Preas
Stiúrthóir Ábhair á Lorg ag TG4
21.10.25
Tá post fógartha ag TG4 do Stiúrthóir Ábhair ar chonradh seacht mbliana.
Post nua é seo agus teastaíonn ó TG4 duine a bhfuil ardchumas cruthaitheachta agus eagarthóireachta ann a cheapadh ar fhoireann ardbhainistíochta TG4 chun straitéis ábhair TG4 a stiúradh agus a chur i bhfeidhm.
Beidh an té a cheapfar freagrach as straitéis ábhair dhána, éagsúil agus nuálach, a fhreastalaíonn ar lucht féachana na Gaeilge ar fud an domhain sa ré ilardán.
Beidh fís chruthaitheach ag an té a cheapfar chun ábhar a choimisiúnú trasardáin, ag cinntiú go mbeidh ról ar leith TG4 mar mheán seirbhíse poiblí na Gaeilge i réim i margadh domhanda na meán. Beidh sárthuiscint ag an iarrthóir ar nósanna agus ar mhianta an lucht féachana atá ag athrú agus ar na dúshláin atá ann lucht féachana a mhealladh sa ré dhigiteach. Beidh tuiscint ag an iarrthóir ar shonraí atá bunaithe ar fhianaise a úsáid, ina measc, léargais lucht féachana trasardáin a úsáid chun tacú leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir leis an straitéis coimisiúnaithe agus maidir le branda TG4 a fhorbairt agus a lucht féachana a fhás.
Ceannaire a bhfuil cur chuige cruthaitheach spreagúil aici nó aige, mar aon le scileanna idirphearsanta den scoth, atá á lorg don ról seo. Ní mór taithí i ról bainistíochta, ar chomhpháirtíochtaí agus idirbheartaíochtaí a bhainistiú agus ar chumasú foirne agus earnála bheith ag an iarrthóir. Cuirfidh an t-iarrthóir timpeallacht mhaith oibre chun cinn i measc na foirne agus san earnáil léiriúcháin chun tallann nua a chothú agus a chumasú.
Beidh taithí mhór ag an iarrthóir ar ábhar a léiriú agus a choimisiúnú mar aon le dea-cháil ar an té sin san earnáil léiriúcháin agus craoltóireachta nó i réimse inaistrithe eile.
I gceannáras TG4 atá an post seo lonnaithe ach tá polasaí oibre solúbtha ag TG4, agus dá bharr, cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais as aon áit sa tír ar an bpost seo.
Tá go dtí an 14 Samhain ag daoine chun iarratas a dhéanamh ar an bpost.
Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4 “Is deis é seo do dhuine ar leith chun ábhar cruthaitheach TG4 a threorú agus a chur i bhfeidhm ar gach ardán. Tá tábhacht níos mó ná riamh le ‘súil eile’ TG4 sa ré ilardán ina bhfuil na meáin dhomhanda i réim. Táimid ag lorg duine an-chruthaitheach a bhfuil sárthaithí agus eolas acu ar léiriúcháin na meán, atá in ann cinnithe cruthaitheacha dána a thógáil agus a thuigeann mianta an lucht féachana teacht ar bord linn i TG4 chun an t-ábhar is fearr a chur ar fáil dár lucht féachana.”
Tá nithe ann atá riachtanach don phost seo agus tá tuilleadh eolais fúthu sin le fáil anseo: https://www.tg4.ie/Foluntais
Teagmháil do na Meáin i TG4
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie