Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Straitéis togcháin Fhianna Fáil níos éifeachtaí na Sinn Féin i nDún na nGall

09.02.16

Straitéis togcháin Fhianna Fáil níos éifeachtaí na Sinn Féin i nDún na nGall

Torthaí suimiúla ar fáil ó Phobalbhreith nua TG4

D’fhéadfadh Sinn Féin a bheith thíos lena straitéis triúr iarrthóirí a chur chun páirce i nDáilcheantar chónasctha nua Dhún na nGall, de réir na dtorthaí ó phobalbhreith nua a choimisiúnaigh agus a chraol an clar Vóta 2016  ar TG4 tráthnóna.    Tugann an pobalbhreith údarásach seo, a rinne an comhlacht aitheanta MRBI, go bhfuil seans láidir ag Fianna Fáil dhá shuíochán a bhuachan sa Dáilcheantar nua 5 shuíochán san Olltogchán agus go mbeidh Pat Cóp Ó Gallchóir ar filleadh ar Dháil Éireann ag deireadh na míosa.

Go deimhin, tá fianaise áirithe sa bpobalbhreith go mbeidh brú ar Shinn Féin an dara Teachta Dála a thabhairt chun na Dála as Dún na nGall, bíodh is go raibh beirt Theachtaí aige le chúig bhliana anuas nuair a bhí an contae roinnte ina dhá Dháilcheantar.

Léiríonn na figiúirí gur dóigh go dtoghfar Joe McHugh d’Fhine Gael, an té a bhí ina Aire Stáit Gaeltachta sa dara leath de thréimhse na Dála seo caite.  Beidh sé ina dhian-choimhlint don suíochán deireanach, de réir na bhfigiúirí seo, agus Thomas Pringle, Teachta neamhspleách le chúig bhliana faoi bhrú ó neamhspleáigh eile agus ó na páirtithe móra freisin.

 

Tacaíocht na bPáirtithe i nDáilcheantar Dhún na nGall (Vóta Uimhir 1)

Sinn Féin   (SF) 30%
Fianna Fáil (FF) 30%
Fine Gael (FG) 17%
Neamhspleách(NS) 23%

 

Tacaíocht na nIarrthóirí     (Vóta Uimhir 1)

Pearse Doherty  (SF) 19%
Charlie McConalogue  (FF) 17%
Joe McHugh  (FG) 13%
Pat the Cope Gallagher  (FF) 13%
Pádraig Mac Lochlainn  (SF) 9%
Thomas Pringle  (NS) 7%
Dessie Shiels  (NS) 7%
Paddy Harte  (FG) 4%
Frank McBrearty Jnr  (NS) 4%
Tim Jackson  (NS) 3%
Gary Doherty  (SF) 2%
Ian McGarvey  (NS) 2%
Niamh Kennedy  (NS) 2%

 

Tá coicís fágtha  sa bhfeachtas Olltoghcháin agus  is mairg a dhéanfadh tuar críochnúil.  Ach is léir go bhfuil FF go maith chun tosaigh sa Dáilcheantar seo ar a scair náisiúnta reatha.  Bunaithe ar na figiúiri áitiúla sin, d’fhéadfadh an páirtí dhá shuíochán a bhuachan i nDún na nGall.    Agus FF ag déanamh chomh maith sin, ní thig le SF a bheith cinnte den dara suíochán, toradh a bhí á thuar ag go leor tráchtairí  i bhfianaise na hard-tacaíochta atá ag SF sa gcontae agus an dul chun cinn ina leibhéil tacaíochta náisiúnta le chúig bhliana anuas.

Toghfar Piaras Ó Dochartaigh (SF) don chéad suíochán sa Dáilcheantar agus 19% den vóta aige, chun cinn ar an gcuóta.    Beidh a chomghleacaí Pádraig Mac Lochlainn  ag  súil le vótaí aistrithe  ón bhfuílleach sin níos deireanai sa gcomhaireamh agus braithfidh cinniúint Mhic Lochlainn ar a líon sin, mar aon le roinnt cúinsí eile.

De réir na dtorthaí sa bpobalbhreith seo, is ag Charlie McConalogue  (FF) a bheidh an dara suíochán agus 17% den vóta chéad rogha aige.   Bheadh an triú agus an ceathrú suíochán ag Pat The Cope Ó Gallchóir (FF) agus ag  Joe McHugh, (FG), a bhfuil 13%  den vóta acu ar aon.  Beidh an bheirt ag brath ar aistrithe ach bheifí ag súil go seasfaidh a cháil ar fud an chontae agus a sheirbhís fhada mar Theachta Dála, Aire Stáit agus mar Fheisire Eorpach don Ghallchórach lena thabhairt slán agus  go dtiocfaidh Joe McHugh slán le McuMcmabharfaidh tacaíocht aistrithe ó vótaí Phaddy Harte, a chomhghleacaí atá ag seasamh den chéad uair.

Beidh an choimhlint don cúigiu suíochán i nDún na nGall thar a bheith teann.  Tá  seans air ag Pádraig Mac Lochlainn, (SF,  9%), Thomas Pringle  (NS  7%) agus Dessie Shiels  (Ind,  7%).    Braithfidh go leor ar an ord ina gcuirtear iarrthóirí bhun an liosta as an áireamh – agus ar an bhfuílleach vótaí bheith ag Piaras Ó Dochartaigh (agus iarrthóir eile SF, Gary Doherty) do Mhac Lochlainn.   D’fhéadfadh na neamhspleáigh Thomas Pringle agus Dessie Shiels, a bheith fós san iomaíocht ag deireadh an chomhairimh.

Nóta d’eagarthóirí:    Is é seo an chéad cheann de shraith 3 phobalbhreith atá coimisiúnaithe ag TG4 do Dháilcheantair ar chósta an Iarthair.    An tseachtain seo chugainn ar Vóta 2016  ( 7pm Máirt 16 Feabhra) craolfar na torthaí phobalbhreith nua MRBI ar Dháilcheantar Chiarraí.

Tá Ailbhe Ó Monacháin, comhfhreagraí Vóta 2016  i nDún na nGall, ar fáil d’agallaimh ar an bpobalbhreith nua seo sa Dáilcheantar.  Teagmháil: Linda Ní Ghríofa 091 505228.   linda.ni.ghriofa@tg4.ie

 

Nóta ar mhodheolaíocht na pobalbhreithe:    Sampla 500 duine  (18+ bliain) a bhí ag an bpobalbhreith seo a rinne an comhlacht Ipsos MRBI do TG4.   Rinneadh na hagallaimh Déardaoin 4 agus Aoine 5 Feabhra i suirbhé atá de réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Marketing Society of Ireland agus ESOMAR.  Rinneadh na hagallaimh le  CATI [Computer Aided Telephone Interviewing]. Roghnaíodh na rannpháirithe ó bhunachar sonraí comhdhéanta d’uimhreacha talún agus soghluaiste, bunachar a cruthaíodh le Diallú Randamach Digiteach (Random Digit Dialling.   Bíonn lámháil earráide móide/lúide 4% i gceiste le suirbhí bunaithe ar shampla 500 duine).