Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Os Cionn Leathmhilliún Duine ag Féachaint Beo ar Chluichí Ceannais Pheil na mBan TG4

Gaillimh, Ros Comáin agus Aontroim a thug leo na coirn ar Lá na gCluichí Ceannais TG4 a bhí lán drámaíochta agus siamsaíochta

05.08.26


 

Os cionn leathmhilliún duine a d’fhéach beo ar chlúdach TG4 ar Chluichí Ceannais Chraobhchomórtais Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan 2026 i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa.

487,800 duine a bhí ag féachaint ar an aicsean ar an teilifís líneach (sroicheadh iomlán), agus rinneadh 40,000 sruthú eile ar na trí Chluiche Ceannais ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4.

Mar chraoltóir oifigiúil agus mar urraitheoir ar na craobhchomórtais, chuir TG4 clúdach beo, saorchraolta ar na Cluichí Ceannais Sóisir, Idirmheánach agus Sinsir ar fáil don lucht féachana. Is iad foirne na Gaillimhe, Ros Comáin agus Aontroma a bhí ina seaimpíní na hÉireann tar éis lá peile a bhí lán drámaíochta agus siamsaíochta.
 

Príomhfhigiúirí Lucht Féachana

Aimsiú TG4 ar an teilifís líneach le linn na dtrí Chluiche Ceannais: 487,800 duine
– Gaillimh v Ciarraí: 209,000 an meánlucht féachana
– Fear Manach v Ros Comáin: 85,300 an meánlucht féachana
– Ceatharlach v Aontroim: 39,600 an meánlucht féachana

Seinnteoir TG4 agus Aip TG4: 40,000 amharc
 

Deireadh curtha ag Gaillimh le Gorta 22 Bliain

Ba é bua na Gaillimhe ar Chiarraí buaicphointe Lá na gCluichí Ceannais, agus iad ag ardú Chorn Brendan Martin den dara huair riamh i stair an chontae agus den chéad uair ó 2004.

Bhí críoch thar a bheith drámatúil le dhá cheann de na trí Chluiche Ceannais.

Sa Chluiche Ceannais Sóisir, chinntigh Maria O’Neill as Aontroim an bua ar Cheatharlach leis an gcic dheireanach den chluiche, cúpla soicind tar éis do Cheatharlach an cluiche a thabhairt cothrom le cúl ó Megan Townsend sa 59ú nóiméad.

Is beag nár éirigh le Ciarraí an Cluiche Ceannais Sinsir a thabhairt leo sa nóiméad deireanach, ach dhícheadaigh an réiteoir Maggie Farrelly an cúl sin, agus an ceart aici, mar gheall ar shárú ar riail na cearnóige.

Thug Ros Comáin leo an Chraobh Idirmheánach freisin tar éis bua suntasach ar Fhear Manach, rud a chuir tríréad cuimhneacháin de theidil náisiúnta i gcrích do Ghaillimh, Ros Comáin agus Aontroim.
 

Os Cionn Dhá Mhilliún Amharc ar na Meáin Shóisialta

Mheall clúdach Spórt TG4 ar na meáin shóisialta os cionn dhá mhilliún amharc ar Instagram, Facebook, TikTok agus X i rith Lá na gCluichí Ceannais.

Captaen na Gaillimhe, Kate Geraghty, ag ardú Chorn Brendan Martin in Ardán Uí Ógáin an t-ábhar ba mhó ar breathnaíodh air ar na meáin shóisialta. Tharraing an físeán sin leis féin 211,697 amharc ar Instagram.

I measc na bhfíseán eile ba mhó ar breathnaíodh orthu bhí:
– Dhá chúl Aisling Feely do Ros Comáin, ar taifeadadh 141,443 agus 92,310 amharc orthu faoi seach.
– Agallamh mothúchánach Lara Dahunsi tar éis an chluiche i ndiaidh bhua Aontroma sa Chluiche Ceannais Sóisir, ar taifeadadh 80,475 amharc air.
– Cúl drámatúil déanach Megan Townsend do Cheatharlach sa Chluiche Ceannais Sóisir, ar beag nach raibh athimirt ar an gCluiche mar thoradh air.

Lean @SportTG4 ar gach ardán meán sóisialta le haghaidh buaicphointí, agallaimh agus ábhar eisiach spóirt.
 

Os Cionn 26,000 Lucht Tacaíochta i bPáirc an Chrócaigh do na Cluichí Ceannais

26,471 duine a d’fhreastail ar na trí Chluiche Ceannais i gCraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan i bPáirc an Chrócaigh.

Chruthaigh lucht tacaíochta ó na sé chontae a bhí san iomaíocht atmaisféar ildaite, bríomhar i rith an lae, agus Aontroim, Ros Comáin agus Gaillimh ag tabhairt na gcorn leo agus iad ina sheaimpíní Sóisir, Idirmheánacha agus Sinsir faoi seach.

Léiríonn an méid daoine a bhí i láthair an dúthracht leanúnach i measc lucht tacaíochta agus pobal ar fud na hÉireann do Pheil na mBan, agus lucht leanúna de gach aois ag taisteal go Páirc an Chrócaigh le bheith ag ceann de mhórócáidí fhéilire spórt na mban.
 

Comhpháirtíocht TG4 / LGFA

Tá TG4 bródúil as a chomhpháirtíocht le Cumann Peil Gaelach na mBan ó 2001 i leith. Tá an chomhpháirtíocht bunaithe ar thiomantas comhroinnte do Pheil na mBan a chur chun cinn, infheictheacht na mban sa spórt a mhéadú agus an Ghaeilge a chur i gcroílár na gCluichí Gaelacha.

Ba mhaith le TG4 buíochas a ghabháil leis an LGFA, leis na contaetha a bhí san iomaíocht, leis na himreoirí agus leis na foirne bainistíochta, leis an lucht tacaíochta i bPáirc an Chrócaigh agus le gach duine a d’fhéach ar na cluichí in Éirinn agus ar fud an domhain.
 

Féach ar Chluichí Ceannais Uile-Éireann TG4 2026
Tá na trí Chluiche Ceannais ar fáil le féachaint siar orthu ar Sheinnteoir TG4.

 

Teagmhálaí Spórt TG4 do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: