Preas
Tá sé Fógartha gurb é TG4 Comhpháirtí Craolacháin Chluichí Domhanda CLG 2026
Craolfaidh TG4 na hocht gcluiche ceannais beo ar YouTube Spórt TG4 agus léireofar clár speisialta mar cheiliúradh ar phobal domhanda CLG.
23.06.26

Pic: Ó chlé – Ciana Ní Churraoin, Dan Morrissey, Brian Molloy, Trina Murray, Jarlath Burns, Paula Doherty, Sarah Donnelly, Saoirse McCarthy, Shane Walsh
Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuil an stáisiún ina chomhpháirtí craolacháin do Chluichí Domhanda CLG 2026, a bheidh ar siúl i bPort Láirge ó Dé Luain, an 13 Iúil go dtí Dé hAoine an 17 Iúil.
Déantar ceiliúradh mór idirnáisiúnta ar chluichí Gaelacha le linn Chluichí Domhanda CLG, ag tabhairt imreoirí, clubanna agus pobail le chéile ó áiteanna ar fud an domhain le haghaidh seachtain aicsin sa bpeil Ghaelach agus i bpeil na mban.
Taispeánfaidh TG4, mar chomhpháirtí craolacháin, Cluichí Domhanda CLG 2026 don lucht leanúna in Éirinn agus timpeall an domhain, mar léiriú ar an tóir atá ar na cluichí Gaelacha go hidirnáisiúnta agus ar neart an phobail CLG go domhanda.
Áireofar le clúdach TG4 craoladh beo na n-ocht gcluiche ceannais ó Lá na gCluichí Ceannais Dé hAoine an 17 Iúil ar leathanach YouTube Spórt TG4. Craolfadh TG4 clár speisialta buaicphointí uair an chloig ina mbeidh an chuid is fearr den aicsean ó na cluichí ceannais, agallaimh leis na himreoirí, aíonna speisialta agus lucht eagraithe, agus ábhar breise ó na Cluichí agus na himeachtaí a ghabhann leo Dé Luain an 10 Lúnasa ag 8pm chomh maith, agus déanfar athchraoladh air Dé Sathairn an 15 Lúnasa ag 10.10am.
Tá sé deimhnithe gur i gCathair Phort Láirge a bheidh Cluichí Domhanda CLG 2026 ar siúl, agus beidh cluichí grúpa ar siúl ar champas SETU Phort Láirge, agus na cluichí ceannais ar siúl ar Pháirc an Bhreathnaigh Azzurri. Cuirfear fáilte le linn na gCluichí roimh fhoirne ó cheantair CLG Domhanda cosúil leis an Eoraip, an Bhreatain, USGAA, an Astraláise, Ceanada, an Áise, Nua-Eabhrac, an Meánoirthear, Meiriceá Theas agus an Afraic.
Beidh cluichí 2026 ar an gceann is mó de Chluichí Domhanda CLG go dtí seo, agus beidh 114 foireann chomh maith le níos mó imreoirí ná riamh a rugadh lasmuigh d’Éirinn páirteach. Beidh searmanas oscailte ar siúl an tseachtain sin freisin i gCathair Phort Láirge le taispeántais chultúir, imeachtaí líonraithe agus gníomhaíocht phobail ag ceiliúradh lucht CLG ar fud an domhain.
Is éard a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha:
“Tá mórtas ar TG4 a bheith ina chomhpháirtí craolacháin do Chluichí Domhanda CLG 2026. Is imeacht ar leith é seo a dhéanann ceiliúradh ní hamháin ar na cluichí Gaelacha, ach ar na pobail, na hoibrithe deonacha agus na himreoirí a chuireann na cluichí ar fáil do lucht leanúna nua ar fud an domhain.
Téann díograis TG4 i leith na gcluichí Gaelacha agus scéalta a insint a cheanglaíonn cultúr, teanga agus féiniúlacht na hÉireann le chéile i bhfad siar. Is léiriú cumhachtach ar an gceangal domhanda sin iad Cluichí Domhanda CLG, agus tá ríméad orainn éagsúlacht, fuinneamh agus scéalta na gCluichí a chur os comhair an lucht leanúna sa mbaile agus thar lear.”
Dúirt Uachtarán CLG, Jarlath Burns:
“Tá lúcháir orainn go bhfeabhsóidh TG4 an ceangal ar leith atá aige leis na cluichí Gaelacha trí thacaíocht a thabhairt do Chluichí Domhanda CLG oneills.com i bPort Láirge. Ó laethanta tosaigh TG4, tá a chlúdach eisceachtúil ar ár gcluichí ina dhlúthchuid den stáisiún agus tá sé tar éis cuidiú go mór le caighdeáin a ardú, chomh maith lenár gcluichí agus lenár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Is ceiliúradh atá sna Cluichí Domhanda ar an fhás agus ar an bhorradh as cuimse atá tagtha ar Chumann Lúthchleas Gael ar fud an domhain. Tá os cionn 500 club againn taobh amuigh d’Éirinn anois agus tá achan cheann acu mar lárionad ag diaspóra na hÉireann agus iad ag mealladh daoine i dtreo ár gcuid cluichí náisiúnta. Déanfaidh TG4 jab iontach de na héachtaí seo a chur ar taispeáint.”
Bíonn Cluichí Domhanda CLG ar siúl gach trí bliana agus leanann siad de bhéim a chur ar fhás na gcluichí Gaelacha lasmuigh d’Éirinn. Cuirfidh imeacht na bliana 2026 i bPort Láirge leis an rath a bhí ar na Cluichí roimhe seo, cluichí na bliana 2023 i nDoire san áireamh.
Is féidir leis an lucht leanúna GAA World Games agus Spórt TG4 a leanúint ar na meáin shóisialta do na scéalta is déanaí, ábhar ó chúl an cheamara agus an nuacht is déanaí ón imeacht.
Beidh Cluichí Domhanda CLG 2026 á léiriú ag NemetonTV, comhlacht léiriúcháin neamhspleách atá lonnaithe sa Rinn, Gaeltacht Phort Láirge, a bhfuil go leor d’aschur spóirt mór le rá TG4 curtha ar fáil acu.
Craoladh ar TG4
Lá na gCluichí Ceannais i gCluichí Domhanda CLG – Dé hAoine an 17 Iúil:
Craolfar gach cluiche ceannais beo ar YouTube Spórt TG4
Clár Buaicphointí Chluichí Domhanda CLG
Le craoladh Dé Luain an 10 Lúnasa ag 8pm agus le hathchraoladh Dé Sathairn an 15 Lúnasa ag 10.10am
Clár buaicphointí uair an chloig a chraolfar ar TG4 sna seachtainí amach romhainn Beidh aicsean ó na cluichí ceannais, agallaimh agus neart eile ó na Cluichí agus na himeachtaí a ghabhann leo mar chuid den chlár.
Fógrófar tuilleadh sonraí faoin gcraoladh níos gaire don am.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie