Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 agus a Chomhpháirtithe ag Tacú le hOcht gCinn de Scannáin Ghaeilge ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Ceithre Cinn ina measc a léiríodh faoi na Scéimeanna Tús & Céim Eile agus a bheidh á dTaispeáint den Chéad Uair

09.07.26


 

 

Rinne TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta na Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann ceiliúradh i nGaillimh inniu ar dhream nua scannánaíochta, atá ag tabhairt go cumasach faoi scannáin a léiriú i nGaeilge, le gearrscannáin a léiríodh faoi na scéimeanna Tús agus Céim Eile á gcur ar taispeáint den chéad uair tar éis ócáid fáilte a eagraíodh sa Corrib Tea House i gcathair na Gaillimhe.
 

Taispeánadh ceithre cinn de ghearrscannáin a léiríodh faoi na scéimeanna Tús agus Céim Eile in Amharclann Halla an Bhaile mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe: Capall (An Chéad Taispeáint Riamh), Mí-Ádh (An Chéad Taispeáint Riamh), An Mháthair (An Chéad Taispeáint Riamh) agus Ár gCluiche Féin (An Chéad Taispeáint in Éirinn).
 

Rinneadh ceiliúradh ag an ócáid ar na scríbhneoirí Glenn Gannon (Capall), Sarah Gordon agus Damian McCann (Mí-Ádh), Seán Keeley (An Mháthair) agus Medb Johnstone (Ár gCluiche Féin), chomh maith leis na meithle léiriúcháin a bhí ag obair ar na gearrscannáin nua seo.

Chuir a dtaispeáint den chéad uair na gearrscannáin Gaeilge i lár an aonaigh agus díríodh aird ar thréithiúlacht, nuálaíocht agus ardaidhm chruthaitheachta an lucht scannánaíochta agus na scríbhneoirí atá ag saothrú trí Ghaeilge.

Beidh na scannáin á gcraoladh ar TG4 amach anseo.
 

Scéimeanna do scripteanna gearrscannáin i nGaeilge atá i gceist le Tús & Céim Eile a gcuireann TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta na Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann cistíocht ar fáil lena n-aghaidh, d’fhonn ábhar nua drámaíochta i nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn agus treisiú le forbairt na scríbhneoireachta i nGaeilge ó scríbhneoirí Gaeltachta agus ó scríbhneoirí Gaeilge atá i dtús a ngairme.

Trí na scéimeanna seo, leanann TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta na Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann ag treisiú leis an bhforbairt ar an dream cumasach scannánaíochta, an dream nua agus an dream seanbhunaithe araon, atá ag saothrú i nGaeilge agus ag cruthú deiseanna do scríbhneoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí bunábhar nuacheaptha Gaeilge a thabhairt chun cinn. Is léir ar na scéimeanna an dúthracht a chaitheann na comhpháirtithe d’fhonn treisiú le scéalaíocht i nGaeilge ar an scáileán, tacú leis an gcéad ghlún eile de dhaoine cumasacha, agus drámaíocht nuafhaiseanta agus comhaimseartha i nGaeilge a chur ar fáil don lucht féachana in Éirinn agus thar lear.

Leanfar de na ceithre scannán Capall, Mí-Ádh, An Mháthair agus Ár gCluiche Féin a chur ar taispeáint ag féilte eile tar éis Fhleadh Scannán na Gaillimhe.
 

Ag labhairt di faoin tionscnamh, deir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
“Is ábhar mórtais ag TG4 tacú le Tús agus le Céim Eile, a bhfuil an-tábhacht leo maidir le scríbhneoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí a chothú a chuireann ábhar nuacheaptha drámaíochta ar fáil i nGaeilge. Is léir ar na scannáin seo an cumas atá sna meithle léiriúcháin nua atá ag teacht chun cinn agus an suntas atá le scéalaíocht i nGaeilge san am i láthair. Is gné lárnach de shainchúram seirbhíse poiblí TG4 tacú le saothar den sórt seo agus é a chur ar taispeáint.”
 

Deir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4:
“Is scéimeanna ríthábhachtacha Tús agus Céim Eile maidir le cumas cruthaitheachta a chothú agus tacú le scannáin nua drámaíochta i nGaeilge a fhorbairt. Is saothar sainiúil, spéisiúil, ardaidhmeannach gach ceann de na scannáin atá á dtaispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe agus is teist iad ar an tábhacht atá le deis a thabhairt do scríbhneoirí agus don lucht scannánaíochta scéalta láidre nuacheaptha a thabhairt chun cinn i nGaeilge.”
 
Gabhtar buíochas ollmhór le Fleadh Scannán na Gaillimhe as deis a thabhairt don lucht féachana, agus d’aíonna a bhaineann le tionscal na scannánaíochta, an saothar atá á thabhairt chun cinn faoi Tús & Céim Eile a fheiceáil agus na daoine cumasacha a bhfuil tionscadail Ghaeilge á bhforbairt acu a chur i lár an aonaigh.
 
Achoimre Ghairid ar na scannáin a bheidh á dtaispeáint den chéad uair:
 
 

TÚS

Capall (An Chéad Taispeáint Riamh)
Téann cluiche ‘capall’ in aimhréidh ar bheirt choirpeach agus iad ag tiomáint chuig an gcéad jab marfach eile.
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Glenn Gannon
Léiritheoirí: James Dennison, Glenn Gannon, Tom Conway, Sinéad Dolan
 

Mí-Ádh (An Chéad Taispeáint Riamh)
Caitheann tiománaí tacsaí, a bhfuil fonn air lámh a chur ina bhás féin, smaoineamh dáiríre ar shaol gearr an duine, nuair a thuigtear dó go raibh sé páirteach in iarracht cat atá ina dhiaibéiteach a dhúnmharú.
Stiúrthóir: Damian McCann
Léiritheoirí: Rosie McNally, Órfhlaith Ní Chearnaigh
Scríbhneoirí: Sarah Gordon, Damian McCann
 
 

CÉIM EILE

An Mháthair (An Chéad Taispeáint Riamh)
Nuair a fheiceann máthair atá cloíte ag an mbrón an fear óg os a comhair ba chúis léi a mac a chailleadh, caithfidh sí é a stopadh sula ndéanann sé an rud céanna arís.
Stiúrthóir: Vincent Gallagher
Léiritheoir: Grace Odumosu
Scríbhneoir: Seán Keeley
 

Ár gCluiche Féin (An Chéad Taispeáint in Éirinn)
In Ár gCluiche Féin, feictear Tomás, fear óg atá ag fágáil an bhaile.De réir mar a leanann an turas, is léir gur ag iarraidh éalú atá Tomás ón trioblóid atá tagtha chun tosaigh idir é féin agus fear eile a bhíonn ag imirt leis ar fhoireann peile.
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Medb Johnstone
Léiritheoirí: Úna Spillane, Ann Ní Chíobháin

 

Is ábhar mórtais ag TG4 freisin seasamh le rogha an-spéisiúil de scannáin Ghaeilge agus iad á gcur ar taispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, ina measc Cill Stuifín, Pós Mé, Gealtra agus Réalt na Mara: (Star of the Sea).
 

Seanchas, gean agus dúchas, nó ceol, cuimhne agus Gaeilge, tá an leathanréimse, an chruthaitheacht agus an ardaidhm a bhaineann le scannánaíocht na linne seo le sonrú ar na scannáin seo, le tacaíocht fhial ó TG4, Fís Éireann, Scáileán Thuaisceart Éireann – Ciste Craoltóireachta na Gaeilge agus CnaM.
 
 
Naisc:

https://www.galwayfilmfleadh.com/project/cill-stuifin/

https://www.galwayfilmfleadh.com/project/gealtra/

https://www.galwayfilmfleadh.com/project/pos-me/

https://www.galwayfilmfleadh.com/project/star-of-the-sea-the-football-the-troubles-the-aftermath/

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: