Preas
Craolfar 16 Rás Beo ar TG4 agus beidh Rásaí Beo ag Filleadh ar Rásaí na Gaillimhe
TG4 Beo ó Rásaí na Gaillimhe Dé hAoine an 31 Iúil agus Dé Sathairn an 1 Lúnasa
24.07.26

Tá ríméad ar TG4 a dheimhniú go mbeidh dhá lá de chlúdach beo ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe 2026, agus Rásaí Beo ag craoladh breis agus ceithre uair an chloig d’aicsean beo Dé hAoine an 31 Iúil agus Dé Sathairn an 1 Lúnasa.
Tá Rásaí na Gaillimhe ar cheann de bhuaicphointí fhéilire spóirt na hÉireann agus beidh Rásaí Beo ag filleadh ar Bhaile an Bhriotaigh do dheireadh seachtaine eile de dhrámaíocht rásaíochta capaill nár cheart a chailleadh. Craolfar gach ceann de na 16 rás thar an dá lá beo, lena n-áirítear príomhrás an Aoine, The Guinness Handicap (6:35pm), a bhuaigh Nans View in 2025, capall a bhí traenáilte ag Jarlath Fahey agus Lee Roach sa diallait, agus buaic-rás an tSathairn, an BoyleSports Galway Tribes Handicap Hurdle (2:37pm), a bhuaigh Come On The Lads anuraidh, agus Eoin Staples sa diallait agus Gavin Cromwell ina thraenálaí.
Beidh foireann Rásaí Beo ar an láthair le hanailís shaineolach agus tráchtaireacht chuimsitheach. Beidh an láithreoir Seán Bán Breathnach i gceannas ar an gclúdach in éineacht leis na hanailísithe Mánus Ó Conghaile agus Sarah Lynam. Beidh Daragh Ó Conchúir agus Meghann Scully ag tuairisciú ó thaobh an ráille agus ó áiteanna éagsúla timpeall an ráschúrsa, agus beidh Mike Ó Sé i mbun tráchtaireachta.
Tá Rásaí Beo á léiriú ag Nemeton TV, atá lonnaithe i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge. Is í an fhoireann léiriúcháin chéanna atá taobh thiar de na cláir mhóréilimh Laochra Gael, Peil na mBan Beo agus GAA Beo ar TG4.
Beidh lucht leanúna in ann taitneamh a bhaint as buaicphointí an chlúdaigh, réamhamhairc ar na rásaí agus ábhar ó chúl an stáitse ar ardáin meán sóisialta Spórt TG4 chomh maith.
Chun sonraí iomlána faoi Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe a fháil téigh chuig: galwayraces.com
Sceideal Craolta Rásaí na Gaillimhe ar TG4
Dé hAoine an 31 Iúil – Beo ó 4:45pm
5:00pm – The James’s Gate Irish EBF Median Auction Maiden
5:30pm – The Guinness Beginners Steeplechase
6:00pm – The Guinness Galway Blazers Handicap Steeplechase
6:35pm – The Guinness Handicap
7:10pm – The Guinness Irish EBF Fillies Maiden
7:40pm – The Arthur Guinness Handicap
8:10pm – The Rockshore Refreshingly Irish Race
8:40pm – The Hop House 13 Handicap
Dé Sathairn an 1 Lúnasa – Beo ó 1:55pm
2:02pm – The BOYLE Sports Best Odds Guaranteed Maiden Hurdle
2:37pm – The BOYLE Sports Galway Tribes Handicap Hurdle
3:12pm – The BOYLE Sports Handicap Hurdle
3:52pm – The Whiriskey Refrigeration Irish EBF Maiden
4:27pm – The Bathshack Maiden
5:00pm – The Ardilaun Hotel Handicap
5:35pm – The McDonogh Capital Investments Handicap
6:05pm – The Electric Galway Irish EBF Mares Flat Race
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie