Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Agallaimh aonair ar Vóta 2016 7pm Céadaoin 17 Feabhra

15.02.16

Kenny, Ó Máirtín, Ó Dochartaigh agus Ó Ríordáin

Agallaimh aonair ar Vóta 2016, 7pm, Céadaoin, 17 Feabhra

Cuirfear  ceannairí agus ionadaithe sinsearacha na mór-pháirtithe faoi dhian-agallaimh aonair Ghaeilge  i lár na seachtaine ar chlár speisialta agallamh ar TG4. Beidh ceannairí Fhine Gael,  An Taoiseach, Enda Kenny agus Fhianna Fáil, Micheál Ó Máirtín, orthu sin a bheidh faoi agallamh fada d’eagrán speisialta den chlár Vóta 2016.  Is iad Piaras Ó Dochtartaigh, urlabhraí Airgeadais Shinn Féin agus an tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin (Lucht Oibre) an bheirt a sheasfaidh an fód don dá pháirtí sin sa gclár.

Is iad Eimear Ní Chonaola, láithreoir Nuacht TG4   agus Páidí Ó Lionáird bheidh ag cur na gceisteanna don chlár, a chraolfar ag 7pm.   Déanfar na hagallaimh a thaifeadh roimh ré le deis a thabhairt fotheidil leo. Beidh an t-agallamh leis An Taoiseach á thaifeadadh i gcathair na Gaillmhe (Óstán Clayton at 4pm) agus beidh Ceannaire Fhianna Fáil i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann ag 10am  ar an lá céanna).

Pléifear sna hagallaimh seo polasaithe na bpáirtithe ar mhórcheisteanna an fheachtais – an eacnamaíocht, fostaíocht, airgeadas poiblí,  slándáil, sláinte agus imirce – nithe nach bhfuil na páirtithe  ná a gcuid urlabhraithe ar aon fhocal fúthu sa  bhfeachtas go dtí seo.  Díreofar  freisin ar cheisteanna a bhfuil suim ar leith ag lucht féachana TG4 iontu – an Ghaeilge, cúrsaí oideachais, forbairt réigiúnach, an Ghaeltacht agus coiriúlacht faoin tuath.

D’fháiltigh Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir,  roimh dheimhniú na bpáirtithe go mbeidh siad páirteach sa gclár speisialta Olltoghcháin chraolta seo.  “Is cinnte go mbeidh suim ar leith ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta sa gclár speisialta agallaimh seo i nGaeilge le ionadaithe sinsearacha na mór-pháirtithe atá ag tarlú agus gan ach seachtain fágtha sa bhfeachtas Olltoghcháin.”

Vóta 2016 ar TG4, Dé Céadaoin, 17 Feabhra @ 7pm

Breis eolais:  Linda Ní Ghríofa 087 9172864 linda.ni.ghriofa@tg4.ie