Preas
AN CHÉAD AMHARC: CRÁ ar ais don dara sraith spleodrach
05.10.26

Íomhánna CRÁ
Tá an chéad amharc ar an dara sraith de CRÁ, an dráma coireachta Gaeilge a bhfuil duaiseanna buaite aige agus a léirigh Fíbín Media agus Fíbín Films NI, nochtaithe ag TG4
Is i nGaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, a rinneadh scannánú ar an tsraith sé chlár seo a bheidh ar ais sna seachtainí amach romhainn.
Ó tharla chomh maith agus a d’éirigh leis an gcéad sraith, a díoladh le 68 críoch ar fud an domhain faoin teideal Boglands, beidh Dónall Ó Héalaí (Conall) (Hidden Assets, The Punisher) ar ais i bpáirt Chonaill Uí Shúilleabháin, an Garda atá anois ina bhleachtaire faoi oiliúint agus é ag tabhairt aghaidh ar chásanna nua, ar choimhlintí dílseachta nua agus ar choinbhleachtaí nua.
I measc na foirne :
Alex Murphy (Barry) – (The Young Offenders)
Hannah Brady (Ciara-Kate) – (Soulm8te)
Colm Mac Giolla Easbuic (Iarla) – (Ros na Rún)
Barry McGovern (Art) – (Obituary)
Siobhán O’Kelly, (Aoife) – (Mix Tape)
Lochlann Ó Mearáin (Joe) – (Mr Loverman, The Head)
Art Parkinson (Aodh) – (Aontas, Say Nothing)
Aoife Nic Ardghail (Siobhán) – (Casual)
Tony Devlin (Hugh) – (Say Nothing)
Seán Duggan (Neili) – ( House of Guinness)
Tara Breathnach (Patsy) – (Fréwaka, Borderline)
Léirítear CRÁ do TG4 agus do BBC Gaeilge le cabhair airgid ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, ó Choimisiún na Meán agus ó About Premium Content (APC).
Fógrófar dátaí craolta agus dátaí digiteacha go luath.
Féach ar CRÁ (Sraith a 1) anseo
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie