Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Láithreoirí Aimsire á lorg ag TG4

18.12.25

Ar mhaith leat a bheith ar phainéal láithreoirí aimsire TG4?


 
Folúntais - Láitheoirí PR 1

 

Spriocdáta d’iarratais: 17/01/26
 

Is mian le TG4 Láithreoir Aimsire/Leanúnachais agus Meán Sóisialta a earcú. Is obair pháirtaimseartha ar chonradh phainéil a bheidh i gceist agus beidh an té seo lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe.
 

Láitheoirí PR 2

 

Ról ilghnéitheach atá anseo, ag cur sceideal TG4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta. Is deis iontach í seo do dhuine ar bith atá ag iarraidh coiscéim a ghlacadh ar dhréimire na hoibre in earnáil na meán.

Is iomaí láithreoir aitheanta a thosaigh amach ar phainéal láithreoirí leanúnachais TG4: Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Dáithí Ó Sé agus Páidí Ó Lionáird agus mórán eile nach iad.
 

Tugann na láithreoirí guth agus aitheantas do TG4 i measc an phobail. Beidh an té a cheapfar ag obair mar Láithreoir Leanúnachais & Aimsire agus ar na Meáin Shóisialta do TG4. Beidh an té a roghnófar ag plé le faisnéis aimsire ar na laethantaí a bheidh siad ag obair, ag plé le hábhar clár agus leanúnachas a chur i láthair ar TG4 maraon le obair scripte, ghuthú, agus meáin shóisialta. Beidh siad freisin ag déanamh ionadaíocht do TG4 ag ócáidí ó am go chéile.

Ní mhór cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas sa scríobh agus sa chumarsáid a bheith ag iarrthóirí.  
Beidh súil go mbeadh Gaeilge den chéad scoth acu, idir labhairt agus scríobh na teanga.
 

Cuirfear cúrsa oiliúna ar fáil d’iarrthóirí a éiríonn leo áit a bhaint amach ar an ngearrliosta. Beidh an cúrsa sin ar bun ón 16ú – 20ú Feabhra 2026, i gcomhpháirt le Gréasán na Meán. Tabharfaidh an cúrsa blaise de ghéithe éagsúla den láithreoireacht. As an ngearrliosta sin, roghnófar beirt le tréimhse taithí oibre roinnt seachtainí a dhéanamh i TG4.
 

Má tá Gaeilge den scoth agat agus splanc na láithreoireachta ionat, seo do sheans.
 

Tá gach eolas ar fáil ar www.tg4.ie/foluntais
 

Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh: 17ú Eanáir 2026.  
 

Seol mír físe 1’00” ar fhad ag cur síos ort fhéin, mar aon le do CV chuig cv@tg4.ie
 

Teagmháil do na Meáin:

Áine Lally, Bainisteoir Cumarsáide TG4 aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: