Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Gach Cluiche ó Chraobhchomórtas Rugbaí Idir-Chúige na mBan Vodafone 2026 Beo ar YouTube Spórt TG4

27.07.26


 

Tá áthas ar TG4 a fhógairt go gcraolfar na hocht gcluiche ar fad ó Chraobhchomórtas Rugbaí Idir-Chúige na mBan Vodafone 2026 beo agus saor in aisce ar chainéal YouTube Spórt TG4 ceithre Shatharn as a chéile i mí Lúnasa.

Cuirfear tús leis an gclúdach le dhá chluiche ar an Satharn, an 8 Lúnasa, agus leanfar leis gach deireadh seachtaine go dtí Lá na gCluichí Ceannais i Staid Dexcom ar an Satharn, an 29 Lúnasa. Craolfar gach cluiche beo mar chuid de chlúdach Rugbaí Beo TG4.

Cuirfidh an Mhumhain tús le Craobhchomórtas na bliana seo ina seaimpíní reatha, tar éis dóibh a 16ú teideal Idir-Chúige a thabhairt leo agus gach cluiche a bhuachan in 2025. Chuir siad críoch spleodrach lena bhfeachtas le bua 50-15 faighte acu ar a gcéilí comhraic Laighin, i gCluiche Ceannais an Chraobhchomórtais i bPáirc Energia.

Chríochnaigh Connachta sa tríú háit i gcomórtas na bliana seo caite tar éis dóibh bua drámatúil 37-30 a fháil ar Ulaidh sa Chluiche don tríú háit.

Tá mí eile de rugbaí idir-chúige den scoth agus thar a bheith iomaíoch romhainn i gCraobhchomórtas 2026, agus cuid de na himreoirí is fearr ar fud na tíre á gcur os comhair an phobail.
 

Spórt TG4 ag Seoladh Chraobhchomórtas 2026
Bhí Spórt TG4 i láthair arís ag seoladh oifigiúil an Chraobhchomórtais a bhí ar siúl in oifigí Vodafone ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath.
Labhair Spórt TG4 le hionadaí ó gach ceann de na ceithre chúige:

  • Connachta: Aoibheann Reilly
  • Laighin: Sarah Delaney
  • Mumha: Maeve Óg O’Leary
  • Uladh: India Daley

Tá agallaimh eisiacha leis an gceathrar imreoirí ar fáil anois ar chainéal YouTube Spórt TG4 ANSEO.
 

Cluichí Chraobhchomórtas Rugbaí Idir-Chúige na mBan Vodafone 2026

BABHTA 1 – Dé Sathairn, 8 Lúnasa
Mumha v Laighin
Páirc Virgin Media, 2:30in
Uladh v Connachta
Staid Affidea, 4:15in
 
BABHTA 2 – Dé Sathairn, 15 Lúnasa
Mumha v Uladh
Páirc Virgin Media, 2:30in
Laighin v Connachta
Páirc Energia, 4:30in
 
BABHTA 3 – Dé Sathairn, 22 Lúnasa
Uladh v Laighin
Staid Affidea, 2:30in
Connachta v Mumha
Staid Dexcom, 4:15in
 
LÁ NA gCLUICHÍ CEANNAIS – Dé Sathairn, 29 Lúnasa
Staid Dexcom
Cluiche Ceannais don Tríú hÁit – 2:00in
Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Rugbaí Idir-Chúige na mBan Vodafone – 4:30in

 

Beidh na hocht gcluiche ar fad ar fáil beo agus saor in aisce ar chainéal YouTube Spórt TG4, agus TG4 ag comhlíonadh a ghealltanais spórt na mban ar an gcaighdeán is airde a chur ar fáil do lucht féachana ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.
 
Lean Spórt TG4 ar na hardáin meán sóisialta ar fad chun an t-eolas is déanaí, buaicphointí agus ábhar eisiach ón gCraobhchomórtas a fháil.

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: