Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá méadú eile á chur ag TG4 ar a chlúdach ar imeachtaí agus ar ócáidí Oireachtas na Samhna i mbliana, de réir an sceidil atá eisithe ag an gcainéal inniu.

Clúdach cuimsitheach il-ardáin ag TG4 ar Oireachtas na Samhna 2017

31.10.17

Beidh an fhéile ar bun i gCill Airne 1-5  Samhain agus beidh ceamaraí TG4 ar an láthair le go leor de na comórtais is ansa le daoine a chur ar fáil, beo ar an teilifís, ar na meáin shoisialta nó ar an Seinnteoir  (Féach an liosta cuimsitheach clúdaigh thíos).

Lár Stáitse is teideal don chlár nua atá curtha leis an sceideal i mbliana, beochraoladh teilifíse, á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill oíche Dé hAoine.  Molfar an óige sa gclár seo agus tiocfaidh sí ar an ardán leis an gcuid is fearr de na hoirfididh óga sna comórtais ardáin teanga-bhunaithe ag soláthar na siamsaíochta, idir amhráin, agallaimh beirte, scéalaíocht, aithriseaoireacht agus lúibíní.

Mar is iondúil anois beidh Nuacht TG4  á bheochraoladh ón Oireachtas Céadaoin-Aoine agus beidh iarnóin mhór an damhsa sean-nóis Steip Beo ar fáil ar an teilifíse Dé Sathairn.  Chomh maith leo sin, déanfar go leor de chomórtais agus d’ócáidí eile na féile a sholáthar beo ar Sheinnteoir TG4, ina measc an Oscailt Oifigiúil, bronnadh na nGradam Cumarsáide agus cuid de na comórtais amhr amhránaíochta sean-nóis.

Beidh foireann na meán shóisialta ag TG4 crúógach freisin le linn na féile agus iad ag bailiú agallaimh, míreanna eolais agus eile ar chúl an stáitse agus ar fud an bhaile agus na n-ionad ag soláthar ábhair do chuntais TG4 ar Facebook, Twitter, Snapchat agus Instagram.

Seo sceideal iomlán TG4 ag Oireachtas na Samhna 2017

Céadaoin 1 Samhain

An Oscailt Oifigiúil:  3.30pm – Molscéal ar  Facebook

Nuacht TG4:   7pm  Beo ar an teilifís

Na Gradaim Chumarsáide:  7pm Fiona Ní Fhlaithearta beo ón gcairpéad dearg ar YouTube TG4  agus searmanas na nGradam féin beo ansin ag 7.30pm

 

Déardaoin  2 Samhain

Sceitse / Agallamh Beirte:  2pm  Beo ar  YouTube TG4

Nuacht TG4:   7pm  Beo ar an teilifís

Sean-Nós na bhFear: 7pm  Beo ar  YouTube TG4

 

Aoine 3 Samhain

Lúibíní/Amhráin Saothaire:  2pm  Beo ar  YouTube TG4

Nuacht TG4:   7pm  Beo ar an teilifís

Sean-Nós na mBan:  7pm  Beo ar YouTube TG4

Lár Stáitse:  8pm Beo ar an teilifís

 

Satharn 4 Samhain

Steip Beo:  1.15pm Beo ar an teilifís

Corn Uí Riada  Beo ar  Sheinnteoir TG4 www.tg4.ie

 

Beidh deis ag lucht féachana óg TG4 bualadh le cuid dá gcairde ó Cúla4 Mailí deCléir, Máirín de Buitléir agus Caitríona Nic Cormaic ag Cóisir Cúla4 ag an Oireachtas ar an Satharn ag 11am.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4, – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: