Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 le Hurling for Cancer Research a chraoladh agus beagnach 40 ball foirne ag tabhairt a gcuid ama saor in aisce don ócáid charthanachta

21.08.26

Seoladh Hurling for Cancer 2026

Seoladh Hurling for Cancer 2026

 

Fogarty Fenwick le léiriú teilifíse na hócáide a chur ar fáil saor in aisce don ochtú bliain as a chéile agus TG4 ag craoladh an chluiche carthanachta lán réaltaí beo as Ceatharlach
 

Craolfaidh TG4 Hurling for Cancer Research 2026 beo as Netwatch Cullen Park, Ceatharlach Dé Luain, 24 Lúnasa, áit a dtiocfaidh cuid de na pearsana is mó i spórt na hÉireann le chéile do cheann de na hócáidí is uathúla agus is fiúntaí i bhféilire spóirt na tíre.
 

Cuirfear tús leis an gcraoladh beo ar TG4 ag 19:15, agus is ag 19:30 a thosóidh an cluiche. Tá an-bhród ar Centra urraíocht a dhéanamh ar an gcluiche carthanachta seo a bhíonn ar siúl gach bliain chun airgead ríthábhachtach a bhailiú do thaighde ailse a dhéanann Cumann Ailse na hÉireann.
 

Beifear ag obair go dian taobh thiar den cheamara freisin chun an t-aicsean a thabhairt chuig lucht féachana sa bhaile. Beidh gach ball de chriú léiriúcháin teilifíse TG4 ag obair saor in aisce ar an lá, agus tá beagnach 40 ball foirne sásta cúnamh a thabhairt go dtí seo.
 

Is é an comhlacht léiriúcháin Fogarty Fenwick: Television Production a bheidh i mbun léiriúcháin, saor in aisce, ar an ócáid don ochtú bliain as a chéile, rud a léiríonn tiomantas an chomhlachta do Hurling for Cancer Research.
 

Oibríonn Fogarty Fenwick go dlúth le TG4 i gcaitheamh na bliana spóirt agus léiríonn an comhlacht réimse clár don chainéal, ina measc Sacar Beo agus Cispheil Bheo.
 

Tá an obair dheonach a dhéanann an comhlacht léiriúcháin agus an criú ag teacht go mór le spiorad Hurling for Cancer Research, ócáid ar leith a bhunaigh laochra na rásaíochta capall Jim Bolger agus Davy Russell.
 

Tá beagnach €1.9 milliún bailithe ag an ócáid do thaighde ailse go dtí seo, agus imreoirí, pearsana spóirt, eagraithe, oibrithe deonacha agus lucht tacaíochta ag teacht le chéile gach bliain chun airgead a bhailiú do Chumann Ailse na hÉireann agus don taighde ríthábhachtach a dhéanann siad.
 

Action from Hurling for Cancer 2025 Action from Hurling for Cancer 2025 Action from Hurling for Cancer 2025

Radharcanna ó chluiche na bliana seo caite – Hurling for Cancer 2025

Beidh scoth na réaltaí iomána, camógaíochta agus spóirt páirteach i gcluiche na bliana seo arís.
I measc na n-iománaithe a bheidh páirteach beidh Patrick Horgan, Noel McGrath, Lee Chin, Joe Canning, Austin Gleeson, Darragh O’Donovan, Walter Walsh, Tommy Walsh, Jackie Tyrrell, Grace Walsh agus Ashling Thompson, chomh maith le réaltaí spóirt eile, ina measc peileadóir Bhaile Átha Cliath Con O’Callaghan agus iar-imreoir idirnáisiúnta Phoblacht na hÉireann Stephen Hunt.
 

Is ar shiamsaíocht agus ar airgead a bhailiú, seachas ar choimhlint na gcontaetha, a bheifear ag díriú nuair a thabharfaidh Stars Jim Bolger aghaidh ar Best Davy Russell ag ócáid a bhfuil an-tóir ag imreoirí agus ag an lucht tacaíochta uirthi.

Tabharfaidh craoladh TG4 atmaisféar Netwatch Cullen Park chuig lucht féachana ar fud na tíre, agus beidh gearrthóga, buaicphointí agus nuashonruithe ón ócáid á roinnt ar chainéil meán sóisialta Spórt TG4 i gcaitheamh an tráthnóna.

Moltar don lucht tacaíochta freastal ar an gcluiche i gCeatharlach nó síntiús a thabhairt go díreach don fheachtas. Ticéid agus síntiúis: www.hurlingforcancer.ie

Rachaidh an t-airgead ar fad a bhaileofar ó dhíolachán ticéad agus ó shíntiúis i dtreo an taighde ailse a dhéanann Cumann Ailse na hÉireann.
 

Hurling for Cancer Research 2026
Dé Luain, 24 Lúnasa 2026
Netwatch Cullen Park, Ceatharlach
Geataí: 17:00
Mionchluichí: 17:30
Craoladh Beo TG4: 19:15
Tús an Chluiche: 19:30
 

Féach air beo ar TG4 agus lean Spórt TG4 ar na meáin shóisialta chun gearrthóga agus nuashonruithe a fháil i gcaitheamh an tráthnóna.
 

Teagmhálaí Spórt TG4 do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie | 086-8315842


Cuir aithne orainn: