Preas
Clúdach ar an mBuiséad - TG4 & TG4.ie
Buiséad 2027 @ 14.30pm
Nuacht TG4 @ 19:00
7LÁ @ 20:00
6 Deireadh Fómhair 2026
05.10.26

Cuirfidh TG4 clúdach cuimsitheach de Bhuiséad 2027 ar fáil Lá an Bhuiséid, amárach an 6 Deireadh Fómhair 2026, ina gcuid cláracha nuachta agus cúrsaí reatha ar fad.
Cuirfear tús le clúdach beo teilifíse TG4 ag 14:30 leis an gclár speisialta Buiséad 2027, a bheidh á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola. Cuirfidh comhfhreagraí polaitíochta TG4, Donncha Ó Murchú, an nuacht is déanaí as Dáil Éireann i láthair don lucht féachana, agus beidh polaiteoirí agus saineolaithe sa stiúideo chun a dtuairimí féin a thabhairt ar na mórphointí sa bhuiséad agus chun mionanailís a dhéanamh orthu.
Cuirfear léargas, comhthéacs agus anailís saineolaithe ar na bearta atá i mBuiséad 2026 ar fáil ag 19:00 ar Nuacht TG4, a bheidh á cur i láthair ag Siún Nic Gearailt. Beifear ag díriú go háirithe ar an tionchar a bheidh ag na bearta sin ar an tsochaí i gcoitinne.
Ansin ag 20:00 ar an gclár 7LÁ, a bheidh á chur i láthair ag Beirní Ní Chuinn beo as Teach Laighean, déanfaidh lucht polaitíochta, tráchtairí agus lucht anailíse tuilleadh plé agus díospóireachta ar na himpleachtaí trí chéile a bheidh ag an mBuiséad do dhaoine sa Ghaeltacht, do phobail ar fud na hÉireann agus do na heagraíochtaí Gaeilge.
Beidh míreanna speisialta ag Nuacht Cúla4 freisin i rith sheachtain an Bhuiséid a bheidh dírithe ar an lucht féachana níos óige chun cabhrú leo tuiscint a fháil ar na ceisteanna agus cinntí móra a mbeidh tionchar acu ar a saol amach anseo.
@7LATG4, @NUACHTTG4, @cula4_tg4, YouTube@Cula4
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie