Preas
CUMA ÚR NUA AR SPÓRT TG4 AGUS AN CRAOLTÓIR AG CEILIÚRADH 30 BLIAIN AR AN AER
06.10.26

![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Tá brandáil nua agus dána nochta ag TG4 do Spórt TG4 mar chuid den cheiliúradh ar chomóradh 30 bliain an chraoltóra.
Tá cúrsaí spórt i gcroílár TG4 le tríocha bliain agus cuireann an craoltóir cuid de na cláir is mó a bhfuil tóir agus a bhfuil cion ag an bpobal orthu ar fáil, cláir a bhfuil ceangal láidir cruthaithe acu leis an lucht féachana ar fud na hÉireann.
Rannóg Cruthaitheachta TG4 a d’fhorbair branda nua Spórt TG4 go hinmheánach i gcomhar le TheTenthMan. Nochtadh an chuma nua atá ar an mbranda i rith an chláir GAA BEO Dé Domhnaigh, an 4 Deireadh Fómhair, ar clár beo é a bhíonn Nemeton, comhlacht léiriúcháin neamhspleách atá lonnaithe i bPort Láirge, i mbun léirithe air.
Léiríonn an dearadh nua an fhorbairt atá tagtha ar Spórt TG4 le 30 bliain, ón gcéad lá nuair nach raibh sé ach á chur ar fáil don lucht féachana teilifíse amháin go dtí an lá atá inniu ann nuair atá sé á chur ar fáil i dtimpeallacht ilmheán don lucht féachana.
Cuirfidh an bhrandáil nua cuma níos comhaimseartha agus níos feiceálaí ar an mbranda, agus cuirfidh sí peirspictíocht úr ar fáil maidir leis an gcaoi a gcuireann Spórt TG4 scéalta (tuairimí), fíricí agus paisean don spórt Éireannach i láthair an lucht féachana.
Dúirt Rónán Ó Coistealbha, Ceannasaí Spóirt TG4:
“Tá an spórt ina chuid lárnach de chláir TG4 le 30 bliain anuas agus tá ról tábhachtach aige i gcónaí maidir leis an gcaoi a ndéanann muid ceangal leis an lucht féachana ar fud na hÉireann. De bharr go mbíonn nósanna féachana agus na meáin i gcoitinne síoraí ag athrú, is am maith é seo chun athrú a dhéanamh ar bhranda Spórt TG4. Tugann an bhrandáil nua seo léargas ar chomh maith agus atá ár gclúdach spóirt agus ar bhuaine an chlúdaigh sin, ar brandáil í a fhágann go bhfuil Spórt TG4 réidh don todhchaí trí láithreacht shoiléir agus shainiúil a bheith aige ar ardáin teilifíse, dhigiteacha agus shóisialta.”
Is cuid de chlár gníomhaíochtaí níos leithne í an bhrandáil nua seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 30 bliain TG4 ar an 31 Deireadh Fómhair 2026, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcraoltóir anois agus amach anseo.
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta, Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie



