Finné
Fógraíocht
Rátáil Tuismitheora: 16
Déanfaidh Osgur Breatnach cur síos ar mar a cuireadh ceann de na robálaithe ba mhó ó bunaíodh an Stáit ina leith nuair a goideadh beagnach £200,000 punt de thraein sna Solláin, Co. Chill Dara i 1976. Fad is a bhí na Gardaí á cheistiú, shínigh sé féin agus daoine eile á bhí á gceistiú ráiteas inar admhaigh siad go raibh siad ciontach. Bhí amhras ann ina dhiaidh sin faoin mbealach a bhfuair na Gardaí na ráitis sin agus chuir Breatnach tús le feachtas chun a ainm a ghlanadh.
Chéad Taispeántas: 24 Dfo
Rogha Fotheidil
Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.
An Seinnteoir ar IOS
Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8
Finné
Spreagtha ag cláracha faisnéise de chuid Netflix le blianta beaga anuas, is sraith úrnua faisnéise é Finné a nochtaíonn na scéalta daonna taobh thiar de scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain anuas. Curtha i láthair ag Orla O’Donnell, comhfhreagraí cúirte RTÉ, tugann Finné oscailt súil dúinn ar an rian a d’fhág na heachtraí tromchúiseacha seo ar an té a mhair trítha.