Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

‘Lú Abú – The Louth LGFA Story’ á chraoladh ar TG4 Dé Sathairn an 18 Aibreán ag 18:25

15.04.26

An Lú Abú An Lú Abú 2

 

Craolfar clár faisnéise spóirt spreagúil agus corraitheach, ‘Lú Abú – The Louth LGFA Story’, ar TG4 Dé Sathairn an 18 Aibreán ag 18:25.
 

Tabharfar léargas ar fhoireann Pheil na mBan Lú agus ar an méid a bhíonn ag tarlú den pháirc sa chlár an-suimiúil seo agus iad ag iarraidh Craobh na Sóisear TG4 2025 a bhaint amach agus iad faoi stiúir an chaptaein Áine Breen. Tá na mná ón gContae is Lú dírithe uile ón gcéad lá den fheachtas ar bheith ar ais i bPáirc an Chrócaigh do Chluiche Ceannais na hÉireann. Is mór an t-ugach é an díomá a bhí orthu nuair a d’éirigh le mná Fhear Manach an ceann is fearr a fháil orthu i gcluiche ceannais 2024, agus tá siad meáite ar an gcorn a chrochadh an geábh seo.
 

Tabharfar deis eisiach don lucht féachana in ‘Lú Abú’ léargas a fháil ar aistear an scuaid, ar a dhéine a bhíonn na seisiúin traenála, ar a theaicticiúil a bhíonn na hullmhúcháin, ar an tiomantas diongbháilte a theastaíonn chun dul san iomaíocht ar an leibhéal is airde. Beifear i dteannta na foirne le linn na tréimhse ríthábhachtaí sin agus iad ag teannadh leis an gcluiche ceannais, trína bhfaighidh an lucht féachana léargas nach mbíonn le fáil an-mhinic ar an meon agus ar an aontacht a spreagann scothimreoirí idirchontae.
 

I gcroílár a n-aistir tá uaillmhian chomhroinnte: is é sin Corn an West County Hotel a chrochadh in airde ar chéimeanna Sheastán Uí Ógáin agus Craobh Uile-Éireann na Sóisear bainte amach acu. Ní hamháin go n-éiríonn leis an gclár faisnéise léargas a thabhairt ar mhná na foirne agus iad ar thóraíocht na huaillmhéine sin, tugtar léargas freisin ar an gcreideamh agus an athléimneacht i gcomhar a spreagann iad.
 

Tugtar léargas sa chlár freisin ar an eispéireas iomlán a bhaineann le laethanta na gcluichí, idir an t-ullmhúchán agus an bhís a bhíonn i gceist agus an t-aicsean uile ar an bpáirc. Insítear scéal na ndaoine féin a bhíonn lárnach san ócáid mhór, ar bhealach ina gcuirtear béim ar mhothúcháin na n-imreoirí, an lucht bainistíochta, agus an lucht tacaíochta dílis a thaistealaíonn le teann dóchais agus bróid chun seasamh lena gcontae.
 

Trí scannánaíocht eisiach den mhéid a tharlaíonn den pháirc, tugtar léargas beoga agus barántúil ar a bhfuil i gceist le hionadaíocht a dhéanamh ar do chontae ar an stáitse is mó i bPeil na mBan in ‘Lú Abú’.
 

Tá Cumann Pheil na mBan Lú in 2026 ag dul ó neart go neart ó scannánaíodh an clár, bhuaigh siad Roinn 3 i Sraith Náisiúnta Lidl Dé Sathairn seo caite, tar éis dóibh ardú céime a fháil roimhe sin go dtí Roinn 2 do shéasúr 2027. 

Arna léiriú ag AIG Ireland, comhpháirtí mórtasach árachais oifigiúil de chuid Chumann Pheil na mBan, is ceiliúradh é an clár faisnéise seo ar dhíograis, ar theacht aniar agus ar spiorad an phobail.
 

Teagmháil do na Meáin Spórt i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie | 086-8315842

Cuir aithne orainn: