn agus ar bís ábhar cartlanna TG4 a roinnt. Cuirfidh an suíomh seo le cumas óg agus aosta ábhar físe a aimsiú agus a gcuid taighde féin a dhéanamh ar saol , teanga agus cultúr na hÉireann. Tá buíochas ar leith ag dul do Risteárd Ó hAodha a d’fhorbair an suíomh, do Shinéad Ní Chadhain a dhear an suíomh agus do mo chomhghleacaithe i TG4 – Cartlann, Teicneolaíocht, Ardáin, Grafaicí agus Dlí. Más taighdeoir, mac léinn nó léiritheoir thú a bhfuil spéis agat i stair chraoltóireacht na hÉireann cláraigh ar www.cartlann.tg4.ie agus bain trial as!”
 

Deis a bhí i seoladh an 11 Meitheamh 2026 áis nua taighde Chartlann TG4 a chur i láthair, agus léargas a thabhairt ar an obair leanúnach atá ar siúl chun ábhar TG4 a chaomhnú, a chatalógú agus a chur ar fáil don pobal úsáideoirí.
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: