Preas
Spiorad na Féile i Measc na nGradaim a Bronnadh ar Chláir TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2026
Is ar an clár faisnéise Na Lumière Gaelacha a bronnadh Spiorad na Féile tráthnóna aréir ag gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach i mBéal Feirste. Is ar an clár faisnéise Na Lumière Gaelacha a bronnadh Spiorad na Féile tráthnóna aréir ag gradaim Torc Fhéile na Meán Ceilteach i mBéal Feirste.
05.06.26

Léargas ar thús na scannánaíochta in Éirinn atá sa chlár seo. Is triúr deartháireacha, gréasaithe as baile beag in oirthear Chorcaí, a chur tús le cúrsaí scannánaíochta in Éirinn. Nuair a chonaic siad an obair a bhí ar bun san Eoraip ó thaobh cúrsaí scannánaíochta agus beochana shocraigh siad féin triail a bhaint as. Insítear scéal na deartháireacha Horgan as Eochaill sa gclár seo, ceannródaithe grianghrafadóireachta, scannánaíochta agus beochana a thug faoin gceird seo ag an am céanna leis na deartháireacha Lumière sa bhFrainc. D’fhéadfaí a rá gur in Eochaill a cuireadh tús le cúrsaí scannánaíochta in Éirinn. Léirithe ag Cormorant Films. Féach ar an clár anseo: https://nasc.tg4.tv/Na_Lumière_Gaelacha
Bronnadh Torc do clár Na hEalaíona ar David Keenan – Focla ar Chanbhás. Ceithre bliana i ndiaidh do David Keenan a albam Beginner’s Guide to Bravery a chur amach filleann sé ar an stiúideo chun ceol nua a thaifeadadh. Feicfear David ag cumadh agus ag cruthú ceoil thar thréimhse 500 lá sa gclár seo. Léirithe ag Tua Films.
Is ar an clár An Grá Ciúin a bronnadh an chéad duais sa chatagóir Fadchlár Faisnéise. Sa chlár faisnéise pearsanta seo, roinneann trí lánúin as pobal na mBodhar a scéalta grá urghnácha i dteanga chomharthaíochta. Tugtar léargas álainn sa bhailiúchán seo de litreacha grá cineamatacha ar shaol na mBodhar agus ar chumhacht an ghrá bhuain. Léirithe ag Curious North Productions.
Is é an clár Mamó agus Mise a thug leis an chéad duais sa chatagóir do Chláir do Dhaoine Óga. San clár seo téann Fionn ag múitseáil ón scoil chun lá amháin eile a chaitheamh lena Mhamó. Scéal a thógfaidh do chroí faoin saol agus briseadh croí. Léirithe ag Desmond Bros Media Limited.
Bíonn Féile na Meán Ceilteach ar siúl in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha gach bliain. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus cuirtear an chuid is fearr ansin ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta.
Deir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir, TG4, “Tá muid thar a bheith mórtasach go bhfuil na gradaim seo bronnta ar chláir TG4 ag Féile na Meán Ceilteach 2026. Is iontach an t-aitheantas é seo ar an gcruthaitheacht, ar an uaillmhian agus ar an gcaighdeán a bhíonn le fáil i gcláir agus ábhar TG4 agus ar an obair a dhéanann na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha ar fud na tíre a bhfuil sé de phribhléid againne a bheith ag obair leo. Comhghairdeas mór leo uilig.”
Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie