Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Comáin, Gaillimh agus Ciarraí sa Tóir ar Onóracha Chraobhchomórtais na hÉireann TG4 2026

31.07.26


 

Tháinig captaein na sé fhoireann a bheidh san iomaíocht i gCluichí Ceannais Chraobhchomórtais na hÉireann TG4 i bPeil na mBan Dé Domhnaigh seo chugainn, an 2 Lúnasa, le chéile i bPáirc an Chrócaigh Dé Céadaoin seo caite.
 

Lá fíorspeisialta a bheidh ann Dé Domhnaigh seo chugainn freisin agus Cumann Peil Gael na mBan agus TG4, urraitheoir Chraobhchomórtais na hÉireann, ag ceiliúradh 25 bliain den chomhpháirtíocht.
 

Ba é Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir na hÉireann 2001 an chéad Chluiche Ceannais Sinsir a chraol TG4 beo. Fuair Laois an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche thar a bheith corraitheach an lá sin.
 

Ag leath-am i gCluiche Ceannais Idirmheánach na hÉireann TG4 Dé Domhnaigh seo chugainn, tabharfar aitheantas d’fhoireann bhuacach Laoise ó 2001 agus cuirfear os comhair an lucht féachana iad.
 

Agus na laethanta á gcomhaireamh anois go dtí Cluichí Ceannais na hÉireann TG4 2026, thug captaein na bhfoirne faoi seach, Bronagh Devlin (Aontroim), Róisín Bailey (Ceatharlach), Shannan McQuade (Fear Manach), Helena Cummins (Ros Comáin), Kate Geraghty (Gaillimh) agus Síofra O’Shea (Ciarraí), cuairt ar Pháirc an Chrócaigh Dé Céadaoin.
 

Tabharfaidh Gaillimh agus Ciarraí aghaidh ar a chéile sa 53ú Cluiche Ceannais Sinsir i stair Chumann Peil Gael na mBan. Is é seo an dara huair le trí shéasúr a chasfaidh na contaetha ar a chéile i gCluiche Ceannais Chorn Brendan Martin.
 

Tosóidh an cluiche sin ag 4.15pm. Roimhe sin, imreofar an Cluiche Ceannais Idirmheánach idir Fear Manach agus Ros Comáin ag 1.45pm agus an Cluiche Ceannais Sóisir idir Aontroim agus Ceatharlach ag 11.45am.
 

Sa chéad chluiche den chlár trí chluiche i bPáirc an Chrócaigh, beidh Aontroim ag iarraidh díoltas a bhaint amach as an gcailliúint a d’fhulaing siad in aghaidh Lú i gCluiche Ceannais na bliana seo caite.
 

Ní bheidh cluiche éasca acu in aghaidh Cheatharlach, áfach, agus an contae sin ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann TG4 den chéad uair riamh Dé Domhnaigh seo chugainn.
 

Tá Corn West County Hotel buaite trí huaire ag Aontroim, tar éis dóibh an beart a dhéanamh in 2022, 2012 agus 2009.
 

Imreoidh buaiteoirí an Chluiche Ceannais seo i gCraobh Idirmheánach na hÉireann an bhliain seo chugainn.
 

Idir an dá linn, beidh Fear Manach agus Ros Comáin ag díriú ar ardú céime go Craobh Shinsir na hÉireann TG4 agus iad ag ullmhú don Chluiche Ceannais Idirmheánach.
D’imir Fear Manach i gCluiche Ceannais Idirmheánach na hÉireann TG4 dhá uair roimhe seo, ach chaill siad in 2014 agus 2009. Is é seo an chéad chluiche ceannais sa ghrád seo do Ros Comáin ó bhuaigh siad an teideal in 2005.
 

Imríodh an Cluiche Ceannais sin 21 bliain ó shin i bPáirc Naomh Lómáin sa Mhuileann gCearr. Fágann sé sin go mbeidh Ros Comáin ar ais i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2001, nuair a bhuaigh siad in aghaidh Chill Dara sa Chluiche Ceannais Sóisir.
 

Tá go leor le buachan sa Chluiche Ceannais Sinsir agus Gaillimh agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís.
 

Chas na foirne ar a chéile i gCluiche Ceannais 2024. Chuir bua Chiarraí an lá sin deireadh leis an mbriseadh croí a bhain le cailliúint Chluichí Ceannais 2022 agus 2023 agus thug siad Corn Brendan Martin ar ais go dtí an Ríocht den chéad uair ó 1993.
 

Tá súil ag Gaillimh go mbeidh siad ina seaimpíní Sinsir na hÉireann TG4 nuair a shéidfear an fheadóg Dé Domhnaigh seo chugainn. Má éiríonn leo, bheadh an teideal sinsir buaite den dara huair riamh acu i stair an chontae agus an chéad cheann ó 2004.
 

Má bhuann Ciarraí, beidh an teideal na Craoibhe Sinsearaí á thabhairt leo den 13ú huair, sin péire níos mó ná Corcaigh, a bhfuil 11 teideal acu.
 

Chun blaiseadh a thabhairt don lucht freastail agus don lucht féachana teilifíse roimh an gclár trí chluiche i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh, craolfar Ceiliúradh Pheil na mBan ar TG4, á chur i láthair ag Máire Ní Bhraonáin, ag 7.45pm tráthnóna Dé Sathairn, an 1 Lúnasa.
 

Tabharfar cuairt sa chlár ar na sé chontae a bheidh páirteach sna Cluichí Ceannais Sóisir, Idirmheánach agus Sinsir.
 

Beidh ceol ó gach ceann de na contaetha le cloisteáil sa chlár ceiliúrtha seo, mar aon le súil siar ar Chluiche Ceannais na hÉireann 2001. Labhróidh imreoirí reatha faoin méid atá tarlaithe i gCraobhchomórtais 2026 go dtí seo agus féachfaidh siad chun cinn ar chluichí móra an Domhnaigh.
 

Beidh ábhar eisiach taobh thiar de na radhairc ó Lá Chluichí Ceannais na hÉireann TG4 i bPáirc an Chrócaigh ar fáil freisin ar chainéil meán sóisialta Spórt TG4.
 

Beidh clúdach uile TG4 ar Pheil na mBan ar fáil do lucht féachana ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ar https://www.tg4.ie/beo agus ar Aip TG4.
 

Tá eolas faoi thicéid do chluichí an Domhnaigh le fáil ar https://bit.ly/3Gqd0ND. Is féidir féachaint ar na cluichí beo ar chainéal teilifíse TG4 agus ar líne freisin.
 

Ag féachaint chun cinn agus ag machnamh ar shéasúr iontach eile den chomhpháirtíocht, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín: “Is lá fíorspeisialta é Lá na gCluichí Ceannais i bPáirc an Chrócaigh, agus tá bród ar leith ar TG4 a bheith ag ceiliúradh 25 bliain den chomhpháirtíocht le Cumann Peil Gael na mBan i mbliana. Ó thosaigh an caidreamh seo in 2001, tá fás agus forbairt iontach tagtha ar Pheil na mBan, agus tá TG4 thar a bheith bródúil as an ról atá againn inár n-urraitheoir agus inár gcraoltóir ar Chraobhchomórtais Pheil na mBan. Is comhpháirtíocht í atá bunaithe ar fhís, ar mheas agus ar mhian láidir an cluiche a chur chun cinn.

“Tá comhpháirtíocht TG4 le Cumann Peil Gael na mBan ar cheann de mhórscéalta ratha spórt na hÉireann. Le 25 bliain anuas, ba phribhléid dúinn scil, dúthracht, lúthchleasaíocht agus paisean na n-imreoirí seo a chur os comhair lucht féachana ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Léiríonn ár bhfeachtas don bhliain 2026, ‘Peil Gan Srian’, an uaillmhian sin: na himreoirí a cheiliúradh, a gcuid scéalta a insint agus leanúint de bheith ag tacú le fás Pheil Gael na mBan ag gach leibhéal.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hAontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Comáin, Gaillimh agus Ciarraí as Cluichí Ceannais na hÉireann TG4 Dé Domhnaigh a bhaint amach. Táimid ag súil le trí chluiche den scoth i bPáirc an Chrócaigh agus le lá speisialta eile i gCraobhchomórtais na hÉireann TG4 i bPeil na mBan.”
 

Dúirt Uachtarán Chumann Peil Gael na mBan, Trina Murray: “Ag tús shéasúr Chraobhchomórtais na hÉireann TG4 2026, thug 33 fhoireann faoin aistear agus iad sa tóir ar ghlóir na hÉireann. Níl fágtha anois ach sé fhoireann agus iad réidh le dul san iomaíocht do thrófaithe sa Chraobh Shóisir, Idirmheánach agus Shinsir. Táimid ar fad ag súil go mór le trí chluiche den scoth. Ba shéasúr iontach é agus tá a n-áit sna cluichí ceannais tuillte go hiomlán ag na sé fhoireann.

“Is ócáid shuntasach fhíorspeisialta é Lá na gCluichí Ceannais freisin agus muid ag ceiliúradh 25 bliain den chomhpháirtíocht idir Cumann Peil Gael na mBan agus TG4. Ó 2001 i leith, tá TG4 ina thacadóir seasmhach do Pheil Ghael na mBan, agus iad ag cabhrú lenár n-imreoirí, ár gcomórtais agus ár bpobail a chur os comhair lucht féachana sa bhaile agus thar lear. Bhí ról ríthábhachtach ag an tiomantas leanúnach sin i bhfás agus in infheictheacht iontach ár gcluiche le ceathrú céid anuas.”

“Ba mhaith liom ómós a thabhairt d’Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, agus d’fhoireann iomlán TG4, lena n-áirítear Ceannasaí Spóirt TG4, Rónán Ó Coisdealbha, as a dtiomantas agus a bpaisean leanúnach. Thar ceann gach duine i gCumann Peil Gael na mBan, gabhaim ár mbuíochas ó chroí le TG4 as 25 bliain de chomhpháirtíocht den scoth. Táim ag súil go mór le Lá Chluichí Ceannais na hÉireann TG4 eile nach ndéanfar dearmad air a cheiliúradh le chéile.”
 

Tá praghas €30 ar thicéid do dhaoine fásta agus €15 do mhic léinn, do phinsinéirí agus do dhaoine faoi 18. Tá pacáiste teaghlaigh do bheirt daoine fásta agus beirt faoi 18 ar fáil ar €70.
 

Níl rátaí grúpa ar fáil ach ó Oifig Chumann Peil Gael na mBan: duine fásta amháin ar €10 le gach grúpa de dheichniúr faoi 18 ar €5 an páiste – €60 san iomlán.
 

Seol ríomhphost chuig tickets@lgfa.ie nó cuir glaoch ar 01-8363156 chun tuilleadh eolais a fháil.
 

Tá ticéid ar fáil freisin ó ghnáthionaid díolacháin CLG agus ar líne ar Ticketmaster ach cliceáil anseo.
 

Dé Domhnaigh, an 2 Lúnasa 2026
Cluiche Ceannais Sóisir na hÉireann TG4 – Aontroim v Ceatharlach, 11.45am
Cluiche Ceannais Idirmheánach na hÉireann TG4 – Fear Manach v Ros Comáin, 1.45pm
Cluiche Ceannais Sinsir na hÉireann TG4 – Gaillimh v Ciarraí, 4.15pm
#peilnamban #ANTvCAR #FERvROS #GALvKER

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: