Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 á Chraoladh ag TG4

28.05.26


 
Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2026 ar siúl i gCill Chartha i nGaeltacht Thír Chonaill i mbliana idir 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh agus beidh sé á reáchtáil ag CLG Chill Chartha. Imreoidh clubanna ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le clubanna ó Áth Cliath agus ó Aontroim i gcomórtais na bliana seo.

Is é an 55ú Comórtas Peile na Gaeltachta a bheidh ar siúl i mbliana agus beidh níos mó cluichí ná riamh á gcraoladh ag TG4 (féach an sceideal thíos).
 
Ag tagairt dó do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2026, dúirt Iarlaith Ó Broin, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael:

‘Tá an Ghaeilge fíorthábhachtach do Chumann Lúthchleas Gael agus níl bealach níos fearr le cainteoirí Gaeilge agus lucht peile a thabhairt le chéile ó achan chearn den tír ná trí Chomórtas Peile na Gaeltachta.

‘Guím gach rath orthu siúd uilig a bheidh ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana idir imreoirí, bainisteoirí, réiteoirí, lucht eagraithe na gcomórtas, lucht leanta agus achan duine eile atá bainteach leo. Tá mé cinnte go mbeidh deireadh seachtaine den chéad scoth ag achan duine i gCill Chartha agus i nGaeltacht Thír Chonaill.’
 
Dúirt Cathaoirleach Chomórtas Peile na Gaeltachta, Dónal Ó Laoire:

‘Tá muid ag súil go mór le Comórtas Peile na Gaeltachta agus le turas a thabhairt ar Chill Chartha. Ba mhaith liom mo mhíle buíochas a ghabháil le muintir Chill Chartha as an obair iontach atá déanta acu le os cionn bliana anuas agus guím gach rath orthu sna seachtainí amach romhainn.

‘Guím gach rath ar na foirne go léir a bheidh ag glacadh páirte sna comórtais éagsúla i mbliana ó na seacht gcontae Ghaeltachta chomh maith le Baile Átha Cliath agus Aontroim. Tá mé cinnte go mbeidh deireadh seachtaine iontach peile agus Gaeilge acu i dteannta a chéile.’
 
 

Sceideal na gCluichí ar TG4

Dáta
Am
Comórtas
Foirne
Ardán
Dé hAoine, 29 Bealtaine
19:30
Réamhbhabhta Chomórtas Sinsear na bhFear
Cill tSéadhna v Gaoth Dobhair
Spórt TG4 YouTube
Dé Sathairn, 30 Bealtaine
11:00
Comórtas Sóisear na mBan
Cill Chartha v Na Gaeil Óga
Spórt TG4 YouTube
13:15
Comórtas Sóisear na bhFear
Gaeil Fhánada v Lios Póil
Spórt TG4 YouTube
15:30
Comórtas Sinsear na bhFear
An Rinn v Bhulf Tón
Spórt TG4 YouTube
17:30
Comórtas Sinsear na bhFear
Cumann Caide na Gaeltachta v Naomh Abán
Spórt TG4 YouTube
19:30
Comórtas Sinsear na bhFear
Le deimhniú v Maigh Cuilinn
Spórt TG4 YouTube
Dé Domhnaigh, 31 Bealtaine
13:30
Cluiche Leathcheannais Sóisear na mBan
Le deimhniú v Laochra Loch Lao
Spórt TG4 YouTube
15:30
Cluiche Ceannais Idirmheánach na mBan
Naomh Columba v Naomh Anna Leitir Móir
Spórt TG4 YouTube
17:45
Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear
An Rinn / Bhulf Tón v Cumann Caide na Gaeltachta / Naomh Abán
TG4
19:30
Cluiche Leathcheannais Sinsear na bhFear
Cill tSéadhna / Gaoth Dobhair / Maigh Cuilinn v Cill Chartha
TG4
Dé Luain, 1 Meitheamh
10:00
Cluiche Ceannais Sóisear na mBan
Le deimhniú
Spórt TG4 YouTube
12:00
Cluiche Ceannais Sinsear na mBan
Baile Chláir na Gaillimhe v An Tearmann
TG4
14:00
Cluiche Ceannais Sóisear na bhFear
Le deimhniú
TG4
16:00
Cluiche Ceannais Sinsear na bhFear
Le deimhniú
TG4

 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: