Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Den dara babhta as a chéile tá duais aitheantais Radharc buaite ag saothar faisnéise a choimisiúnaigh TG4.  Fógraíodh inniu gurb é Torthaí na Daoirse, clár faoi stailc chonspoideach i siopaí Dunnes Stores tríocha bliain ó shin,  a thug an an Gradam leis an uair seo.

Gradam Radharc buaite ag clár TG4 faoi stailc Dunnes Stores

21.10.16

Rianann an clár buacach seo cúlra, feidhmiú agus iarmhairtí na stailce a bhainn le seasamh roinnt oibrithe in aghaidh na cindheighilte san Afraic Thas ag an am.

Thosaigh an agóid nuair a dhiúltaigh Mary Manning, oibrí 21 bliain i siopa Dunnes i Sráid Anraí i mBaile Átha Cliath oráistí Outspan ón Afraic Theas a láimhsiú i mí Iúil 1984.   Sheas deichniúr comhghleacaithe léi, cuireadh ar fionraí iad agus thosaigh stailc.   Cé gur sheas a ceardchumann  féin – agus go leor leor eagras eile le hoibrithe Dunnes Stores – thuill siad cáineadh géar freisin agus mhair an agóid trí bliana.  Nuair a tháinig Nelson Mandela go hÉirinn fiche bliain ina dhiaidh sin, d’iarr sé cruinniú leis na mná agus dúirt gur thug a seasamh misneach dó agus é sa bpr agus chuir cor sa bhfeachtas fríth-chinedheighilte, ní amháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

Rianann an clár faisnéise seo cúlra, feidhmiú agus iarmhairtí na stailce agus orthu sin atá páirteach sa gclár seo tá  Mary Manning, Áine Ní Éalaí, Ben Dunne, Brendan Archbold, Brendan Ryan, Des Geraghty, an tEaspag Desmond Tutu agus na Teachtaí Dála Finian McGrath agus Ruairí Quinn.

Ferndale Films a léirigh an clár do TG4 agus is é Macdara Ó Fatharta an tráchtaire. Fuair an clár maoiniú ón scéim Fuaim agus Fís ag Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Bhord Scannán na hÉireann.

Tá meas ar leith ag léiritheoirí ar Ghradaim Radharc, duais-scéim a bunaíodh I gcuimhne ar an mheitheal cháiliúil scannánóirí a léirigh breis is 600 clár teilifíse 1962-1996. Sagairt ab ea iad a sholáthraigh cláracha spreagúla faisnéise  ar cheisteanna conspóideacha ó gach ceard den tír agus den domhan.    Gach dara bliain a bhronntar na duaiseanna seo.  Is saothar eile le TG4  An Dubh ina Gheal  a bhuaigh an príomh-Ghradam Radharc an uair dheireanach, 2014.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

Channel numbers for TG4: Saorview 104, Sky 104 (SD and HD) Virgin Media 104, 137 (HD), 602 (Cúla4)
Northern Ireland Channel numbers for TG4: Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable 877