Preas
Bliain san Oifig: An tUachtarán Catherine Connolly Agallamh Eisiach - 7LÁ Dé Máirt an 17 Samhain - 20:00 TG4 & TG4+
16.11.26

Craolfar agallamh eisiach leis an Uachtarán Catherine Connolly ar eagrán speisialta de 7LÁ ar TG4 agus TG4+ ar an 17 Samhain. Beidh an clár iomlán, a bheidh á chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra, dírithe ar an Uachtarán Connolly a bheith bliain anois san Áras.
Le linn an agallaimh, déanfaidh an tUachtarán machnamh ar na príomhdhúshláin a bhí roimpi le bliain anuas, ar na mórcheisteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta atá os comhair na tíre, agus ar a fís d’Éirinn sna blianta amach romhainn.
I measc na n-ábhar a phléifear beidh cuairt Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, ar Éirinn i mbliana, Togra Gaeilge an Uachtaráin (Samhain 2026 go Samhain 2027), neodracht na hÉireann, agus an ról atá aici i gcur chun cinn comhphlé agus athmhuintearais ar fud an oileáin.
Tabharfaidh an clár speisialta seo deis don lucht féachana léargas pearsanta agus polaitiúil a fháil ar Chatherine Connolly ina hUachtarán di agus ar an treo a bhfuil sí ag iarraidh dul le linn a hUachtaránachta.
7LÁ
TG4 & TG4+
Dé Máirt an 17 Samhain – 20:00
Teagmháil i TG4 do na Meáin – 7LÁ:
Eagarthóir 7LÁ – Éamonn Ó Cualáin | eamonn.oculain@rte.ie
Taighdeoir 7LÁ – Mary Bailey | mary.bailey@rte.ie