Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Bhuaigh an clár faisnéise agus drámaíochta, Eoin Mac Néill, Fear Dearmadta 1916, a choimisiúnaigh TG4 i bpáirt le BBC Thuaisceart Éireann, an duais do chláracha staire tráthnóna ag Féile na Meán Ceilteach 2017 i nDoolish, Oileáin Mhanainn.

Duais na Staire buaite ag clár faoi Eoin MacNéill

04.05.17

Clár uair an chloig faoin scoláire, údar, polaiteoir agus athbheochanóir é seo, fear a d’fhág rian a láimhe ar mhórán gnéithe de thréimhse chinniúnach i stair na tíre.   Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge in 1893 agus lárnach san Athbheochan as sin amach.  Sa bhliain 1913, scríobh sé alt sa gClaidheamh Solais, iris an Chonartha, as ar bunaíodh Óglaigh na hÉireann,  buíon a raibh sé ina Cheann Foirne uirthi ina dhiaidh sin.   An oíche roimh Éirí Amach na Cásca 1916 d’eisigh sé freasordú ag cur an Éirí Amach ar ceal, cinneadh a lean é go bás. Féachtar sa chlár seo ar a shaol ildánach agus ar an an tionchar a bhí ag an gCogadh Cathartha ar a mhuintir agus an t-údar a cheap sé Éirí Amach na Cásca a chur ar ceal.

Is é an comhlacht neamhspleách léiriúcháin, Doubleband Films a léirigh an clár seo ar choimisiún ó TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann agus fuair an togra maoiniú freisin ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge ansin.

Eagraítear Féile na Meán Ceilteach gach bliain in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha.     Cuirtear iontrálacha sna duais-rannóga éagsúla faoi mheasúnú ó ghiúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús.  Roghnaítear an scoth astu sin le dul san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta.   Tá féile na bliana seo, an 38ú ceann go dtí seo,  ar bun den chéad uair i nDoolish, Oileán Mhanainn (www.celticmediafestival.co.uk).

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont,  gur duais shuntasach í seo do chlár substaintiúil faoi phearsa ildánach ar fánach an aird a thugtar air go minic.  “Tá go leor scríofa, craolta agus ráite le cúpla bliain faoi cheannairí an Éirí Amach” a dúirt sé “ agus is ceart sin ach tugann an clár seo léargas na ‘súile eile’  ar dhuine a bhí lárnach sa nGluaiseacht agus san Athbheochan agus i mblianta tosaigh an tSaorstáit ina dhiaidh sin.”

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, PR TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Rónán Ó Coisdealbha, Sports Editor, TG4 – 087 2472841, sport@tg4.ie

Cuir aithne orainn: