Preas
Comhdháil Eorpach na Meán ar éagsúlacht, cothroime agus ionchuimsitheacht i nGaillimh
08.05.26

Anne Richardson, Bainisteoir Sinsearach Tionscadail in Aontas Craolacháin na hEorpa, Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4 agus Trevor Ó Clochartaigh, Stiúrthóir Nuálaíochta, Inbhuanaitheachta & Acmhainneachta Earnála TG4
Íomhánna: Flickr
Reáchtáil TG4 mórchomhdháil Eorpach ar Éagsúlacht, Cothroime agus Ionchuimsitheacht i nGaillimh an tseachtain seo (6 & 7 Bealtaine 2026). Tugadh ceannairí meán seirbhíse poiblí, rialtóirí meán agus daoine den phobal le chéile chun dul i ngleic le cuid de na dúshláin ionchuimsithe is mó atá roimh chraoltóirí sa lá atá inniu ann.
Reáchtáladh an chomhdháil dhá lá in The Portershed, i nGaillimh, i gcomhar le hAontas Craolacháin na hEorpa, agus scrúdóidh an chaoi ar féidir le heagraíochtaí meán léargas níos fearr a thabhairt ar Eoraip na linne seo, ó rochtain ar theangacha mionlaigh agus earcaíocht ionchuimsitheach go hionadaíocht LADTA+, tuairisciú ar chúrsaí imirce agus daoine faoi mhíchumas a ionchuimsiú.
Labhair Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán, faoi go bhfuil éagsúlacht agus ionchuimsiú ina dtosaíocht straitéiseach do rialtóir sábháilteachta meán agus ar líne na hÉireann.
Labhair Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, faoin ról lárnach atá ag TG4 i dtaobh éagsúlacht teanga agus iolrachas a chinntiú i dtimpeallacht shíorathraitheach na meán in Éirinn.
Is éard a dúirt Anne Richardson, Bainisteoir Sinsearach Tionscadail in Aontas Craolacháin na hEorpa, a dhéanann maoirseacht ar ghrúpa oibre um éagsúlacht, cothroime agus ionchuimsitheacht na heagraíochta a reáchtálann an chomhdháil “Is deis uathúil an ócáid seo do chraoltóirí poiblí ar fud na hEorpa dea-chleachtais a roinnt agus oibriú i gcomhar ar straitéisí agus tionscnaimh éagsúlachta, chothroime agus ionchuimsitheachta. Le linn an teacht le chéile seo, beimid in ann smaointeoireacht chomhchoiteann a chur chun cinn maidir le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus maidir leis an gcaoi ar féidir linn foghlaim ó thaithí daoine eile.”
Ina cháil mar eagraíocht meán seirbhíse poiblí Gaeilge na hÉireann, bainfidh TG4 úsáid as an ócáid chun aird a tharraingt ar an ról atá ag na meáin teangacha mionlaigh freastal ar phobail éagsúla agus a chinntiú go dtabharfar cluas éisteachta do dhaoine faoi ghannionadaíocht.
Dúirt comheagraí na comhdhála, Trevor Ó Clochartaigh, Stiúrthóir Nuálaíochta, Inbhuanaitheachta & Acmhainneachta Earnála TG4: “Tá TG4 thar a bheith bródúil as imeacht chomh tábhachtach leis seo a óstáil anseo i nGaillimh. Tráth a bhfuil tionscnaimh éagsúlachta, chothroime agus ionchuimsitheachta faoi bhrú ollmhór ar fud an domhain, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go leanfaidh na Meáin Seirbhíse Poiblí ar aghaidh ag tabhairt tús áite do na saincheisteanna sin, ar an scáileán agus den scáileán. Is éard atá i gceist leis an gcomhdháil seo ná ardán a thabhairt don obair iontach atá á déanamh ag ár Meáin Seirbhíse Poiblí ar fud an domhain, chun aird a tharraingt ar na dúshláin atá romhainn ar fad agus chun oibriú le chéile chun domhan níos ioncuimsithí a chruthú do gach uile dhuine beo againn.”
Mar chuid den chomhdháil bhí ionchur ó eagraíochtaí meán seirbhíse poiblí lena n-áirítear TG4, RTÉ, Radio Sweden, ARD/SWR, Czech Radio, RTVE, S4C, NTR, Czech TV, VRT, WDR agus LSM Latvia
Bhí peirspictíochtaí áitiúla agus pobail lárnach i gclár na comhdhála freisin, agus bhí cainteoirí ann ó Chomhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe, ó Ghluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe, Lucht Tacaíochta Sacair na hEorpa agus Obair d’Ógra Éireann, Gaillimh.
Díríodh sna príomhsheisiúin ar an méid seo a leanas:
- Straitéisí éagsúlachta, cothroime agus ionchuimsitheachtasna meáin seirbhíse poiblí le linn brúnna buiséid agus polaitiúla
- Earcaíochtion chuimsitheach agus cur leis an rochtain atá ag daoine ar ghairmeacha sna meáin
- Rochtain ar theangacha mionlaigh agus ról IS
- Tionscnaimh ionadaíochta agus meán LADTA+
- Tuairisciú ar chúrsaí imirce gan chur leis an deighilt idir daoine
- Comhoibriú éagsúlachta, cothroime agus ionchuimsitheachta amach anseo ar fud líonra Aontas Craolacháin na hEorpa
Mar chuid de chlár na comhdhála freisin tugadh cuairt ar Ollscoil na Gaillimhe, arna hóstáil ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, agus bhí ceardlann phraiticiúil ar thuairisciú ar chúrsaí imirce faoi stiúir Zbyszek Zalinski, Ceann éagsúlachta, cothroime agus ionchuimsitheachta RTÉ.
Cuireadh clabhsúr leis an gcomhdháil ar an 7 Bealtaine le plé ar thosaíochtaí agus ar chomhoibriú amach anseo ar fud líonra Aontas Craolacháin na hEorpa.
Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Anne Richardson | Aontas Craolacháin na hEorpa | arichardson@ebu.ch
Sharrlyn Faller | Aontas Craolacháin na hEorpa | faller@ebu.ch