Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Agus é ar cuairt go stiúideo Nemeton TV i nGaeltacht na Rinne inniu, sheol Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail  an séasúr nua den tsraith  seo in a dtugann roinnt de mhór-imreoirí na gcluichí Gaelacha san am atá caite a leagan féin dá gcuimhní cinn  agus ina dtugann a gcomhghleacaithe omós dóibh freisin. Is é seo an ceathrú séasúr déag den tsraith iomráiteach. Laoch amháin a bhíonn faoi chaibidil i ngach clár agus é/í faoi agallamh agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe le cabhair míreanna ón gcartlann teilifíse agus breithiúnas óna chomh-imreoirí agus tráchtairí aitheanta.

Réalta peile agus iomána aitheanta sa séasúr nua Laochra Gael

21.01.16

Craolfar an tsraith ar TG4 ag 5.55pm 8pm  gach Domnhach 21 Feabhra (ath-chraolfar gach clár gach oíche Luain 8pm).

Is iad seo na laochra atá á gceiliúradh sa séasúr nua:

JJ Delaney (iománaí Chill Chainnigh), Ken McGrath (iománaí Phort Láirge), Declan O’Sullivan (peileadóir Chiarraí), Richie Bennis (iománaí Luimnigh), Steven McDonnell (peileadóir Ard Mhacha), Eoin Kelly (iománaí Thiobraid Árann) John Allen (peileadóir Chorcaí), Trevor Giles (peileadóir na Mí), Annette Clarke (peileadóir mná na Gaillimhe) agus na deartháracha Meehan (peileadóirí na Gaillimhe).

Is é an comhlacht aitheanta Gaeltacha, Nemeton, a léiríonn an tsraith seo do TG4.

Dúirt Uachtaran CLG Aogan Ó Fearghail “Is cuid lárnach den chlúdach teilifíse ar na cluichí Gaelacha é Laochra Gael  faoin tráth seo. Éiríonn leis go paiteanta  éachtaí na laochra a thabhairt chun cuimhne athuair dúinne a chonaic iad lena linn agus ar bhealach speisialta do ghlúin óg nach bhfaca. Níl a leithéid eile de shraith teilifíse ann agus tá léargas ar fáil  inti ar scil agus ar dhúthrachta na n-imreoirí sin a raibh d’ádh orthu geansaí an chontae a chaitheamh ach a mhaisigh a cháil lena dtaispeántais.  Dá fheabhas é, níl ann chuid den soláthar leathan leanúnach a dhéanann TG4 ar ár gcluichí náisiúnta ar gach leibhéal d’imeachtaí an Chumainn, Guímid gach rath ar an tsraith agus orthu sin ar fad atá bainteach leis agus muid ag súil lel go leor eile mar é sna blianta amach romhainn.”

Ag labhairt dó faoin tsraith nua, mheabhraigh  Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil breis is 110 imreoir cáiliúil ceiliúrtha ar Laochra Gael go dtí seo, taisce luachmhar chartlainne.  “Tugann na cláracha seo ómós do mháistrí na peile agus na hiomána, idir fhir is mhná.   Daingníonn sé a n-éachtaí sa gcuimhne againne a raibh sé de phribhléid againn iad a fheiceáil ag imirt i mbarr a réime.  Gan dabht is oscailt súl iad don ghlúin óg nach raibh an t-ádh sin leo.  Is snáth tábhachtach i mbréidín ildaite spóirt TG4 an tsraith seo,” a dúirt sé “agus is léir tar éis dosaen séasúr go bhfuil meas agus éileamh ar an gcur chuige atá inti”.

More information:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Get to know us: