Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comóradh ar 30 bliain de TG4 le feachtas mór nua ‘Súil Eile’

02.11.26

Súil Eile

Feachtas ‘Súil Eile’

 

Súil Eile – Blaisín
Súil Eile – Íomhánna
 

Feachtas faoi leith lena ndéantar ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar dhearcadh eile i leith na hÉireann agus cothrom 30 bliain ó bunaíodh TG4 á chomóradh.
Tá ceiliúradh á dhéanamh ag TG4 ar 30 bliain ar an aer le feachtas mór nua, ‘Súil Eile’, comóradh ar 30 bliain de dhearcadh éagsúil ar Éirinn agus súil chun cinn ar an gcéad chaibidil eile i scéal an stáisiúin.

Cuireann seoladh an fheachtais seo beocht nua faoi shuaitheantas sainiúil TG4: ‘Súil Eile’, malairt léargais, le scannán nua, dána, ealaíonta a ceapadh i gcomhar le The Tenth Man agus Deartháireacha McGloughlin a bhfuil dea-cháil i gcúrsaí scannánaíochta orthu.

Gné chroílárnach den fheachtas an ceiliúradh ar shaíocht shainiúil iltréitheach na nGael, na Gaeilge agus na hÉireann: na daoine, an teanga, an tír, an cultúr agus an chruthaitheacht. Cuirtear dearcadh neamhghnách i láthair sa scannán i leith áiteanna agus smaointe, san am a caitheadh, san am i láthair agus san am atá le teacht, le haird ar ról TG4 le 30 bliain anuas ag tabhairt malairt léargais ar Éirinn á cur i láthair ar bhealach seachas an gnáthrud.
 

Súil Eile

Feachtas ‘Súil Eile’

 

Deir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
“Bhí Súil Eile ina ghné lárnach de TnaG ón gcéad chraoladh sin Oíche Shamhna 1996. Deich mbliana is fiche dár gcionn, tá ‘Súil Eile’ á athshamhlú leis an bhfeachtas seo ag léiriú an ardaidhm a ghabhann leis an mana agus a bhí ó thús ré TG4 i leith. “Is ceiliúradh atá ann ar chroí agus anam phobal na hÉireann agus ar na Gaeil, ar an gcruthaitheacht agus ar an macántacht: comhartha a léiríonn tuiscint don neart a ghabhann leis an tsamhail a bhí ag gluaiseacht na ngnáthdhaoine a d’éiligh seirbhís teilifíse faoi leith i nGaeilge agus a raibh súil acu go dtabharfaí a leithéid i gcrích. Déantar ceiliúradh ar an dearcadh faoi leith agus ar an tuiscint faoi leith a bhíonn againn trí Ghaeilge orainn féin agus ar an saol inár dtimpeall. Agus comóradh á dhéanamh againn ar an tráth suntasach seo, is ábhar mórtais dúinn a bhfuil bainte amach le 30 bliain anuas agus táthar ag tnúth go mór leis an gcéad tréimhse eile seo atá roimh TG4 anois.”
 

Deir Seán Cathal Ó Coileáin, Stiúrthóir Brandála agus Cruthaitheachta TG4:
“Le deich mbliana is fiche, ‘Súil Eile’ an lóchrann eolais againn, meon a fhágann nach mar a chéile a fheictear Éire dúinne, go gcuirtear in aghaidh na gnáthsmaointeoireachta agus go ndéantar ceiliúradh ar an ábhar suntasach gan choinne. De réir mar is deighilte agus is scaipthe atá saol na meán cumarsáide, is tábhachtaí arís an meon sin. Leanfaidh ‘Súil Eile’ ina Réalta Eolais againn, tiocfaidh ár gcuid smaointeoireachta agus ár gcuid cruthaitheachta faoina anáil chomh maith leis an modh ina ndéantar freastal ar dhreamanna nua sa lucht féachana ar gach meán cumarsáide.”
 

Deir Ken Robertson, Seoltóir & POF The Tenth Man:
“Tá ‘Súil Eile’ ar cheann de na smaointe brandála sin, cineál an-neamhchoitianta go deo, ar mó an bhrí atá leo le himeacht aimsire. Deich mbliana is fiche ó shin, ba léiriú é ar an ngá a bhí le TG4 a chur ar bun. Sa lá atá inniu ann, tráth a bhfuil oiread dá dtagann faoinár mbráid á shocrú le halgartaim ionas gurb é an dearcadh amháin a fheictear arís agus arís eile, braitear tábhacht breise le malairt léargais agus le dearcadh eile ar an saol. “Ní raibh muid ag iarraidh míniú a thabhairt ar ‘Súil Eile’. B’fhearr linn go mbeadh meon ‘Súil Eile’ leis an saothar féin. Ligeann solas infridhearg dúinn nithe a fheiceáil a bhí os ár gcomhair an t-am ar fad ach nach léir iad do shúil an duine. Shaothraigh Kevin agus Páraic McGloughlin an smaoineamh sin ar bhealach ba dheacair a shamhlú, agus cuireann an ceol a chum Max Cooper blas eile arís air.”
 

Deir Deartháireacha McGloughlin:
“Bhí beocht agus nuacht i gceist leis an tionscadal seo do TG4 againn; ní minic a thugtar deis dúinn cás na hÉireann a chíoradh agus a chur in iúl le barr cruthaitheachta agus leis an tsaoirse saothar neamhghnách a chruthú a chorródh croí na ndaoine. Ba mhór an pléisiúr oibriú air! Bhí an mheitheal ar fad an-tugtha d’Éirinn, do theanga álainn na nGael agus don tír a chur i láthair le meon na cruthaitheachta. Bhí fáilte ag an uile dhuine roimh smaointe éagsúla agus iad breá fonnmhar glacadh le smaointe seachas an “seanmhar-a-chéile”. Mar sin is fearr linne, ar ndóigh! Faoi anáil ‘Súil Eile’, léirítear Éire sa scannán le dearcadh éagsúil ionas nach é an gnáthléargas a fhaightear ar an tír. Is é croí an tsaothair go dtugtar léargas ar áille agus ar iléagsúlacht na hÉireann, mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh, le modhanna scannánaíochta neamhghnácha ionas nach mar a chéile a fheictear. Ba é an smaoineamh simplí sin bun agus barr an uile ní ionas gurbh fhéidir Éire a chur i láthair ina sraitheanna saoithiúla tíre a dtagann léargas agus tuiscint bhreise ina leith nuair is i nGaeilge atáthar ag plé leo.”
 

Deir Kevin Goss-Ross, an Grianghrafadóir iomráiteach:
“Ba mhór an onóir dom gur iarradh orm sraith grianghraf a thógáil do TG4 agus cothaíodh tréimhse iontach dánaíochta agus saoirse leis an gcomhar fónta le muintir The Tenth Man. Nuair is cuireadh atá san fheachtas an saol a fheiceáil ar bhealach nua trí Ghaeilge, thosaigh mé le taighde ar an tionchar a bhíonn ag teanga ar intinn an duine, d’fhiosraigh mé seanchas agus béaloideas na hÉireann agus tharraing mé le chéile teicnící éagsúla a raibh spéis agam iontu maidir le dathanna ceilte a léiriú ar mhodhanna orgánacha agus dul ag plé le gnéithe maidir le dathanna a mbeifí dall orthu mar gheall ar chúrsaí teanga agus imeacht aimsire. Bhí péire de na híomhánna, a thóg mé le ceamara infridhearg a bhfuil scagaire 550nm IR air iad ionas gur baineadh an solas is léir don tsúil as an áireamh agus go léirítear an duilliúr mar a bheadh dathanna bándearga air.

Draighean atá ag fás as tuama dingeach ag Loch Mhic Ruairí, Co. Thír Eoghain a bhí sa chéad cheann agus ba den chromleac, nó Leaba Dhiarmada agus Ghráinne, i gCill Chluanadh i dTír Chonaill an dara ceann. Fágann an ghrianghrafadóireacht infridhearg go dtagann dath geal bándearg ar an rud atá ag fás ach go bhfanann an chloch mar a fheictear go nádúrtha dúinn: sin gan athrú nuair atá bás agus athfhás i gceist lena bhfuil beo ina thimpeall. An chruach amach ó Cheann na Cruaiche i gCo. Dhún na nGall an tríú pictiúr a thóg mé agus an pháirc imeartha iontach ar Inis Toirc amach ó Chontae Mhaigh Eo an ceathrú ceann.

Bhain mé leas as teicníc a raibh mé ag plé go hútamálach leis le blianta ach nár éirigh liom a mháistriú chomh mór agus go mbainfinn fónamh ar bhonn tráchtála as, modh oibre ar a dtugaim uaindealú RGB (dearg, uaine, gorm). Nuair a tosaíodh ar dtús ar ghrianghrafadóireacht ildaite, bhain ceann de na modhanna oibre le trí íomhá a thógáil den ábhar amháin, scagadh á dhéanamh ar an solas i ngach cás ionas nach dtiocfadh ann ach solas dearg, glas agus gorm faoi seach i ngach aon íomhá i ndiaidh a chéile agus na trí chainéal solais a theilgean trí scannán daite ina dhiaidh sin ar mhaithe leis an gcumasc. Nuair a chruthaítear íomhánna ar an gcuma sin, feictear nithe mar a bhíonn de ghnáth nuair is ionann an solas, ach má thagann athrú ar an solas i réimse faoi leith, bíonn lóchrann beo, daite, neamhchoitianta le feiceáil.

Ar an gcaoi chéanna a dtugann teanga ársa na Gaeilge tuiscint nua ar an domhan atá le feiceáil againn, cuireann an modh oibre seo beocht nua sna dathanna le himeacht ama ionas go léirítear rud dúinn a mbeimis dall air dá uireasa, sin uilig trí fhónamh a bhaint as gné fhánach de maith den phróiseas a bhain le próiseas na grianghrafadóireachta nuair a tosaíodh ar íomhánna daite a chruthú den chéad uair. Chaith mé ocht n-uaire a chloig ar an meán i ngach ionad, ag fanacht go mbeadh an solas ceart ann nó ag tógáil íomhánna den radharc ag amanna éagsúla den lá ionas go n-aimseoinn na dathanna a bhí á gceilt agus á léiriú de réir mar a théadh an t-am thart. Cheangail mé freisin soilse beaga le drón d’fhonn péintéireacht solais a dhéanamh ar réimse den taobh tíre tar éis don oíche titim agus bhí íomhánna an tráthnóna agam ansin le cumasc le híomhánna faoi sholas an lae.”
 

Deir Paul Moran, Zenith Ireland:
“Táimid thar a bheith bródúil as bheith ag obair i bpáirt le TG4 agus an stáisiún ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód – ócáid mhór thábhachtach do chraoltóir a bhfuil tionchar ollmhór aige ar na meáin agus ar chultúr na hÉireann. Tá i bhfad níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis bainte amach ag TG4 arís agus arís eile le tríocha bliain anuas, stáisiún a chuireann ábhar den chéad scoth ar fáil agus a chuireann an Ghaeilge chun cinn, agus tá dlúthcheangal cothaithe freisin aige leis an lucht féachana, beag beann ar aois. Mar chomhpháirtí de chuid TG4 le fada an lá, ba mhór an phribhléid dúinn a bheith leis ar an turas sin. Tréaslaímid an t-éacht seo le foireann uile TG4 agus táimid bródúil as an méid a dhéanann muid féin chun an feachtas tábhachtach ‘Súil Eile’ seo a chur os comhair an lucht féachana ar fud na hÉireann.”
 

Le 30 bliain anuas, tá TG4 ina chrann seasta ag scéalaíocht nuacheaptha i nGaeilge, le drámaíocht, faisnéis, siamsaíocht, ceol, spórt, nuacht agus ábhar do leanaí, ionas go gcuirtear dearcadh agus léargas i láthair ó ghuthanna agus ó dhreamanna éagsúla ar fud na hÉireann.

Is súil siar ar an oidhreacht sin ‘Súil Eile’ chomh maith le súil chun cinn ar a bhfuil le teacht, deimhniú ar dhúthracht TG4 i leith na cruthaitheachta agus na samhlaíochta agus maidir leis an tír seo agus an domhan iomlán a chur i láthair le dearcadh a eascraíonn go sainiúil ó theanga na Gaeilge.

Tá an feachtas seo á chur ar siúl faoi láthair ar fud ardáin teilifíse, dhigiteacha agus shóisialta TG4 i dteannta le feachtas níos forleithne atá á chur i gcrích i gcomhar le The Tenth Man agus Zenith Ireland.

 

Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: