Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Teistiméireacht eile ar ard-chaighdeán TG4 an cheithre ghradam IFTA atá buaite ag an tsraith drámaíochta aitheanta An Klondike. Bhí naoi n-ainmniúchán ar fad ag an tsraith ag IFTAs na bliana seo.

Ór aimsithe ag An Klondike ag IFTA 2016

11.04.16

Ór aimsithe ag An Klondike ag IFTA 2016

Mór-shraith drámaíochta (agus fadscannán) é An Klondike ina ríomhtar scéal triúr deartháireacha as Conamara agus iad i ngleic le saol achrannach na mianadóireachta óir in Alasca céad fiche bliain ó shin.  Tagann na deartháireacha ar ór sa bpaiste talún atá acu féin ach ní fada gur in aighneas le chéile atá siad faoi.

Is iad na gradaim a thug an drama leis ná, Drama is Fearr, Aisteoir i bpríomh-pháirt – Dara Devaney, Smidiú & Gruaig is Fearr- Ailbhe Fitzpatrick & Stephanie Smith, Script Dráma – Marcus Fleming.

Is léiriú de chuid Abú Media An Klondike agus aitheantas IFTA faighte cheana ag an gcomhlacht céanna leis na duaiseanna a fuair sé roimhe seo – le tograí eile de chuid TG4: 2013 le Jockey Eile,  2014 le 1916 Seachtar na Cásca.

Is é IFTA an duais-scéim aitheanta do thionscal na scannán agus na teilifíse in Éirinn. Painéal saineolaithe ón tionscal anseo agus thar sáile a roghnaíonn an saothar is fearr sna catagóirí éagsúla. Foilsítear an gearrliosta ag tús na bliana agus fógraítear agus bronntar na duaiseanna IFTA féin san Earrach.

Mór-thogra léiriúcháin agus scannánaíochta ab ea An Klondike a fuair maoiniú ó TG4,  cúnamh ón scéim tacaíochta atá i bhfeidhm ag an Rialtas do scannáin agus do dhrámaíocht teilifíse, ó Bhord Scannán na hÉireann, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Thréaslaigh an Stiúrthóir Coimisiúnaithe, Micheál Ó Meallaigh, a gcuid gradaim ar fad leis na buaiteoirí.    Dúirt sé gur cruthúnas eile ar ardchaighdeán leanúnach agus ar raon na gclár a bhíonn ag TG4 é an rogha seo.  “Thuill TG4 duaiseanna ó IFTA gach bliain ó bunaíodh an scéim” a dúirt sé. “Táimid an bhródúil as an uimhir gradam a fuaireamar arís i mbliana.  Is móide ár sásamh gurb iad ár gcomhghleacaithe gairmiúla i dtionscal na teilifíse agus na scannán a rinne an roghnú,”   a dúirt an Micheál.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, linda.ni.ghriofa@tg4.ie TG4 091-505228 or 087-9172864