Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tús Curtha i mBéal Feirste leis an Léiriú ar Scannán Grinn Nua Gaeilge TG4 'Baile'

24.09.26


Baile – Hazel Doupe & Marion O’Dwyer

 

Tá tús curtha an tseachtain seo leis an léiriú ar Baile, scannán nua coimisiúnaithe i gcomhar do TG4 agus BBC Gaeilge.
 
Arna léiriú ag Village Films i mBéal Feirste le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, cuirtear scéal Bhríghid, bean neamhspleách dhíograiseach a bhfuil néaltrú ag teacht uirthi, agus Naomi, bean óg a oibríonn mar ghlantóir, os ár gcomhair sa dráma grinn seo. Is í Marion O’Dwyer (An Cailín Ciúin) atá i bpáirt Bhríghid agus is í Hazel Doupe (Say Nothing) atá i bpáirt Naomi.
 
Fostaíonn Bríghid Naomi chun í a thiomáint ó Bhéal Feirste go dtí teach a hóige i gContae Dhún na nGall, agus tugann an cairdeas neamhghnách a fhorbraíonn eatarthu ar eachtra nach raibh aon súil acu léi gan choinne.
 
Insítear scéal faoi bheirt bhan atá ag dhá chéim éagsúla den saol agus iad ar thuras bóthair sa scannán seo a taifeadadh in áiteanna éagsúla ar fud Thuaisceart Éireann, Béal Feirste, Maigh Rath agus Trá Thigh Riala, agus Contae Dhún na nGall ina measc. Fiosraítear téamaí ar nós cairdeas, neamhspleáchas, atá i gceist leis an mbaile dúinn, agus an tábhacht a bhaineann le gan dearmad a dhéanamh ort féin agus aghaidh á tabhairt agat ar athrú.
 
Deir Aideen Hand, Léiritheoir i Village Films: “Táimid thar a bheith bródúil go bhfuil tús curtha againn leis an obair léirithe ar Baile. Is scéal corraitheach, fíor-dhaonna é faoin gcuimhne, faoi chairdeas agus faoi na ceangail gan choinne sin atá in ann an saol atá againn a athrú ó bhonn agus insítear an scéal sin i nGaeilge den chuid is mó.”

“Tá foireann aisteoirí den scoth tugtha le chéile againn, a bhfuil Hazel Doupe agus Marion O’Dwyer sna príomhpháirteanna, chun carachtair an scríbhneora scripte Christina Carty a thabhairt chun fíre. Táimid buíoch de BBC Thuaisceart Éireann, de TG4 agus de Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann as tacú leis an scannán uaillmhianach seo, scannán a bhfuil braistint láidir áitiúil agus uilíoch ag baint leis araon.”
 
Deir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe i TG4: “Tá an-ríméad ar TG4 a bheith ag tacú le Baile tríd an scéim Gealán, mar chuid dár dtiomantas leanúnach do dhrámaíocht Ghaeilge uaillmhianach ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus do thacú le scéalta a sheasann amach a bhfuil foirne cruthaitheacha láidre ag obair orthu.”

“Tá acmhainneacht na comhpháirtíochta seo léirithe cheana féin ag Gealán; tá Aontas, scannán eile a forbraíodh faoin scéim seo, roghnaithe anois mar iontráil na hÉireann don chatagóir ‘An Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr’ ag Gradaim an Acadaimh.”

“Tá foireann aisteoirí agus foireann léirithe den scoth tugtha le chéile ag Baile, agus léiríonn sé arís an luach a bhaineann lenár gcomhpháirtíocht leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus le BBC Gaeilge i dtaobh le tacú le scannánaíocht bhunaidh Ghaeilge. Is fada linn go mbeidh lucht féachana TG4 sa mbaile agus ar fud an domhain in ann an scannán seo a fheiceáil.”
 
Deir Eddie Doyle, Ceannasaí Coimisiúnaithe, BBC NI: “Is é Baile an tríú scannán Gaeilge atá coimisiúnaithe againn i gcomhpháirt le TG4 agus Scáileán Thuaisceart Éireann faoin scéim Gealán, scéim a bhfuil ag éirí thar cionn léi. “Ag a chroílár, is scéal croíúil daonna é faoi chairdeas, agus is fada linn go gcuirfidh muid an eachtra seo i láthair an lucht féachana ar BBC Thuaisceart Éireann agus ar BBC iPlayer.”
 
Deir Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) le Scáileán Thuaisceart Éireann: “Tá an-áthas orainn tacú le Village Films agus leis an iar-oiliúnaí ILBF, Aideen Hand, agus iad cur Baile ar an scáileán.”

“Ag leanúint lorg thionscadail eile Gealán a bhfuil ardmholadh faighte acu, Doineann agus Aontas mar shampla, an scannán a chuir Éire ar aghaidh do Ghradaim an Acadaimh sa chatagóir don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr, is éacht eile atá san fhógra a rinneadh inniu maidir le léiriú agus foireann aisteoirí Baile don scéim, agus is cruthúnas é ar an neart a bhaineann lenár gcomhpháirtíocht le BBC Gaeilge agus TG4.”

“I dteannta a chéile, tá muid ag cruthú deiseanna do léiritheoirí, do scríbhneoirí agus do dhaoine cruthaitheacha chun ábhar uaillmhianach Gaeilge a fhorbairt, agus ag an am céanna ag neartú earnáil scáileáin na Gaeilge agus ag cur na scéalaíochta Gaeilge chun cinn go hidirnáisiúnta.”
 
Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe do TG4, agus Eddie Doyle, Ceannasaí Sinsearach ar Choimisiúnú Ábhair do BBC Thuaisceart Éireann a choimisiúnaigh Baile. Is í Aideen Hand a léirigh agus a stiúir an scannán, agus rinne Paul Kennedy comhstiúradh air thar ceann Village Films. Is í Cristina Carty a scríobh é.
 
Is é Baile an tríú tionscadal a coimisiúnaíodh faoin scéim Gealán, tionscnamh fadscannáin TG4, BBC Thuaisceart Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.
 
Ba é Doineann, a léirigh DoubleBand Films, an chéad tionscadal a coimisiúnaíodh faoin tionscnamh i gcomhar seo, agus ba é Aontas, a léirigh Púca Pictures, an dara ceann.
 
Cuirfear tuilleadh eolas ar fáil faoin gcliar in am trátha.
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: