Preas
220,000 ag Breathnú Beo ar na Cluichí CLG Faoi Aois a Craoladh Saor go hAer ar Ardáin TG4 Dé Céadaoin
Oíche den scoth ag GAA Beo agus aicsean drámatúil faoi aois ag mealladh lucht féachana ollmhór go hardáin TG4.
15.05.26

Bhí lucht féachana thar barr ag clúdach GAA Beo TG4 oíche Dé Céadaoin. 228,700 lucht féachana a bhí ag breathnú beo ar chúig chluiche GAA faoi aois a craoladh saor go haer ar ardáin TG4.
Cuireadh scoth na gcluichí Gaelacha faoi aois os comhair an phobail i rith na hoíche, agus cúig chluiche beo á gcur ar fáil ar TG4, ar an Seinnteoir, ar an Aip agus ar YouTube. B’éigean am breise a imirt i dtrí cinn den chúig chluiche, agus bhain an lucht leanúna sult as oíche dhrámatúil iomána agus peile.
I gCluiche Ceannais Iomána Faoi 20 na Mumhan a bhí buaicphointe na hoíche, nuair a fuair an Clár an lámh in uachtar ar Luimneach tar éis poic phionóis den scoth a socraíodh ar deireadh le bás tobann. Thug cúl báire an Chláir, Mark Sheehan ó chlub Dhroichead Abhann Ó gCearnaigh, taispeántas den scoth uaidh, agus é ag sábháil trí phoc éirice chomh maith lena phoc féin ón spota a chur san eangach.
Tá sábháil Sheehan, a bhuaigh an corn don Chlár, go mór i mbéal an phobail ar na meáin shóisialta ó shin agus tá aird idirnáisiúnta tarraingthe aige freisin. Taispeánadh an mhír ag uimhir a haon ar ESPN SportsCenter’s Top 10 Plays of the Day sna Stáit Aontaithe. Tá buaicphointí na sraithe pionóis ar fad le fáil ar chainéal YouTube Spórt TG4 anseo.
Mheall Cluiche Ceannais Iomána Faoi 20 na Mumhan an lucht féachana beo ba mhó ar an oíche, agus 104,000 lucht féachana ag breathnú ar An Clár v Luimneach. Bhí suim mhór chomh maith sa dá Chluiche Leathcheannais Peile Faoi 20 na hÉireann, le 52,900 radharc ar Chiarraí v Ros Comáin agus 26,500 radharc ar Chill Dara v Tír Eoghain.
Bhí am breise ag teastáil freisin sna cluichí Ciarraí v Ros Comáin agus Gaillimh v Loch Garman, rud a chuir go mór le hoíche ollmhór de chlúdach beo ar chluichí GAA faoi aois ar ardáin TG4, oíche nach ndéanfar dearmad uirthi go ceann i bhfad.
Lucht Féachana Beo ar Ardáin TG4
| Cluiche | Comórtas | Radharc |
| An Clár v Luimneach | Cluiche Ceannais Iomána Faoi 20 na Mumhan | 104,000 (Teilifís Líneach, Seinnteoir / Aip) |
| Ciarraí v Ros Comáin | Cluiche Leathcheannais Peile Faoi 20 na hÉireann | 52,900 (Seinnteoir / Aip) |
| Cill Dara v Tír Eoghain | Cluiche Leathcheannais Peile Faoi 20 na hÉireann | 26,500 (Seinnteoir / Aip) |
| Baile Átha Cliath v Cill Chainnigh | Cluiche Leathcheannais Iomána Faoi 20 Laighean | 18,200 (YouTube) |
| Gaillimh v Loch Garman | Cluiche Leathcheannais Iomána Faoi 20 Laighean | 27,100 (YouTube) |
| Iomlán | 228,700 |
Tá na cluichí ar fad le fáil anois ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4.
Leanann clúdach GAA Beo TG4 de na Cluichí Gaelacha a chur ar fáil do lucht féachana ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin, trí chomórtais na gclubanna, na gcontaetha, na scoileanna, na gcoláistí agus faoi aois a chur os comhair an phobail ar ardáin teilifíse agus dhigiteacha TG4.
Teagmháil do na Meáin Spórt i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie