Preas
Tá TG4+ Beo Anois - Céim Mhór Chun Cinn i dTodhchaí Dhigiteach TG4
18.11.26

Tá TG4+, Seinnteoir nua agus níos fearr TG4, beo anois, ócáid iontach nua i dtodhchaí dhigiteach TG4 agus an craoltóir ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer.
Seoladh TG4+ le gairid agus cuirtear bealach níos nuaí, níos tarraingtí agus níos tumtha ar fáil leis chun go mbeidh an lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain ábalta teacht ar ábhar Gaeilge agus sult a bhaint as.
Cuirtear leabharlann fhairsing ar fáil leis an ardán nua, leabharlann ina bhfuil:
- 691 boscra
- 9,204 clár
- 4,602 uair an chloig d’ábhar
- 50 uair an chloig d’ábhar drámaíochta agus scannáin a bhfuil rogha agat breathnú air le fotheidil Ghaeilge
Tá sé níos éasca ná riamh ag an lucht féachana teacht ar na cláir, na cláir faisnéise, an drámaíocht agus an tsiamsaíocht is fearr leo ar TG4 agus sult a bhaint astu.
Chun comóradh a dhéanamh ar an seoladh, tá an dara sraith den dráma Gaeilge mór le rá, CRÁ, ar fáil ar TG4+ anois, a fhágann go mbeidh deis ag an lucht féachana an tsraith iomlán a fheiceáil ó thús deireadh.
Is éard a dúirt Joan Ní Éanacháin, Eagarthóir Ilardán TG4:
“Is ionann TG4+ agus athrú ar an gcaoi a mbreathnaíonn muid ar ár n-ábhar, ní mar chláir amháin atá le craoladh, ach mar scéalta atá le haimsiú, le fiosrú agus le sult a bhaint astu i bhfad i ndiaidh an chéad lá a gcraoltar iad. Is é leas a bhaint as an luach iomlán a bhaineann le hábhar TG4 an straitéis atá againn, ag tabhairt ábhar saibhir ón gcartlann agus léiriúcháin nua agus bunaidh le chéile in aon áit amháin chun ceann scríbe digiteach tarraingteach a chruthú do scéalaíocht na Gaeilge. Tá sé i gceist leis an straitéis go mbeidh níos mó fonn ar an lucht féachana dul chuig TG4+, go mbeidh níos mó ábhar acu le breathnú air agus go mbeidh níos mó údar acu teacht ar ais. De réir mar a athraíonn nósanna féachana, tá muid ag iarraidh go mbeidh ábhar Gaeilge mar chuid den saol digiteach laethúil, go mbeidh teacht ag lucht féachana nua ar an ábhar sin, go mbeidh níos mó suime ag an lucht féachana ann agus go gcinnteofar go mbeidh guth sainiúil TG4 ag fás anseo in Éirinn agus ar fud an domhain.”
Mar ghné nua, agus chun tuilleadh feabhais a chur ar thaithí an úsáideora, tá 50 uair an chloig d’ábhar drámaíochta agus scannáin ar TG4+ a bhfuil rogha agat breathnú air le fotheidil Ghaeilge agus tabharfaidh sin deis d’fhoghlaimeoirí na teanga feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge trí bheith ag breathnú, ag éisteacht agus ag léamh na teanga ag an am céanna. Tá rogha freisin ag daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá, breathnú ar an ábhar le fotheidil Ghaeilge, agus sásóidh sé sin na bealaí difriúla atá ag an lucht féachana le bheith ag breathnú ar chláir Ghaeilge ar an ardán agus cuirfidh sé freisin le gnáthúsáid na bhfotheideal ar ardáin sruthaithe.
Is éard a dúirt Peadar Ó Flatharta, Bainisteoir Ardán TG4, agus é ag labhairt faoin seoladh:
“Is ionann seoladh TG4+ agus ré nua do TG4 agus 30 bliain den chraoltóireacht á cheiliúradh againn. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh taithí níos nuaí, níos tarraingtí agus níos áisiúla don úsáideoir ar fáil, a fhágfaidh go mbeadh sé níos éasca don lucht féachana teacht ar an gcuimse ábhair Ghaeilge atá ar fáil agus sult a bhaint as. I bhfianaise go bhfuil na mílte uaireanta an chloig de chláir, de bhoscraí agus d’ábhar eisiach ar fáil ar TG4+, tá níos mó rogha agus solúbthacht ag an lucht féachana i dtaobh an chaoi agus an uair a mbreathnaíonn siad ar ábhar. Is céim thábhachtach í seo chun a chinntiú go leanann TG4 de cheangal a chothú leis an lucht féachana in Éirinn agus ar fud na cruinne.”
Is ionann TG4+ agus céim mhór chun cinn i dtreo uaillmhian TG4 a bheith ina chraoltóir seirbhíse poiblí ilmheán atá neodrach ó thaobh ardáin de a bhaint amach. Tá an tseirbhís nua deartha sa chaoi is go bhfuil sé níos éasca teacht ar ábhar Gaeilge, ag freagairt do nósanna féachana atá ag athrú agus ag ligean don lucht féachana taitneamh a bhaint as cláir nuair a oireann sé dóibh agus san áit a n-oireann sé dóibh.
De réir mar a fhéachann TG4 i dtreo na 30 bliain amach romhainn, beidh ról lárnach ag TG4+ maidir le nasc a chothú idir ábhar Gaeilge agus an lucht féachana.
Cuireann TG4+ Súil Eile os comhair glúin nua lucht féachana, ag cruthú ardán digiteach do na scéalta ar leith agus don ábhar cruthaitheach a fhágann gur craoltóir eisceachtúil é TG4.
Iarracht chruthaitheach i gcomhar a bhí i bhforbairt TG4+, ag tabhairt ár bhfoireann deartha intí, Red Bee Creative agus 8Bytes le chéile. Mar aon fhoireann amháin, rinne siad eispéireas digiteach comhaimseartha de bhranda TG4, eispéireas a léiríonn spiorad Súil Eile, agus chruthaigh siad spás inar féidir leis an lucht féachana ábhar a fháil, sult a bhaint as agus filleadh air.
Tá TG4+ beo anois.
Faigh TG4+ anois. Íoslódáil ón aipmhargadh é nó déan uasdátú ar aip TG4 chun leagan TG4+ a fháil.
TG4+ AppStore
TG4+ Google Play
Tá TG4+ saor in aisce agus is féidir clárú anseo: Cláraigh
Nótaí d’Eagarthóirí:
- Seoladh TG4+ go hoifigiúil an 31 Deireadh Fómhair 2026, 30 bliain sa lá ó bunaíodh TG4
- Is é TG4+ an leagan nua agus níos fearr de Sheinnteoir TG4
- Beidh teacht ar 691 boscra, 9,204 clár agus tuairim is 4,602 uair an chloig d’ábhar ar an ardán mar aon le 50 uair an chloig d’ábhar drámaíochta agus scannáin a bhfuil rogha agat breathnú air le fotheidil Ghaeilge
- Tá an dara sraith iomlán de CRÁ ar fáil anois ar TG4+
- Is cuid de straitéis níos leithne TG4 é TG4+ chun an t-ábhar digiteach a chuireann sé ar fáil a neartú agus chun freastal ar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie