Preas
Sraith Anime atá Spreagtha ag an Chultúr Ceilteach le Craoladh ar CÚLA4 agus ar S4C
18.11.26
24 Samhain 2026 – 4.25pm – Cúla4

Lí Ban Sraith 2 promo
Cúla 4 – YouTube
Cuirfear tús le craoladh an dara sraith den tsraith anime bhríomhar Lí Ban, atá spreagtha ag an chultúr Ceilteach, ar Cúla4 an 24 Samhain ag 4.25pm.
Tá na 13 chlár úra 11 bhomaite dírithe ar pháistí 7–9 mbliana d’aois, ach bainfidh an teaghlach go léir taitneamh as scéalaíocht mhealltach na sraithe agus Lí Ban sa tóir ar fhreagraí i ndomhan ársa lán déithe agus ollphéisteanna. Is í Charlotte McKenna stiúrthóir na sraithe, agus is í Sadbh Bhreathnach a dhéanann guth Lí Ban agus is é Jude Petticrew a dhéanann guth Choin.
Tá Lí Ban agus Con socraithe síos anois i ríocht Mhanannáin sa tsraith úrnua seo, agus iad ag cur aithne níos fearr ar Morveren, Dylan, Manannán agus Bíreog. Mar sin féin, ní bhíonn an fonn atá ar Lí Ban an taobh daonna di féin a fháil ar ais i bhfad óna hintinn.
Ní fada go dtugann Lí Ban agus Con faoi thóraíocht úr ar thóir an t-aon nasc amháin atá fágtha acu lena seansaol: Mídenn, atá sáinnithe in áit éigin atá faoi chosaint ag draíocht chumhachtach.
Nuair a chluineann siad go bhfuil Mídenn beo go fóill agus i ngéibheann ag Balar an Oilc ar oileán in Annwn sa saol eile, socraíonn siad é a thabhairt slán ó ghreim Bhalair. Téann siad ar aistear chun an draoi a shaoradh, ach ní furasta do bhealach a dhéanamh a fhad le hAnnwn. Iarrann siad cuidiú ar an bhandraoi mór Ceridwen agus castar a mac óg Tali orthu, a dhéanann cairdeas leo agus socraíonn sé dul leo ar a misean.
Tá idir laochra iontacha, drochdhaoine finscéalacha agus domhan ina lúbann an saol mar atá i ndáiríre faoi chumhacht na draíochta Ceiltí fós i gcroílár na sraithe úire. Tá na scéalta ar chuid de na scéalta is fiáine riamh a tháinig anuas ó ghlúin go glúin sna pobail Cheilteacha le fáil inti, scéalta a bhfuil a mbunús chomh sean leis na tailte agus na cladaí a mhúnlaigh iad.
Is é Paper Owl Films a léirigh an tsraith seo a choimisiúnaigh Cúla4/TG4 in Éirinn agus a choimisiúnaigh S4C sa Bhreatnais. Fuarthas tacaíocht mhaoinithe don léiriú ó Choimisiún na Meán tríd an gCiste Fuaim agus Fís, chomh maith le Ciste Scáileáin agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Is é Aardman atá ag dáileadh na sraithe go hidirnáisiúnta.
Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe agus Feidhmeannach Ceannacháin d’Ábhar do Pháistí TG4 agus Cúla4: “Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh an dara sraith de Lí Ban chuig Cúla4. Is iontach an rud é go bhfuil ár seanscéalta agus ár miotaseolaíocht Cheilteach á dtabhairt chun beatha ar bhealach chomh cruthaitheach, bríomhar agus tarraingteach do pháistí an lae inniu. Tá eachtraíocht, draíocht agus carachtair láidre i gcroílár na sraithe seo, agus léiríonn sí an chaoi ar féidir le beochan den scoth scéalta na Gaeilge a thabhairt chuig glúin úr. Táimid thar a bheith bródúil as ár gcomhpháirtíocht le Paper Owl Films agus S4C, agus táimid ag súil go mór leis na heachtraí nua a roinnt le lucht féachana Cúla4.”
Deirbhile Ní Churraighín, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: “Is mór an solas agus sonas í Lí Ban. Tá go leor sárlaochra ársa againn in Éirinn agus tá Paper Owl chun cinn maidir leis an gcaoi a gcuirtear na finscéalta seo os comhair lucht féachana óg an lae inniu ar bhealach comhaimseartha agus beoga gan croílár na scéil a chailleadh. Tá gach aon duine atá bainteach leis an léiriúchán seo, idir lucht na beochana, na scríbhneoireachta agus na guthaithe, ag iarraidh ábhar den chaighdeán is airde a chur ar fáil. Tá ár sárchailín Lí Ban i lámha sábháilte.”
Is é a dúirt Sioned Geraint, Coimisinéir Ábhair do Pháistí agus d’Fhoghlaimeoirí an chraoltóra Breatnaise S4C: “Tá ríméad orm gur éirigh le S4C páirt a ghlacadh i léiriú Lí Ban. Is sraith álainn í a chuireann ár scéalta Ceilteacha i láthair páistí tríd an Anime, meán a bhfuil an-tóir air i measc ár lucht féachana óig. Tá sé tábhachtach dúinn a bheith ag obair le comhpháirtithe Ceilteacha agus beidh sé go hiontach Lí Ban a bheith ar ár sceideal sa Bhreatnais.”
Is éard a dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann: “Tá ríméad orainn go mbeidh Lí Ban ar ais ar ár scáileáin gan mhoill le tuilleadh eachtraí spreagúla agus a cara dílis Con lena taobh. Tá sé ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Chiste tacú le beochan bhunaidh Ghaeilge a chuireann canúint Uladh chun tosaigh, agus tá muid ar bís leis na scéalta úra seo, atá fréamhaithe i mbéaloideas na gCeilteach, a roinnt lenár lucht féachana óg in Éirinn, sa Bhreatain Bheag agus ar fud an domhain.”
Is éard a dúirt Miguel Mestre, Bainisteoir Sinsearach Díolacháin Aardman: “Tá ríméad ar Aardman a bheith mar chuid d’aistear Lí Ban agus ár dtacaíocht a thabhairt do Paper Owl leis an tsraith álainn seo atá curtha le chéile go fíorshnasta. Tá muid cinnte go rachaidh na scéalta “anime Cheiltigh” seo i bhfeidhm ar pháistí ar fud an domhain, agus tá muid ar bís leis na heachtraí a bheidh roimh Lí Ban, Con agus a gcairde a fheiceáil i sraitheanna amach anseo.”
Is éard a dúirt Gráinne McGuinness, Stiúrthóir Cruthaitheach ag Paper Owl Films: “Tá muid fíorbhuíoch as tacaíocht leanúnach ár gcomhpháirtithe, a chuir ar ár gcumas sraith úr de Lí Ban a dhéanamh, agus scéalta ársa Ceilteacha a insint a théann i bhfeidhm ar pháistí ar fud an domhain. Mar gheall ar an éileamh idirnáisiúnta atá ar anime agus ar scéalaíocht fantaisíochta, is féidir linn scéal Lí Ban agus í ag teacht in inmhe a insint do lucht féachana an lae inniu, agus tá an dúshlán atá roimpi a fháil amach cé hí féin sa saol chomh fíor do pháistí an lae inniu agus a bhí di féin na céadta bliain ó shin.”
Maidir le Paper Owl Films:
Is iad Paper Owl Films a chruthaigh Pablo, Sol, Ladybird & Bee agus Happy. Is foireann ilchineálach de dhaoine cruthaitheacha iad a chuireann ábhar fiúntach ar fáil do lucht féachana ar fud an domhain. Is iad Gráinne McGuinness, Stephen Petticrew agus Gavin Halpin a bhunaigh Paper Owl Films Ltd. in 2012, agus tá meitheal dhíograiseach scéalaithe, scannánóirí, beochantóirí, ealaíontóirí agus cruthaitheoirí fostaithe ag an gcomhlacht atá ag obair i réimse na beochana agus an bheo-aicsin. Is é ábhar a léiriú do pháistí agus do dhaoine fásta ar ardáin chraolacháin agus dhigiteacha idirnáisiúnta an speisialtóireacht atá ag Paper Owl. Tá lucht féachana ar fud an domhain ag baint sult as a gcuid oibre ar chainéil ar nós TG4, CBeebies, RTÉjr, BBC, CBC, NBC Universal agus Netflix, agus ar ardáin dhigiteacha. Paper Owl Films
Maidir le Aardman Sales & Acquisitions:
Déanann foireann Aardman Sales & Acquisitions speisialtóireacht in ábhar beochana den scoth a thabhairt chuig lucht féachana ar fud an domhain ar an teilifís, ar DVD, ar ardáin sruthaithe agus dhigiteacha. I measc na mbrandaí clasaiceacha sa phortfóilió, tá Wallace & Gromit, Shaun the Sheep, Timmy Time agus Morph. Déanann an fhoireann ionadaíocht fosta ar líon ar leith brandaí tríú páirtí atá dírithe ar pháistí réamhscoile, ar pháistí agus ar theaghlaigh, lena n-áirítear Pop Paper City, Interstellar Ella agus Mitten & Shoe. www.aardman.com/distribution
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally, Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Gráinne McGuinness, Paper Owl Films Ltd 077 404 34109 | grainne@paperowlfilms.com