Preas
Scéim Forbartha Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta Ag Scríobh don Scáileán
24.11.26

Nascanna:
https://www.tg4.ie/forbairt
https://www.tg4.ie/scribhneoiri
Seol d’iarratas chuig scribhneoiri@tg4.ie roimh an 11 Nollaig
Tá an Scéim Forbartha Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta: Ag Scríobh don Scáileán á reáchtáil ag TG4, le tacaíocht ó Ghréasán na Meán Skillnet, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta, chun scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh agus a fhorbairt le bheith ag scríobh don scáileán. Tá an scéim seo dírithe ach go háirithe ar scríbhneoirí, drámadóirí, filí agus scríbhneoirí eile i gceantair Ghaeltachta atá ag plé cheana féin leis na taibhealaíona agus ealaíona Gaeltachta chun iad a ghríosadh chun na meán.
Reáchtálfar an scéim in 2027 thar cúpla mí. Beidh ceardlanna, tacaíocht mheantóireachta, aoichainteoirí, deiseanna pitseála agus deiseanna cur isteach ar scéimeanna forbartha gearrscannán TG4 ar fáil mar chuid den scéim. Is é Greg Ó Braonáin a bheidh ina stiúrthóir ar an gcúrsa.
Tabharfaidh an cúrsa taithí phraiticiúil do na rannpháirtithe ar na gnéithe go léir a bhaineann le bheith ag scríobh don scáileán ó chumadh scéalta agus forbairt carachtar go struchtúr agus scríobh scripte. Tuigfidh siad na gnéithe atá ag teastáil chun scéal a fhorbairt don scáileán agus beidh script ghearr á scríobh acu don scáileán.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí, filí, scéalaithe agus drámadóirí Gaeltachta a bhfuil suim acu foghlaim faoi bheith ag scríobh don scáileán.
Chun cur isteach ar an scéim, seol físeán, ina bhfuil blúire eolais fút féin, mar aon le sampla d’ábhar atá scríofa cheana agat (mar shampla – dráma, lúibín, nó agallamh beirte nó píosa próis nó filíochta).
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Táimid thar a bheith sásta an cúrsa seo a reáchtáil arís i mbliana. Tá sé mar sprioc ag TG4 leis an scéim seo deiseanna nua a chruthú do phobal na Gaeltachta agus scríbhneoirí Gaeltachta. Cé go bhfuil cáil idirnáisiúnta ar scannáin agus ar dhrámaíocht TG4 agus cé go bhfuil scéimeanna forbartha ag TG4 cheana féin, tá pobal ealaíontóirí agus scríbhneoirí sna ceantair Ghaeltachta atá ag plé le drámaíocht stáitse agus scríbhneoireacht eile nach bhfuil ag obair linn, nó nach bhfuil taithí acu sa réimse seo chun iarratas a dhéanamh. Is mian linn leis an scéim nua seo, atá dírithe go sonrach ar scríbhneoirí a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu agus atá fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta, suim a spreagadh sna meáin, sa scríobh don scáileán agus sna deiseanna cruthaitheacha atá ar fáil dóibh le TG4.”
Dúirt Karina Feirtéar, Ceannaire ar ‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’ “Tá sé fíorthábhachtach dúinn i TG4 deiseanna oiliúna agus forbartha a chur ar fáil do thallann chruthaitheach na Gaeltachta. Tá saibhreas scéalta, teanga agus cruthaitheachta inár bpobail Ghaeltachta, agus is deis iontach í an scéim seo chun cabhrú le scríbhneoirí agus scéalaithe a gcuid scileanna a fhorbairt don scáileán.
Trí cheardlanna praiticiúla, meantóireacht agus treoir ó dhaoine a bhfuil taithí acu sa tionscal, beidh deis ag rannpháirtithe cur lena gcuid scileanna, muinín a chothú agus a gcuid smaointe a thabhairt céim níos gaire don scáileán. Tá súil againn go spreagfaidh an scéim seo glúin nua scríbhneoirí Gaeltachta agus go gcruthófar bealaí nua dóibh chun dul chun cinn a dhéanamh i dtionscal na meán Gaeilge.”
Dúirt Maria Griffin ó Ghréasán na Meán Skillnet “Tá ríméad orainn a bheith ag obair i gcomhar le TG4 ar an gclár oiliúna seo do scríbhneoirí scripte. Is cuid bhunúsach dár misean é tacú le forbairt na scéalaíochta Gaeilge, agus tugann an cúrsa seo deis ar leith do scríbhneoirí scripte a bheith ag foghlaim na ceirde ó roinnt de na daoine is mó a bhfuil meas orthu sa tionscal. Tá mórtas orainn a bheith páirteach sa tionscnamh tábhachtach seo, a mbeidh príomhról aige i múnlú na scríbhneoireachta scripte Gaeilge.”
Dúirt Ruairi Ó hAilín ó Údarás na Gaeltachta: “Is earnáil an-tábhachtach dúinn earnáil an chlosamhairc agus na méan a chuireann fostaíocht ar ardchaighdeán ar fáil. Tríd an obair le TG4, tá sé mar aidhm againn an earnáil a fhás go suntasach sna blianta amach romhainn. Is céim thábhachtach an cúrsa seo chun cur leis an tallann scríbhneoireachta agus beidh sé ina bhunús acu le haghaidh obair scríbhneoireachta eile amach anseo.”
Dúirt Rachel Holstead ó Ealaín na Gaeltachta: “Is iontach an deis forbartha é seo d’ealaíontóirí Gaeltachta. Tá tairbhe agus torthaí na scéime do scríbhneoirí na Gaeilge le feiscint cheana. Táimid an-sásta a bheith ag comhoibriú le TG4 ar an togra seo.”
Eolas faoin gcúrsa
Tá an cúrsa seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeltachta atá ag plé le scríbhneoireacht i gcoitinne, na taibhealaíona, drámaíocht stáitse, nó filíocht agus a bhfuil suim acu dul i muinín a gcuid cruthaitheachta agus a saibhris teanga agus tá súil go spreagfar i dtreo a bheith ag scríobh don scáileán iad agus go dtabharfar léargas agus tuiscint dóibh ar na meáin. Fáilteofar roimh iarratais ó scríbhneoirí a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu agus atá fréamhaithe i bpobail Ghaeltachta.
Tabharfaidh an cúrsa seo bunús do na rannpháirtithe sna gnéithe a bhaineann le bheith ag scríobh don scáileán – idir chumadh scéalta, fhorbairt carachtar agus scríobh scripteanna. Tabharfar faoi script do ghearrscannán a fhorbairt le linn 6 cheardlann a áireoidh aoichainteoirí idirnáisiúnta, meantóireacht duine le duine do na scríbhneoirí, agus deis do ghearrscannán féin a phitseáil le TG4.
Is scéim í seo atá á reáchtáil ag TG4, le tacaíocht ó Ghréasán na Meán Skillnet, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta, ar mhaithe le scríbhneoirí Gaeltachta a spreagadh agus a fhorbairt le bheith ag scríobh don scáileán.
Leagan Amach an Chúrsa
Díreoidh gach ceardlann ar threoir agus ar obair phraiticiúil bunaithe ar na scripteanna atá á bhforbairt.
-
Ceardlann 1 – Script a Scríobh: scéal, carachtair, struchtúr, comhrá agus seánraí.
Ceardlann 2- Smaointe na Rannpháirtithe a Fhorbairt i dtreo Scannáin.
Ceardlann 3- Ag Plé leis an gCéad Dréacht den Script (meantóireacht, aoichainteoirí srl)
Ceardlann 4- Ag Plé leis an Dara Dréacht den Script (meantóireacht, aoichainteoirí srl)
Ceardlann 5- An Script a Fhorbairt i dtreo an Léirithe & na Margaíochta.
Ceardlann 6- Athscríobh na Scripte lena cur in Oiriúint don Phróiseas Léirithe.
Torthaí an Chúrsa
Ag deireadh na 6 gceardlann, beidh taithí phraiticiúil ag na rannpháirtithe ar na gnéithe a bhaineann le bheith ag scríobh don scáileán. Beidh tuiscint acu ar na gnéithe atá ag teastáil chun scéal a fhorbairt don scáileán agus beidh script ghearr scríofa acu don scáileán.
CÉIM 2
Roghnófar 2 script lena bhforbairt tuilleadh as na scripteanna a thiocfaidh chun cinn le linn na 6 gceardlann. Beidh Eagarthóir Scripte ag obair i bpáirt leis an Scríbhneoir don chéim seo.
Ionad
Beidh an cúrsa á reáchtáil in ionad lárnach. Beidh roinnt de na ceardlanna ar líne.
Teagascóir: Greg Ó Braonáin
Is scríbhneoir agus teagascóir é Greg Ó Braonáin a bhfuil taithí na mblianta aige. Tá os cionn 30 bliain caite aige ag scríobh don scáileán. Chaith sé blianta fada ina scríbhneoir agus ina Eagarthóir Scripte ar Ros na Rún agus tá fadscannáin, gearrscannáin agus cláracha idirnáisiúnta scríofa aige i mBéarla agus i nGaeilge. Tá taithí na mblianta ag Greg ina oiliúnaí agus ina mheastóir scríbhneoireachta.
Eagarthóirí Coimisiúnaithe TG4: Deirbhile Ní Churraighín & Máire Ní Chonláin
Is Eagarthóirí Coimisiúnaithe iad Deirbhile Ní Churraighín agus Máire Ní Chonláin i TG4. Is iad atá freagrach as an gcoimisiúnú drámaíochta don scéim CINE4 mar aon leis na scéimeanna maoinithe do ghearrscannáin drámaíochta, Tús agus Céim Eile agus drámaíocht don teilifís. Tá tréimhsí caite acu beirt ina nEagarthóirí Coimisiúnaithe ar Ros na Rún agus is iad a bhí i mbun Eagarthóireachta ar scannáin ar nós An Cailín Ciúin, Arracht agus an tsraith dhrámaíochta CRÁ.
Is as Gaeltacht Thír Chonaill Deirbhile agus is as Conamara Máire.
IARRATAIS
Le hiarratas a dhéanamh, seol litir iarratais agus físeán gearr atá taifeadta ar fhón chun tú féin a chur in aithne. Inis beagán dúinn fút féin agus cuir sampla d’ábhar atá scríofa agat cheana chugainn (dráma, lúibín, agallamh beirte nó píosa próis nó filíochta mar shampla).
Seol d’iarratas chuig scribhneoiri@tg4.ie roimh an 11 Nollaig
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Mairéad Ní Thréinir, Rannóg Cumarsáide TG4 | mairead.nithreinir@tg4.ie