Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 chun Gradaim RTS Éireann 2027 a Óstáil i nGaillimh 28 Aibreán 2027

26.11.26

RTS Gradaim- Ireland Awards
 

Tá ríméad ar TG4 Gradaim RTS 2027 na hÉireann a thabhairt go Gaillimh, agus an ócáid mór le rá le bheith ar siúl Dé Céadaoin an 28 Aibreán 2027, in Óstán Galmont i gCathair na Gaillimhe.
 

Agus na gradaim bhliantúla á gceiliúradh don seachtú bliain as a chéile, tá an ócáid ar bhuaicphointí na bliana d’earnáil teilifíse na hÉireann agus craoltóirí, léiritheoirí neamhspleácha, cruthaitheoirí gairmiúla agus daoine atá ag teacht chun cinn san earnáil ag teacht le chéile chun aitheantas a thabhairt do scoth an ábhair teilifíse in Éirinn agus chun ceiliúradh a dhéanamh air. 

Agus TG4 ina chraoltóir óstach do 2027, tá siad ag tnúth go mór le fáilte a chur roimh lucht earnáil na teilifíse i nGaillimh, cathair a bhfuil cáil uirthi as ucht na cruthaitheachta, an chultúir agus an phobail bhríomhair ealaíon atá inti. Agus dlúthbhaint ag an gcathair leis an nGaeilge agus le hearnáil chruthaitheach na hÉireann, tá Gaillimh an-fheiliúnach mar láthair don ócáid ina ndéanfar ceiliúradh ar an tallann, ar an nuálaíocht agus ar an scéalaíocht a théann i bhfeidhm ar theilifís na hÉireann.

Chomh maith leis sin, is deis do TG4 atá san ócáid chun a thiomantas do na meáin Ghaeilge, d’ábhar teilifíse úrnua agus don earnáil neamhspleách léiriúcháin a léiriú, agus aitheantas a thabhairt ag an am céanna don mhéid a dhéanann lucht déanta clár agus gairmithe cruthaitheacha ar fud earnáil na craoltóireachta trí chéile. 

Déantar Gradaim RTS na hÉireann a chur ar bun i gcomhar le TG4, RTÉ, Virgin Media Television agus Sky Ireland, chun ceiliúradh a dhéanamh ar réimse leathan catagóirí, lena n-áirítear drámaíocht, cláir fhíorasacha, siamsaíocht, spórt, nuacht, cláir do leanaí, ábhar Gaeilge, taibhiú, ceird an léirithe, agus tallann atá ag teacht chun cinn. 

Le tacaíocht ó Fhís Éireann agus ó Choimisiún na Meán, déanfar ceiliúradh ag searmanas 2027 ar an tallann agus ar na léirithe a thugann sainléargas ar theilifís na hÉireann, agus lucht na hearnála á tabhairt le chéile i gcroílár Chathair na Gaillimhe le haghaidh ócáid iontach ina ndéanfar an chruthaitheacht, an comhoibriú agus scoth na hoibre a cheiliúradh. 
 

Na Catagóirí (Sonraí iomlána sna Nótaí d’Eagarthóirí thíos):

  1. Scripted | Réamhscriptithe
  2. Entertainment | Siamsaíocht
  3. Factual Entertainment | Siamsaíocht Fhíorasach
  4. Factual Series | Sraith Fhíorasach
  5. Factual Single | Clár Fíorasach Aonair
  6. Specialist Factual | Sainchlár Fíorasach
  7. Sports Documentary | Clár Faisnéise Spóirt
  8. Live Sports Coverage | Spórt BEO
  9. News Broadcaster of the Year | Craoltóir Nuachta na Bliana
  10. Current Affairs | Cúrsaí Reatha
  11. Children’s Programme | Clár do Leanaí
  12. Short Film | Gearrscannán
  13. Breakthrough Talent Award | Ag Teacht Chun Cinn
  14. Outstanding Contribution Award | Gradam Comaoine
  15. Outstanding Craft Award
  16. Audience Choice Award – Rogha an Lucht Féachana

 
 

Príomhdhátaí Ghradaim RTS na hÉireann: 

Táthar ag glacadh le hiontrálacha anois. Tá an t-eolas ar fad, lena n-áirítear an t-eolas faoin gcaoi le hiontráil a dhéanamh, le fáil anseo:
https://rts.org.uk/award/gradaim-rts-2027-rts-ireland-television-awards-2027
 
 
Dátaí na nGradam: 

Ag Glacadh le hIontrálacha: Déardaoin 26 Samhain 2026

Ag Stopadh ag Glacadh le hIontrálacha: Dé hAoine 22 Eanáir 2027

Iontrálacha Incháilithe: Ábhar a craoladh den chéad uair idir an 1 Eanáir 2026 agus an 31 Nollaig 2026

Spriocdháta Íocaíochta: Dé hAoine 29 Eanáir 2027 – Ní chuirfear iontrálacha ar aghaidh chuig an bpainéal moltóireachta go dtí go bhfaighfear íocaíocht.

An Gearrliosta le Fógairt: Dé hAoine 12 Márta 2027

Fógrófar Gearrliosta Ghradam Rogha an Lucht Féachana: Dé hAoine 12 Márta – Dúnfar an vótáil Dé hAoine 26 Márta

Bronnadh na nGradam: Dé Céadaoin 28 Aibreán 2027, Óstán Galmont, Gaillimh  
 

Beidh ticéid do Bhronnadh na nGradam ar díol i mí an Mhárta 2027 agus beidh eolas le fáil roimhe sin ar chuntais RTS ar na meáin shóisialta, agus ar shuíomh gréasáin RTS Éireann: https://rts.org.uk/region/republic-ireland
 

Cliceáil anseo chun eolas a fháil faoi bhuaiteoirí na bliana seo caite – https://rts.org.uk/award/rts-ireland-television-awards-2026-gradaim-rts-2026
 

NÓTAÍ d’EAGARTHÓIRÍ:

Eolas faoi na catagóirí:
TABHAIR DO D’AIRE: Ní féidir iontráil a chur isteach ach in AON CHATAGÓIR AMHÁIN  
 

1. Scripted | Réamhscriptithe
Tugann an gradam seo aitheantas do scoth an ábhair réamhscriptithe, idir dhrámaíocht agus ghreann, lena n-áirítear sraitheanna fadtréimhseacha, cláir aonair agus sraitheanna athfhillteacha. Tá an chatagóir seo oscailte d’aon léiriúchán réamhscriptithe fadfhoirme a léiríodh in Éirinn, NÓ d’aon léiriúchán ar scannánaíodh cuid mhór de na radharcanna in Éirinn, de réir na gcritéar cáilithe thuas. Tá an gradam seo dírithe ar an bhficsean, nó ar dhrámaíocht inste eile, lena n-áirítear drámaíocht atá bunaithe ar fhíorimeachtaí.  
Cuir isteach an clár aonair nó clár amháin ón tsraith.
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar úrnuacht sa script agus sa scéalaíocht, ar an gcruthaitheacht, tionchar, agus gairmiúlacht sa léiriúchán trí chéile. 
 

2. Entertainment | Siamsaíocht
Áirítear cláir thráth na gceist, seónna cluichí, seónna tallainne iomaíocha réaltachta, cláir speisialta cheoil, agus gach clár siamsaíochta ginearálta leis an ngradam seo. Áirítear seónna painéal greann-bhunaithe, seónna comhrá, cláir speisialta fuirseoireachta ar na boinn agus seónna gearrthóg grinn leis an ngradam seo freisin.  
Cuir clár amháin ón tsraith isteach.  
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar an úrnuacht, agus ar chruthaitheacht, tionchar, agus gairmiúlacht an léiriúcháin trí chéile.
 

3. Factual Entertainment | Siamsaíocht Fhíorasach
Tá an gradam seo dírithe ar chláir fhíorasacha siamsaíochta.  
Is í seo an chatagóir le haghaidh ábhar craolacháin sa chlársceideal siamsaíochta fíorasaí formáidithe. Sa ghradam seo, is ionann formáidí siamsaíochta fíorasacha agus formáidí ar taifeadadh iad ar an láthair, nó i stiúideo. Ní bhíonn iomaíocht ar bith i gceist leo, agus tugann siad léiriú don lucht féachana ar réimse ar leith den saol, chun tuiscint níos fearr a thabhairt dóibh ar ábhar éigin, nó chun siamsaíocht a chur ar fáil dóibh. 
Cuir clár amháin isteach.
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar an úrnuacht, agus ar chruthaitheacht, tionchar, agus gairmiúlacht an léiriúcháin trí chéile. 
 

4. Factual Series | Sraith Fhíorasach
Tá an chatagóir seo dírithe ar chláir atá mar chuid de shraith fhíorasach ghinearálta, lena n-áirítear cláir faisnéise agus sraitheanna faisnéise breathnóireachta
(Tabhair do d’aire: ba chóir aon iontráil a bhaineann leis na healaíona, an stair, an ceol, an reiligiún, an gnó, an stair nádúrtha, agus an eolaíocht a chur isteach mar Shainchlár Fíorasach)  
Cuir isteach clár amháin ón tsraith.  
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar an úrnuacht, agus ar chruthaitheacht, tionchar, agus gairmiúlacht an léiriúcháin trí chéile. 
 

5. Factual Single | Clár Fíorasach Aonair
Tá an gradam seo dírithe ar chláir a léiríodh mar chlár aonuaire fíorasach ginearálta.
(Tabhair do d’aire: ba chóir aon iontráil a bhaineann leis na healaíona, an stair, an ceol, an reiligiún, an gnó, an stair nádúrtha, agus an eolaíocht a chur isteach mar Shainchlár Fíorasach)  
Cuir isteach clár amháin. 
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar an úrnuacht, agus ar chruthaitheacht, tionchar, agus gairmiúlacht an léiriúcháin trí chéile. 
 

6. Specialist Factual | Sainchlár Fíorasach
Is í seo an chatagóir le haghaidh ábhar craolacháin a bhaineann le seánra speisialta fíorasach, lena n-áirítear na healaíona, an stair, an ceol, reiligiún, gnó, stair nádúrtha, agus eolaíocht.
NÍ MÓR d’iontrálacha teacht ó shraith fhíorasach nó ó scannán singil aonuaire ̶ ach ní cheadaítear ach eagrán amháin den tsraith a chur isteach. Tabhair faoi deara go gciallaíonn “eagrán amháin den tsraith” nach gceadófar iontrálacha tiomsaithe ná craoltaí tiomsaithe mura bhfuil ábhar substaintiúil nua iontu. 
Cuir isteach an mhír aonair nó clár amháin ón tsraith. 
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar an úrnuacht, agus ar chruthaitheacht, tionchar, agus gairmiúlacht an léiriúcháin trí chéile.
 

7. Sports Documentary | Clár Faisnéise Spóirt
Tá an gradam seo dírithe ar aitheantas a thabhairt do chlár faisnéise spóirt. Ba chóir go seasfaidh an clár amach toisc é bheith ina scéal úrnua, mealltach, géarchúiseach, agus go dtabharfadh sé tuiscint níos doimhne don lucht féachana ar ábhar an chláir. D’fhéadfadh clár faisnéise iniúchta nó siamsaíochta a bheith i gceist, ach ní mór díriú ar spórt aitheanta agus/nó ar lúthchleasaí/lúthchleasaithe aitheanta.   
Cuir isteach an mhír aonair nó clár amháin ón tsraith. 
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar ionracas, ar chruthaitheacht, úrnuacht sa scéalaíocht agus clár den scoth trí chéile. 
 

8. Live Sports Coverage | Spórt BEO
Tabharfar aitheantas leis an nGradam seo d’ardluachanna léiriúcháin, feidhmíochta agus eagarthóireachta sa Spórt Beo. D’fhéadfadh clúdach ó imeachtaí beo ó chraoladh seachtrach amháin, nó níos mó, nó craoltaí ón stiúideo a bheith i gceist.
Ba cheart go n-áireofaí uair an chloig ionadaíoch amháin den chlúdach san iontráil, nó uair an chloig ionadaíocht/mír thiomsaithe den chlúdach mar a craoladh é. Ceadaítear ocht mír ar a mhéad a bheith laistigh den uair an chloig (i gcás go bhfuil sos fógraíochta i lár aon mhíre amháin, déanfar an mhí sin a mheas mar dhá mhír éagsúla).  
Má leanann an ócáid spóirt nó an tsraith ar aghaidh ar feadh roinnt laethanta, is féidir míreanna ó níos mó ná lá amháin a chur leis an iontráil. Ní mór gach mír a thógáil ón gclár nó ón tsraith chéanna agus ní mór iad a chur isteach díreach mar a craoladh iad. 
Cuirfear fáilte roimh chláir ina bhfuil clúdach craolta ó óstaigh tríú páirtí, ach ní dhéanfaidh na moltóirí ábhar tríú páirtí a mheas mar chuid den iontráil. I gcás go bhfuiltear ag iarraidh aird a tharraingt ar úrnuacht iontrála ar leith, nó ar chaighdeán iontach ard a baineadh amach i gcúinsí eisceachtúla, ba cheart PDF a uaslódáil in éindí leis an iontráil chun na héachtaí agus/nó na dúshláin ábhartha a sáraíodh a chur i gcomhthéacs, agus tagairtí soiléire ann do na míreanna lena mbaineann na sonraí sin. 
 

9. News Broadcaster of the Year | Craoltóir Nuachta na Bliana
Is é seo an gradam don chlúdach nuachta is fearr a rinne craoltóir le linn 2026. Féachtar leis an ngradam seo aitheantas a thabhairt do gach gné den chlúdach lena n-áirítear fiontar iriseoireachta, caighdeán tuairiscithe, fís agus fuaim, anailís agus míniúchán, an úsáid a baineadh as ábhar ar líne, sóisialta, digiteach, soghluaiste nó nuálaíocht de chineál eile, agus/nó cuimsitheacht an chlúdaigh trí chéile. Cuimsíonn an chatagóir seo gach clár nuachta agus cúrsaí reatha beo, agus iad siúd a ndéantar taifeadadh orthu roimh ré ach a chraoltar i stíl chraolta beo (lena n-áirítear seónna painéil).
Is féidir ábhar ó roinnt seachtainí nó míonna a chur isteach. Ceadaítear suas le 5 mhír ar a mhéad i ngach iontráil, agus gach mír lipéadaithe go soiléir leis an am agus leis an dáta.  
D’fhéadfadh na míreanna a bheith bainteach leis an scéal nuachta céanna, nó roinnt scéalta éagsúla – is faoin gcraoltóir atá sé an t-ábhar a roghnú chun léiriú a thabhairt ar an gcuid is fearr den chlúdach nuachta. Ní mór sraitheoga a scaradh óna chéile go hachomair le scáileán dubh agus ní cheadaítear eagar a chur orthu go hinmheánach. Ba chóir do ghníomhaireachtaí nuachta cóipeanna de na scripteanna agus den bhunábhar a chur isteach leis an iontráil agus, nuair is féidir, sonraí faoin gcaoi ar úsáid craoltóirí agus/nó dáileoirí ar líne an t-ábhar. Ní mór cóipeanna de scripteanna a sheoladh isteach in éineacht i gcáipéis PDF amháin agus gach script a bheith lipéadaithe go soiléir ann. Is féidir iad seo a uaslódáil mar chuid den fhoirm iarratais.  
Beidh na moltóirí ag breathnú ar chaighdeán na hiriseoireachta agus ar rannpháirtíocht leis an lucht féachana chomh maith le nuálaíocht, ardchaighdeáin léirithe agus theicniúla, chomh maith leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gclár/na cláir. 
 

