Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Neart coinnle ar lasadh ar chrann TG4.

Ceol, Comhluadar agus Cuimhní faoi Nollaig

14.12.17

Déanfaidh sí Nollaig cheoil, chomhluadair agus chuimhní geanúla ar TG4 i mbliana.  Ar na féiríní is gléine ar chrann na bliana seo tá an chéad chraoladh ar an duais-chlár  Rocky Ros Muc faoi shaol an dornálaí Seán Ó Mainnín agus dúchas as ar fáisceadh é sular thug sé aghaidh ar ghairm chorrach na dornálaíochta i measc a chomh-imircigh i mBoston Mheiriceá. Clár eile a thugann léargas ar shaol Chonamara is ea Anseo i Lár an Ghleanna agus pobal Loch Con Aortha ag dul i ngleic le bánú an cheantair agus neamhshuim na údarás. Feicfear freisin oidhreacht na himirce sa gclár Poc na nGael,  ina bhfiosraíonn Ger Loughnane an rian a d’fhág an iomáint ar fhorbairt an haca oighir, spórt náisiúnta Cheanada.

Cloisfear neart ceoil ar an gcainéal le linn na féile freisin, ar ndóigh, idir Nollaig na Maggies ina mbeidh ban-amhránaithe aitheanta na Rossa ag ceol agus ag cuimhneamh an tráth seo sna blianta atá caite, beidh triúr réaltaí ceoil (Tansey, Flatley agus an fear féin) i gcomhluadar a chéile sa gclár Sé Mo Laoch Speisialta – Matt Molloy agus beidh an dá thaobh de Ghradam Ceoil TG4 2017  (an cheolchoirm féin agus clár eile faoi imeachtaí ar chúl an stáitse ar fáil chomh maith.  Cuirfear tús ceolmhar le Bliain na Gaeilge le Fáilte  2018 seó beo bóthair ó Ard a’ Bhóthair i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ar Oíche Chinn Bliana agus beidh Pádraig Ó Sé agus bhuíon ag róstadh an ghabhair ansin.  Beidh deis eile ag an lucht féachana freisin na comórtais sean-nóis ag an Oireachtas a fheiceáil arís; damhsa ar Steip agus amhránaíocht sean-nóis ar Súil Siar – Corn Uí Riada.  Tabharfar ómós do dhá bhanna aitheanta céilí freisin le clárach faoi Bhanna Ceoil Chill Fhionnúrach agus Shaskeen.

Áirítear An Béal Bocht, úrscéal grinn Mhyles na gCopaleen ar cheann de chlasaicigh na Gaeilge agus seo anois, den chéad uair, ar an scáileán, déanta go healaíonta mar shaothar anamúlachta.  Beidh saothar álainn eile anamúlachta Gaeilge Amhrán na Mara ar fáil freisin agus is maith ab fhiú an dá chlár seo a thaifeadadh.

Más breá leat an dúlra, leag súil ar Éire Fhiáin freisin, saothar a ardóidh do chroí agus a mheabhróidh áilleacht an dúlra ar an oileán seo duit.

Geobhaidh lucht leanta spóirt neart deiseanna buaiceanna na bliana a fheiceáil sa bpeile agus san iomáint  mar aon le roinnt beo-chraolta  Rugbaí Beo ar chluichí cinniúnacha linn na saoire agus na cúigí Éireannacha ag tabhairt aghaidh ar a chéile díreach roimh agus tar éis na Nollag sa tsraith PRO14.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4, – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: