Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Spraoi agus Spórt, Ceol agus Comhluadar… Soláthar don uile mhian sa gClársceideal Fómhair

Seoladh an Fhómhair 2016

30.08.16

Spraoi agus Spórt, Ceol agus Comhluadar

Soláthar don uile mhian sa gClársceideal Fómhair

Agus gan ach cúpla seachtain fágtha aige mar dhéagóir (beidh TG4 fiche bliain d’aois Oíche Shamhna) tá rogha fhuinniúil fhairsing ilghnéitheach ar fáil sa gClársceideal Fómhair 2016 atá seolta ag an gcainéal ag nuacht-ócáid i mBaile Átha Cliath inniu.

Ar na nithe is tarraingtí den sceideal, tá sraitheanna faisnéise a thugann léargas nuálach ar ghnéithe rúnda agus folaithe de shaol na hÉireann, (scannán seanchais as Árainn i 1935 ina measc), drámaíocht nua-léirithe a leagann méar ar chuisle an phobail, rogha iontach ábhair do dhaoine óga, spórt nach bhfaightear ar aon chainéal eile agus seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha atá éagsúil, géarchúiseach.

I measc na mbuaicphointí tá:

  • Fir Bolg: Sraithdhráma nua grinn, 6 eagrán, a thugann léargas nach bhfeictear go minic ar shaol an cheoil traidisiúnta. Más fíor an scéal, ba ghrúpa aitheanta ceoil ab ea na Fir Bolg, deich mbliana fichead ó shin. Thuill siad clú agus cáil lena linn – ach d’imigh sin agus tháinig seo. Scaradar ó chéile ach anois – agus an bunaitheoir básaithe – tá caint fúthu arís – agus airgead le déanamh. Tá cliar iontach agus pearsain aitheanta go leora dráma seo
  • Mr. Robot: Leanann an sraith iomráiteach seo scéal Elliot, fear óg a bhfuil scil aige ag haiceáil ríomhairí. Níl an scil céanna aige ina chaidrimh le daoine agus úsáideann sé na ríomhairí leo siúd a bhfuil cion aige orthu a chosaint. I ndeireadh na dála tugann an haiceáil ar bhóthar eile é, ag plé leis an ‘F-society’, eagras faoi cheilt.
  • Hector Central: Is beag ceard den domhan nach raibh siúlta ag fear rua na hUaimhe do TG4 – ach d’éirigh le Meiriceá Láir a theacht slán – go dtí seo. Seo anois é ar ruathar ó Phanama go Belize. Go bhfóire Dia ar na daoine.
  • Anamnocht: Cláir shubstaintiúla faisnéise uair an chloig a thugann léargas taibhsiúil dúinn ar phearsain, ar ghluaiseachtaí nó ar áiteanna, ina measc comaoin dhearmadta Frank O’Connor ar fhilíocht na Gaeilge, comóradh ar bhan-amhránaí as Oirialla a bhásaigh go hóg, saothar iontach na bhfear dóiteán nua-oilte ar an gCeathrú Rua, an Cláiríneach as Lios Ceannúir a chruthaigh an fomhuireán le cabhair na bhFíníní agus an bhanlaoch as Corcaigh a tharrtháil na céadta ón mbás le linn na cogaíochta sa Spáinn agus sa bhFrainc 80 bliain ó shin.
  • Hup: Séasúr spleodrach eile den tsraith fhuinniúil seo, ceol traidisiúnta taifeadta le gean agus le samhlaíocht fhísiúil ag tobar an dúchais ag na hócáidí is gaire do chuisle an cheoil. Is iad an ceol, na ceoltóirí agus an t-ionad bun agus barr na gclár, níl láithreoir ná caint i gceist.
  • Comhrá: Daoine aitheanta agus neamhaitheanta ag nochtadh a gcroí agus scéal a mbeatha do Mháirtín Tom Sheáinín. Beidh Uachtarán reatha CLG ann, iar Uachtaráin Chonradh na Gaeilge, polaiteoir deisbhéalach grinnchúiseach, múinteoirí agus spailpín a cheannaigh leoraí. Uasal nó íseal, is mar an chéile do Mháirtín é.
  • Tithe Cois Farraige: Sraith nua a chruthaíonn go bhfuil tithe sa tír seo, idir shean agus nua, atá chomh hálainn le haon áras ar domhan agus radharc na mara acu ar fad.
  • An Ríl Deal: Pearsain aitheanta spóirt agus siamsaíochta ag cruthú nach fíor an sean fhocal gur Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht. Bíonn gach tosnú lag, fiú más réalta spóirt thú.
  • Laochra Gael: Séasúr eile de chuimhní cinn agus ómós do mhór-imreoirí peile agus iomána ón am atá caite. Cláracha an séasúr seo ar Seánie McMahon (An Clár), Dónal Óg Cusack (Corcaigh), Pete Finnerty (Gaillimh), Pat Fox (Tiobraid Árann), Tommy Walsh (Cill Chainnigh), Clíodhna O’Connor (Áth Cliath), Na Lowrys (Uíbh Fhailí), Owen Mulligan (Tír Eoghain), Dara Ó Cinnéide (Ciarraí) agus Éamonn O’Hara (Sligeach).
  • GAA Beo: Beochraoladh eisiach gach deireadh seachtaine ar Chluichí Ceannais na hÉireann, Mionúir, Faoi 21, Craobhacha TG4 i bPeil na mBan, Cluichí Ceannais Contae, Craobh Club AIB agus Sraitheanna Náisiúnta Allianz.
  • Imeall: Séasúr nua den tsraith sheachtainiúil ar shaol na n-ealaíon agus an chultúir, léirmheasanna agus tuairiscí agus ardán d’ealaíontóirí agus iad i mbun cruthaíochta idir fhís, fhocal agus eile i gcuideachta Tristan Rosenstock agus Ailbhe Ní Ghearbuigh.
  • Rugbaí Beo: Beochraoladh eisiach ar chluichí sa gcomórtas nua sraithe an Guinness Pro 12 agus buaicphointí ar gach lá imeartha ó Chorn na gCuradh.
  • Daoine Óga: Cúla4 na nÓg – an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am bricfeasta. Ar na sraitheanna nua i mbliana beidh Masha agus an Béar, Wussywat, Astroblast agus seanchairde ar nós Dora, Pocoyo, Bia Linn, Saol Faoi Shráid, Igam Ogam agus Scéal an Lae. San iarnóin, beidh Micheál Ó Ciaraidh ag láithriú Cúla4 ina bhfuil sraitheanna cartúin, drámaíochta agus eile, ina measc na sraitheanna nua-léirithe Gaeilge Is Eolaí Mé agus Na Dúlradóirí.
  • Nuacht TG4: Súil ar leith ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna. Déantar clúdach ar leith ó chósta an iarthair, ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is í an duais-chraoltóir Eimear Ní Chonaola an t-ancaire.
  • Fíorscéal: Tuilleadh clár faisnéise a thugann aghaidh go fuarchúiseach ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is misniúla agus is conspóidí ar domhan. Fiosrófar monaplacht na Stát Aontaithe ar shatailítí GPS in eagrán amháin.
  • Na Bailéid: An Corcaíocht siúlach, fiosrach John Spillane, ar thóir na scéalta as ar fhás cuid de na amhráin is ansa linn ar fad.
  • Róisín: Séasúr nua den chlár cainte agus plé ina bhfuil Róisín Ní Eadhra agus a haíonna agus iad i mbun anailíse ar cheisteanna teaghlaigh, oideachais agus sláinte, ó chian is ó chóngar.
  • Opry an Iúir: Réaltaí móra an cheoil tíre in Éirinn i mbun coirme. Beidh an rí féin, Daniel O’Donnell ag cabhrú leo arís i mbliana agus amhránaithe Gaeilge ag canadh ar an ardán leis na réaltaí ceol tíre.
  • Crá sa Chré: Sraith ina léirítear roinnt cásanna cúirte a chruthaíonn go bhfuil dúil ar leith ag an Éireannach sa talamh – agus gur dúil fhuilteach í uaireanta.
  • Junior Eurovision: Anois agus Éire náirithe le blianta beaga sa gcomórtas sinsear, tá TG4 ag cur chun páirce den dara bliain as a chéile sa gcomórtas sóisear féachaint le hamhrán nua-chumtha Gaeilge a roghnú le go rachaidh an buaiteoir chuig an gCraobh Eorpach a chraolfar beo as Malta.
  • Madraí na nGael: Sraith a chuirfidh led eolas ar roinnt de na póir dhúchasacha is sine dá bhfuil againn.

Is féidir ábhar TG4 a fháil anois, aon am, aon áit ar domhan. Tá Aip TG4 ar fáil anois ar theilifíseáin chliste agus ar an iPad, tá Seinnteoir TG4 anseo, go leor eile ar an Suíomh Gréasáin (agus ní fada uainn Aip Sheinnteoir Cúla4).

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

TG4 ar fáil ar an teilifís ar chainéal: Saorview 104, Sky 104 (HD)  UPC 104 (HD), 137 (HD), 602  (Cúla4)  Sna Sé Chontae ar Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable, 877