10. Current Affairs | Cúrsaí Reatha
Tá an gradam seo dírithe ar an scéal eisiach is fearr maidir le cúrsaí reatha, nár bhain leis an ngnáthchlár nuachta  ̶ d’fhéadfadh “scúp den scoth” nó píosa anailíse a leagfadh amach an réimse plé a bheith i gceist. Baineann an gradam seo le cláir faisnéise agus plé, lena ndéantar iniúchadh, míniú nó anailís ar chúrsaí reatha. D’fhéadfadh cnuasach tuairiscí ó chlár amháin, nó tuairisc amháin a bheith san iontráil. Tá fáilte roimh iontrálacha ó chraoltóirí agus / nó ó dhaoine aonair.
Tabharfaidh na moltóirí aird ar leith ar shoiléireacht agus údarás na hiontrála, agus ar chríochnúlacht fhreagra na heagraíochta nuachta ar an scéal. Ba cheart fianaise a léiriú ar an ‘eisiachas’, más cuí.   
Cuir isteach an mhír aonair nó clár amháin ón tsraith. 
Beidh na moltóirí ag breathnú ar chaighdeán, ar úrnuacht agus ar chruthaitheacht na hiriseoireachta, mar aon leis an tionchar a d’fhéadfadh sé a bhí ag an gclár. 
 

11. Children’s Programme | Clár do Leanaí
ugtar aitheantas sa chatagóir seo do bharr feabhais ghairmiúil i réimse na gclár do leanaí. Is féidir sraith (clár amháin), cláir aonair nó gearrchlár a iontráil do chláir fhíorasacha, drámaíochta, ghrinn, bheochana agus siamsaíochta do leanaí. Chun clár a iontráil faoi Chlár do Leanaí, ní mór a chinntiú gur le haghaidh lucht féachana óg a ndearnadh agus a coimisiúnaíodh an clár go sonrach.  
Cuir clár amháin ón tsraith isteach.  
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar an úrnuacht, agus ar chruthaitheacht, tionchar, agus gairmiúlacht an léiriúcháin trí chéile. 
 

12. Short Film | Gearrscannán
Déantar ceiliúradh leis an ngradam seo ar scoth na hoibre agus ar an nuálaíocht i ngearrscannáin scriptithe agus sa bheochan. Cuimsíonn an chatagóir seo ficsean den uile chineál nó drámaíocht inste eile, lena n-áirítear drámaíocht atá bunaithe ar fhíorimeachtaí. Is é 30 nóiméad uasfhad an scannáin.
Cuir isteach an scannán iomlán, le do thoil.  
Beidh na moltóirí sa tóir ar ábhar d’ardchaighdeán, ar úrnuacht sa script agus sa scéalaíocht, ar an gcruthaitheacht, agus gairmiúlacht sa léiriúchán trí chéile.   
 

13. Breakthrough Talent Award | Ag Teacht Chun Cinn
Tugtar aitheantas sa chatagóir seo do bharr feabhais gairmithe nua agus iad siúd atá ag teacht chun cinn sna róil seo a leanas: Láithreoir, Iriseoir, Óstach Seó, Agallaí, Tráchtaire nó Aisteoir.  
Is é Coiste RTS Phoblacht na hÉireann a dhéanann cinneadh maidir leis an ngradam seo. 
 

14. Outstanding Contribution Award | Gradam Comaoine
Is é RTS a bhronnann an Gradam Comaoine ar dhuine nó ar ghrúpa daoine a chuir go mór le hearnáil na teilifíse in Éirinn le blianta anuas.  
Is é Coiste RTS Phoblacht na hÉireann a dhéanann cinneadh maidir leis an ngradam seo.
 

15. Outstanding Craft Award
Iarrfar ar ghiúiréithe breithniú a dhéanamh ar iontrálacha ar bith a bhfuil scoth na ceirde le haithint iontu maidir leis an Eagarthóireacht, Scríbhneoireacht, Cineamatagrafaíocht, Fuaim nó Dearadh Léiriúcháin. Ní gá ainmniúchán a dhéanamh ach amháin sa chás go bhfuil an painéal fíor-thógtha leis na tréithe seo in aon iontráil ar leith.
Oibreoidh Cathaoirleach RTS le Giúiré ceirde chun athbhreithniú a dhéanamh ar ainmniúcháin agus buaiteoir an ghradaim a roghnú.  
 

16. Audience Choice Award – Rogha an Lucht Féachana
Is le vóta poiblí a dhéantar buaiteoir Ghradam Rogha an Lucht Féachana a chinneadh.  
 

ENTRIES / IONTRÁLACHA

Ní mór do na hiontrálacha a bheith craolta nó a bheith sruthaithe ar ardán craoltóra Éireannach den chéad uair sa bhliain féilire 2026 (d’fhéadfadh go nglacfaí le hiontrálacha a seachadadh thar lear roimhe sin). Tá na gradaim seo dírithe ar léiriúcháin nua Éireannacha agus, nuair is cuí, ar chomhléiriúcháin idirnáisiúnta a raibh baint mhór ag Éirinn leo. Ba cheart cuid de na tréithe seo a leanas, nó na tréithe seo go léir, a bheith mar chuid de na hiontrálacha:

  • Úrnuacht san fhoirm nó san ábhar a mbeidh na caighdeáin sa réimse sin anois níos airde dá bharr
  • Forbairt seánraí nua, lena dtreorófar spéis an phobail
  • Ardchaighdeán a bheidh mar eiseamláir do dhaoine eile amach anseo
  • Ábhar a raibh tionchar mór aige ar lucht féachana na hÉireann
  • Barr feabhais theicniúil, ealaíonta, feidhmíochta agus léiriúcháin
  • Ardfheidhmíocht in imthosca eisceachtúla

 

Ní dhéanfaidh giúiréithe breithniú ach ar an ábhar a chuirtear leis an iontráil. Mar sin, ba chóir d’iontrálaithe na critéir do gach catagóir a léamh go cúramach sula roghnóidh siad an t-ábhar iontrála agus ábhar tacaíochta. Ba cheart d’iontrálaithe cuimhneamh go n-iarrtar ar mholtóirí a chinntiú go mbeidh na gradaim seo ina léiriú ar an éagsúlacht atá ag teacht chun cinn laistigh den earnáil agus den tsochaí i gcoitinne. Tá iontrálacha i nGaeilge incháilithe do gach catagóir.
 

Coinníollacha Iontrála:

  • Is é an spriocdháta do gach iontráil ná meán oíche Dé hAoine, 22 Eanáir 2027.
  • Ní mór do na hiontrálacha a bheith eisithe le linn na bliana féilire 2026 ar chainéal (nó cainéil) líneach craoltóra comhpháirtíochta, ar ardán (nó ardáin) sruthaithe craoltóra comhpháirtíochta, nó ar ardán (nó ardáin) sóisialta craoltóra comhpháirtíochta, agus ní mór don chraoltóir nó don chomhlacht léiriúcháin an iontráil a chur isteach.
  • Ní mór gach iontráil a bheith léirithe in Éirinn nó, i gcás comhléiriúchán idirnáisiúnta, ní mór ionchur suntasach eagarthóireachta, léiriúcháin, feidhmíochta agus/nó airgeadais a bheith ag an rannpháirtí Éireannach.
  • Ní féidir iontráil a chur isteach ach in AON CHATAGÓIR AMHÁIN
  • Coimeádann RTS an ceart atá aige teorainn a chur ar líon na n-iontrálacha in aghaidh an chomhlachta in aon chatagóir, agus cláir a bhogadh idir catagóirí.
  • Cuirfidh giúróirí fáilte roimh aon eolas breise (seachas gearrthóga preasa) ar féidir le hiontrálaithe a chur ar fáil, amhail achoimre nó cúiseanna sonracha faoin údar gur chóir gradam a bhronnadh ar an iontráil.
  • Coimeádann RTS an ceart atá aige iontrálacha a dhícháiliú mura gcomhlíonann siad na coinníollacha, má sháraíonn siad an t-am reatha luaite, nó má tá siad níos giorra ná an t-am reatha luaite.
  • €89.43 +CBL an costas in aghaidh na hiontrála.
  • Táthar ag súil go bhfógrófar na hainmniúcháin don bhabhta ceannais go luath i mí an Mhárta 2027.
  • Is gá foirmeacha iontrála comhlánaithe agus 2 x gearrthóg/blaisín 30 soicind in aghaidh na hiontrála a chur isteach leis na hiontrálacha, chomh maith le mionsamhlacha.
  • Éileoidh RTS cearta caighdeánacha maidir le craoladh, sruthú, ath-chraoladh, poiblíocht agus cearta iarmharacha, ceadanna agus imréitigh chun na gearrthóga iontrála i gclár na ngradam a fhoilsiú ar chainéil agus ardáin líneacha agus neamhlíneacha na mball agus i bhformáid Físeán ar Éileamh ar shuíomhanna gréasáin craolta na mball agus mar chuid de sheirbhísí gaolmhara Shuíomh Gréasáin RTS amhail íoslódáil ar ghléasanna éagsúla. D’fhonn amhras a sheachaint, coimeádann RTS an ceart atá aige aon ábhar poiblíochta agus gach ábhar poiblíochta a úsáid ar gach ardán poiblíochta de réir lánrogha iomlán RTS.
  • Bronntar gach Gradam RTS gach bliain chun aitheantas, onóir agus moladh a thabhairt do dhaoine aonair as sár-éacht a bhaint amach maidir leis an toradh ealaíne deiridh a thionscnamh, a mhúnlú agus a bhaint amach beag beann ar na huirlisí a úsáideadh chun beocht a chur sa saothar. I gcás go raibh baint ag IS Ghiniúnach nó uirlisí digiteacha eile leis an saothar atá á bhreithniú, coimeádann RTS an ceart atá aige faisnéis bhreise a iarraidh maidir le cineál na húsáide ar baineadh as na huirlisí sin agus maidir le méid na rannpháirtíochta cruthaithí daonna./li>
  • Agus iontráil á cur isteach acu, deimhníonn iontrálaithe, de réir mar is fearr is eol dóibh agus a chreideann siad, nach bhfuil aon fhadhb nó ábhar imní ag baint leis an iontráil a d’fhéadfadh míchlú a tharraingt ar RTS. Má fhoghlaimíonn RTS faoi aon rud a bhaineann le hiontráil a d’fhéadfaidís a mheas go réasúnta go dtarraingeodh sé míchlú ar an gCumann, coimeádfaidh sé an ceart atá aige aon ainmniúchán nó gradam a shaothródh an iontráil sin a chur ar ceal nó a tharraingt siar.

