Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

D’fhógair TG4 inniu go mbeidh deis ag a lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain mór-ócáid bhliantúil na nÉireannach sa mBreatain a fheiceáil beochraolta ar an 23 Samhain ag 9.30pm. Tugann na Gradaim seo aitheantas do shaothar agus d’éachtaí eile i réimsí tionscal, ceoil, craolacháin agus obair phobail.

Gradaim an Irish Post le beochraoladh as Londain ar TG4

16.11.7

Bronnfar seacht nGradam ar an oíche, ina measc, Gradam Saoil ar Sir Bob Geldof, ceoltóir agus feachtasóir daonnachtúil a thuill cáil ar dtús mar fheachtasóir nuair a d’eagraigh sé ceolchoirm cháiliúil Live Aid i Staid Wembley, Londain, i Samhradh na bliana 1985.

Bronnfar Gradam Comaoine ar son Gnó an Banbharún Karren Brady, a bhfuil cáil fhorleathan uirthi i réimsí na fógraíochta, na meán agus mar iar-Bhainisteoir Stiúrtha ar Birmingham FC, nuair a bhí sí 23 bliain d’aois, an chéad bhean riamh a ceapadh sa ról seo i gclub sacair.

Beidh na grúpaí aitheanta Kodaline agus Beoga ag seinm ag an ócáid i mbliana agus is iad na láithreoirí ná Aoife Ní Thuairisg– TG4 agus Eamonn Holmes.

Beidh an ócáid á beo-chraoladh ar gach ardán TG4 agus sula dtosóidh an seó féin, beidh na scéalta ar fad ón gcairpéad dearg roimhe ó Óstán an Grosvenor House ag Caitlín Nic Aoidh ar Snapchat agus Insta TG4. Freisin is féidir an spraoi ar fad a leanúint ón seó beo ar twitter #IrishPostAwards

Orthu sin a fuair Gradaim an ócáid seo i mblianta roimhe seo, bhí, Terry Wogan, Daniel Day-Lewis, Michael Flatley agus Mo Mowlam.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4, – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: