Preas
Síneadh Curtha ag TG4 lena Chearta Craoltóireachta ar an Tour de France go dtí 2030
Gach céim den Tour de France le craoladh saor go haer ar TG4 as seo go ceann cúig bliana
12.06.26
![]() |
![]() |
| Pic: Tour de France 2025 | Pic: Pádraic Ó Cuinn & Páidí Ó Lionáird |
Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuiltear ag cur síneadh cúig bliana lena chearta craoltóireachta ar an Tour de France. Cinnteoidh sin go mbeidh an lucht féachana in Éirinn ábalta féachaint ar cheann de na hócáidí is iontaí spóirt ar domhan saor go haer ar TG4 go dtí 2030.
Fágfaidh an comhaontú nua seo go gcoinneoidh TG4 air ag cur clúdach cuimsitheach Gaeilge den Tour de France ar fáil do lucht féachana ar fud na tíre, agus go mbeidh gach céim de ar fáil ar TG4, ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4.
Tá an-ghean ag lucht leanta spóirt na hÉireann ar an Tour de France le fada an lá agus ní dhéanfar dearmad go brách ar éachtaí rothaithe na hÉireann i rásaí le cúpla bliain anuas. D’éirigh le Sam Bennett dhá chéim den Tour de France a thabhairt leis in 2020 agus bronnadh an geansaí uaine mór le rá air ós rud é gurbh é a bhuaigh Rangú na bPointí, an chéad rothaí as Éirinn ar éirigh leis an rangú iomráiteach sin a bhuachan le 31 bliain anuas.
Bhain Ben Healy éacht eile amach sa rothaíocht thar ceann na hÉireann in 2025 nuair a bhuaigh sé a chéad chéim riamh sa Tour de France, céim a 6. Is é Healy, atá 24 bhliain d’aois, an ceathrú rothaí Éireannach a chaith an geansaí buí mór le rá, é anois i dteannta Shay Elliott, Seán Kelly agus Stephen Roche.
Cuirfear tús leis an 113ú Tour de France Dé Sathairn an 4 Iúil nuair a thabharfaidh foirne faoi thriail ama 19.7km in Barcelona, a thosóidh feadh chósta na cathrach sula dtabharfaidh na rothaithe a n-aghaidh ar Staid Oilimpeach Montjuïc. Cuirfear clabhsúr leis an rás Dé Domhnaigh an 26 Iúil leis an gcéim dheiridh as Thoiry go dtí an Champs-Élysées i bPáras.
Beidh 3,333km agus gach uile chineál tír-raoin clúdaithe ag na rothaithe sna 21 céim, lena n-áirítear 7 gcéim réidh, 4 chéim chnocacha, 8 gcéim shléibhtiúla, 1 triail ama foirne agus 1 triail ama aonair agus beidh dhá lá sosa acu i gcaitheamh an rása. I measc na ndúshlán sléibhe a bheidh mar chuid de shlí 2026 beidh na Piréiní, Massif Central, Vosges, Jura agus na hAlpa, agus i measc na limistéir arda ina gcríochnófar céimeanna beidh Gavarnie-Gèdre, Plateau de Solaison, Orcières-Merlette agus Alpe d’Huez.
Beidh craoladh beo ar gach céim mar chuid de chlúdach cuimsitheach TG4, ar TG4, ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4 agus is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn, a bhfuil an-ghean ag an lucht féachana orthu, a bheidh i mbun tráchtaireachta arís. Treoróidh an bheirt an lucht féachana trí gach cor agus lúb, gach carcair agus ráib a bheidh roimh rothaithe na meithle agus iad ag déanamh a mbealaigh trí thaobh tíre, chathracha, imeallbhoird agus shléibhte alpacha sa Fhrainc.
Craolfar seó buaicphointí gach tráthnóna ag an 9pm freisin mar chuid de chlúdach TG4 ar a mbeidh an t-aicsean go léir ón lá sin.
Is éard a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coistealbha:
“Is údar bróid é do TG4 leanúint den cheangal seanbhunaithe atá againn leis an Tour de France agus a chinntiú go bhfanann an t-imeacht aitheanta seo ar fáil saor go haer do lucht féachana na hÉireann. Is é an Tour de France ceann de na himeachtaí bliantúla spóirt is iontaí ar domhan agus tá an-sásamh bainte ag lucht leanta an spóirt anseo in Éirinn as ócáidí iontacha le blianta beaga anuas, idir Sam Bennett agus é ag rothaíocht leis an ngeansaí uaine air agus Sam Healy ag buachan a chéad chéim agus an geansaí buí. Tá ríméad orainn gach céim den Tour de France a chraoladh saor go haer ar TG4 as seo go ceann cúig bliana.”
Sceideal Craolta Tour de France Beo 2026
| Dáta | Céim | Slí | Tús | Deireadh | Ardán |
| 4/7 | 1 | Barcelone > Barcelone – Team Time Trial | 15:55 | 18:45 | Seinnteoir |
| 5/7 | 2 | Tarragone > Barcelone | 12:35 | 17:10 | 12:35 Seinnteoir 15:45 TG4 |
| 6/7 | 3 | Granollers > Les Angles | 12:50 | 16:40 | TG4 |
| 7/7 | 4 | Carcassonne > Foix | 13:25 | 17:05 | TG4 |
| 8/7 | 5 | Lannemezan > Pau | 14:00 | 17:15 | TG4 |
| 9/7 | 6 | Pau > Gavarnie-Gèdre | 13:00 | 17:05 | TG4 |
| 10/7 | 7 | Hagetmau > Bordeaux | 13:00 | 16:55 | TG4 |
| 11/7 | 8 | Périgueux > Bergerac | 12:00 | 17:00 | TG4 |
| 12/7 | 9 | Malemort > Ussel | 12:20 | 17:30 | TG4 |
| 13/7 | Rest Day | ||||
| 14/7 | 10 | Aurillac > Le Lioran | 12:00 | 17:00 | TG4 |
| 15/7 | 11 | Vichy > Nevers | 14:00 | 17:15 | TG4 |
| 16/7 | 12 | Circuit Nevers Magny-Cours > Chalon-sur-Saône | 12:20 | 17:15 | TG4 |
| 17/7 | 13 | Dole > Belfort | 13:00 | 17:30 | TG4 |
| 18/7 | 14 | Mulhouse > Le Markstein Fellering | 12:00 | 17:05 | 12:00 TG4 14:50 Seinnteoir |
| 19/7 | 15 | Champagnole > Plateau de Solaison | 12:00 | 17:25 | TG4 |
| 20/7 | Rest Day | ||||
| 21/7 | 16 | Évian-les-Bains > Thonon-les-Bains – Individual Time Trial | 13:00 | 17:20 | TG4 |
| 22/7 | 17 | Chambéry > Voiron | 12:10 | 17:00 | TG4 |
| 23/7 | 18 | Voiron > Orcières-Merlette | 11:25 | 17:00 | TG4 |
| 24/7 | 19 | Gap > Alpe d’Huez | 12:50 | 17:15 | TG4 |
| 25/7 | 20 | Le Bourg d’Oisans > Alpe d’Huez | 10:35 | 16:30 | TG4 |
| 26/7 | 21 | Thoiry > Paris Champs-Élysées | 15:05 | 19:25 | TG4 |
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie

