Preas
'Fleadh26’ á chur ar fáil ag TG4 ar fud an Domhain Mhóir, Beo Beathach ó Bhéal Feirste
Ceithre lá agus ceithre oíche as a chéile de cheol, amhráin & rince nach féidir a chailleadh
27.07.26
Fleadh26
TG4 (Éire)
TG4.ie (Ar fud na cruinne) & TradTG4 – YouTube
BEO ó Dhéardaoin – Domhnach 6 – 9 Lúnasa 9.30pm – 11.30pm
Blaisín YouTube : Fleadh26
Beidh rogha de Chomórtais na Fleidhe ar Trad TG4 YouTube freisin
ón hAoine – Domhnach 7- 9 Lúnasa.
#Fleadh26 | @TG4TV | @TradTG4

I mí Lúnasa, beidh an ceiliúradh is mó de cheol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na hÉireann ar domhan ar siúl i mBéal Feirste nuair a bheidh Fleadh Cheoil na hÉireann sa chathair den chéad uair riamh.
Ón 6 – 9 Lúnasa, déanfar ceithre oíche dhochreidte de shiamsaíocht bheo ó chroílár na Fleidhe a chraoladh ar TG4, ag cur an chuid is fearr d’oidhreacht cheoil na hÉireann faoi bhráid an lucht spéise chomh maith le roinnt de na glórtha agus na daoine cumasacha nua is spreagúla atá ag teacht chun cinn i saol an cheoil thraidisiúnta sa lá atá inniu ann.
Déanfar ceiliúradh ar an gceol, na scéalta, na daoine agus na pobail a chuireann chomh mór sin leis na healaíona traidisiúnta, agus sna cláracha seo, beidh léirithe nach ndéanfar dearmad orthu, comhshaothair uathúla agus ócáidí speisialta ceangail nuair a bheidh laochra ceoil na linne seo ar stáitse leis an gcéad ghlúin eile ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí.
Is bliain mhór í seo do Fhleadh Cheoil na hÉireann agus is deis iontach atá ann timpeallacht shaibhir chultúir Bhéal Feirste a thaispeáint agus na céadta mílte cuairteoirí ag teacht chun na cathrach i gcomhair seachtain cheiliúrtha de chultúr na hÉireann.
Arna léiriú ag Power Pictures, comhlacht léiriúcháin a bhfuil gradaim buaite acu, déanfaidh triúr láithreoir a bhfuil an-aithne ag an lucht spéise orthu agus a bhfuil ceol traidisiúnta agus cultúr na hÉireann go smior iontu an clár a chur i láthair:
Is iad Doireann Ní Ghlacáin, Peadar Ó Goill agus Gráinne McElwain a chuirfidh Fleadh26 TG4 i láthair beo, gach aon oíche ag 9:30pm, ar ardáin Fleadh26 TG4, a bheidh suite idir Sráid an Fhuaráin agus Sráid an Chaisleáin, áit a mbeidh ceol spleodrach ó na ceoltóirí traidisiúnta is fearr sa tír, réaltaí atá ag teacht chun cinn, aíonna idirnáisiúnta, agus buaiteoirí chomórtais na bliana seo, agus é sin go léir á chraoladh beo don lucht spéise sa mbaile agus thar lear.
Beidh rogha de na comórtais ar Trad TG4 YouTube freisin ón Aoine go dtí an Domhnach, ón 7 go 9 Lúnasa. Beidh an comórtas is fearr leis an slua ‘Comórtas Bannaí Céilí na Sinsear’ ar siúl ar an Domhnach.
Ó sheónna ardáin beo agus fuinniúla go hábhar Cúla4 atá oiriúnach don teaghlach ar fad, tiocfaidh an Fhleadh chun beatha ar fud chainéil TG4, TG4.ie (seinnteoir) agus ar fud ardáin shóisialta @TG4TV agus @TradTG4.
“Ceithre Oíche, Féile Amháin, Tallann Bheo gan Teorainn ag Fleadh26”
Déardaoin an 6 Lúnasa
Brian Kennedy – Na Hothouse Flowers – Tim Edey – Talisk – Na Johnny Quinn Macs - Jessica Willis Fisher – Michael McGovern – The Unprepared – Gary Hastings – Mná an Chomhaltais – Steve Cooney & Caoilte Ó Cuanaigh Ceolfhoireann Tíre Trasteorann nÓg Music Generation an Chabháin/Mhuineacháin (le Michael Rooney, Máirtín O’Connor, Bríd Harper, Niall Hanna)
Dé hAoine an 7 Lúnasa
Lúnasa – Clare Sands – Banna Céilí Kilfenora – Project Smok – David Keenan – Tim Edey – J.P. Cormier – Cedar Dobson – Lúan – Sexy Tadhg – Niamh Noade – Dolores Keane Tribute – Ceolfhoireann Trasteorann na hÉireann
Dé Sathairn an 8 Lúnasa
Foy Vance – Dónal Lunny – Zoë Conway – Kevin Burke – Eoghan Ó Ceannabháin – Niamh Keady-Tabbal – Déanta – Pólca 4 – Peter Street – Lisa Knapp – Gerry Diver – Trip – Janet Harbison – Windborne – Dermot Byrne – Jim Murray – Noriana Kennedy – Sam Carey
Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa
Bow Brothers – Andy Irvine - Joshua Burnside – Karan Casey – Niall Vallely – Niwel Tsumbu – Enda Scahill – Joel Andersson – Neil Martin – Stephen Rea – Mec Lir – Gary Curley – Stephen McKee – Moya Brennan Tribute – The Piper’s Club Céilí Band
“Tá ríméad ar TG4 a bheith i mBéal Feirste agus Fleadh Cheoil na hÉireann 2026 na bliana seo a chlúdach beo. Déanann clúdach TG4 ar fud ardáin go léir TG4 agus ardán na Fleidhe Cheoil níos éasca é don lucht spéise pleanáil do na ceithre lá agus ceithre oíche agus gach atá ag tarlú beo ag Fleadh Cheoil na hÉireann a fheiceáil dóibh féin. Ina measc beidh ceithre ardán ar TG4 gach oíche ag 9:30pm, sruthú beo ar na comórtais, buaicphointí beo ar feadh an lae ar na cainéil shóisialta, agus foireann Cúla4 ar na sráideanna le scannánaíocht a dhéanamh ar spraoi agus ar thaispeántais cheoil lucht freastail is óige na féile, a thabharfaidh an Fhleadh chomh fada leis an lucht éisteachta ar an bpointe boise, ag cruthú ag an am céanna cartlann nach féidir luach a chur uirthi do na glúnta atá le teacht. Tá TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann thar a bheith mórtasach as an gcomhoibriú atá eadrainn lena chinntiú go bhfaigheann gach, duine, i ngach áit blaiseadh de phríomhfhéile chultúir na hÉireann.” – Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4.
“Agus muid ag féachaint chun cinn anois ar Fhleadh 2026 a bheidh ar siúl i mBéal Feirste, tá an chomhpháirtíocht atá againn le TG4 ríthábhachtach chun ardán a thabhairt do thraidisiúin shaibhre chultúir na hÉireann. Tríd na cláir fhuinniúla tharraingteacha a chraoltar faoin gcomhpháirtíocht seo, ní hamháin go bhfuiltear ag cur traidisiúin chultúir na tíre seo ar fáil do chách, ach táthar ag cinntiú go mbeidh na traidisiúin sin ina gcuid bhríomhar fheiceálach den tsochaí. Léiríonn an lucht spéise fairsing a tharraingíonn cláir Fleadh TV caighdeán na léiriúchán sin agus an tóir leanúnach atá ag daoine ar fud an domhain ar chultúr na hÉireann.” - Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, An Dr Labhrás Ó Murchú.
‘Fleadh26: Na Comórtais’
Comórtais Bheo ar líne – TradTG4 – YouTube agus www.Comhaltas.ie

Is féidir le lucht leanúna na n-iomaitheoirí nach bhfuil ar a gcumas a bheith i mBéal Feirste taitneamh a bhaint as raon leathan comórtas a bheidh beo ar Trad TG4 YouTube, agus is í Freda Nic Giolla Chatháin a chuirfidh an clúdach sin i láthair.
Dé hAoine an 7 Lúnasa
Na Píoba Uilleann – 2.30pm
Uirlisí Éagsúla – 5pm
Dé Sathairn an 8 Lúnasa
Dísréid – 2.30pm
An Bainseó – 1.30pm
An Chláirseach – 5pm
Dé Domhnaigh an 9 Lúnasa
Bannaí Céilí (Faoi 12) – 10am
Bannaí Céilí na Sinsear – 5.30pm go 9.30pm
Beidh Foireann Cúla4 ar shráideanna Bhéal Feirste le linn Fleadh26
Tá Cúla4, an t-aon chainéal Gaeilge do dhaoine óga, agus an láithreoir Niamh Ní Chróinín ag tabhairt fuinniúlacht Fleadh26 chuig sráideanna Bhéal Feirste Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 7 agus 8 Lúnasa, le hardán soghluaiste Cúla4.
Tá cuireadh á thabhairt do dhaoine óga atá ag freastal ar an bhFleadh dul ar stáitse agus a gcuid tallainne a thaispeáint don saol mór, ó phoirt agus amhráin thraidisiúnta go rince agus go leor eile. Is cuma más ceoltóir thú a bhfuil neart taithí agat nó mura bhfuil uait ach a bheith páirteach sa spraoi, tá fáilte roimh an uile dhuine chuig stáitse Cúla4 le ceiliúradh a dhéanamh ar chruthaitheacht, ceol agus fuinniúlacht Fleadh26.
Ná caill na buaicphointí! Lean na léirithe go léir is fearr ar chainéil sóisialta Cúla4:
Instagram: @Cula4_tg4
Facebook: @Cúla4
Súil siar ar Fleadh25 : https://nasc.tg4.tv/Fleadh25
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie