Preas
Ba mhaith le TG4 agus Foghlaim TG4 tuairimí Mhúinteoirí Bunscoile a fháil - Suirbhé
01.05.26

Tugtar cuireadh do mhúinteoirí i do scoil páirt a ghlacadh i suirbhé ar úsáid mheáin fhísiúla sa seomra ranga. Is iad ‘Opinions Market Research’ a dhéanfaidh an suirbhé seo thar ceann TG4.
Tógfaidh sé thart ar 10 nóiméad an suirbhé seo a dhéanamh agus ní gá d’ainm a thabhairt leis. Más múinteoir bunscoile thú, ba bhreá linn do chuid tuairimí a chloisteáil chun freastal níos fearr a dhéanamh oraibh trí acmhainní Foghlaim TG4.
Mar chomhartha buíochais do rannpháirtithe an tsuirbhé, tabharfar cuireadh do mhúinteoirí a bheith páirteach i gcrannchur chun deis dearbhán siopadóireachta ar luach €100 a bhuachan. Má chinneann tú ar pháirt a ghlacadh sa chrannchur iarrfar ort eolas pearsanta a chur ar fáil chun gur feidir linn do dhuais a chur chomh fada leat.
Cóipeáil an nasc seo isteach i do bhrabhsálaí gréasáin le theacht ar an suirbhé: https://nasc.tg4.tv/suirbhescoile2026_rphost
Spriocdháta : 31 Bealtaine
Go raibh míle maith agat.