 

JURY / GIÚRÉ

Déanfar an mholtóireacht idir an 26 Eanáir 2027 agus an 01 Márta 2027 (seachas an Gradam Comaoine agus an Gradam do Thallann Ag Teacht Chun Cinn a bheidh á gcinneadh ag coiste RTS). Beidh 4 bhall ar a laghad ar an ngiúiré a thabharfaidh faoin mholtóireacht – daoine atá aitheanta san earnáil.
Is é Coiste RTS a ainmníonn baill an ghiúiré agus déantar athnuachan ar an ngiúiré go rialta. Iarrfar ar mholtóirí neamhaird a thabhairt ar aon eolas nó eolas atá acu cheana féin, mura bhfuil an t-eolas sin san áireamh leis an iontráil a sholáthraítear. Déanann an Cathaoirleach coinbhleachtaí leasa ar bith a bhfuiltear ar an eolas fúthu agus coinbhleachtaí leasa dearbhaithe ar bith a bhainistiú chun aon tionchar míchuí ar an bpróiseas moltóireachta a chosc.
Tá na cinntí a dhéanann na moltóirí críochnaitheach agus ní féidir aon chomhfhreagras a dhéanamh maidir leis an bhfáth nár ainmníodh iontrálacha áirithe thar a chéile. 
 

Eolas maidir leis an Royal Television Society
https://rts.org.uk/region/republic-ireland

Is carthanas oideachais é an Royal Television Society (RTS) a bhfuil barr feabhas i leith gach gné d’earnáil na teilifíse á chur chun cinn agus á cheiliúradh aige ó 1927. Tugann gradam bliantúil RTS aitheantas d’éachtaí móra i léiriúchán clár, sa taibhiú, sa cheardaíocht agus dearadh, san iriseoireacht, in obair na mac léinn agus go leor eile, agus léiriú á thabhairt ar an gcaoi sin ar fhairsinge agus ar éagsúlacht earnáil na teilifíse. 
 

Tuilleadh Eolais:
RTS: Loren McNerney Quigley, RTS Republic of Ireland | RTSROI@rts.org.uk
TG4: Áine Lally, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: