Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Nascadh, Nuascéalaíocht agus Neart Siamsaíochta – Clársceideal an Fhómhair seolta i nGaillimh

Seoladh an Fhómhair 2017

28.08.17

Nascadh, Nuascéalaíocht agus Neart Siamsaíochta

Clársceideal an Fhómhair seolta i nGaillimh

Tá barr flúirseach Fómhair bainte ag TG4 agus ar tairiscint sa gclársceideal don séasúr nua. Seoladh é i Lárionad Uí Dhonnchú don Amharclannaíocht in Ollscoil na hÉireann, Galllimh tráthnóna.

Bhéarfaidh an clársceideal nua ardán do scoth an ábhair ar an teilifís agus ar sheirbhísí ar-líne TG4 agus meallfaidh lucht féachana ar suim leo feabhas agus fiúntas mar aon le samhlaíocht, spórt agus spraoi.

Ar na nithe is tarraingtí sa sceideal, tá drámaíocht nua-léirithe den scoth agus muid ag súil freisin leis na saothair nua ón scéim Cine4; sraitheanna faisnéise a thugann léargas nuálach ar ghnéithe folaithe de shaol reatha na hÉireann; sraitheanna agus cláracha a thugann scéalta chun solais ón am atá caite, scoth an cheoil ón tír seo agus ó na náisiúin Cheilteacha eile, rogha iontach ábhair do dhaoine óga, spórt nach bhfaightear ar aon chainéal eile agus seirbhís nuachta éagsúil, géarchúiseach a thuigeann an pobal ar a bhfuil sí ag freastal.

(Tá eolas níos iomláine mar aon le sonraí teagmhála na léiritheoirí agus pictiúir ar fáil ó www.tg4.ie/press)

  • Fíorasach: Sraitheanna agus cláracha aonair ar phearsain agus ar ghluaiseachtaí suntasacha – ról CLG i gCúige Uladh, feachtas pobail Gaeltachta in aghaidh neamhshuim na n-údarás, cuntas Spáinnigh ar a chuid eachtraí in Éirinn cheithre chéad bliain ó shin agus éachtaí mná as Corcaigh a tharrtháil na céadta ón mbás le linn na cogaíochta sa Spáinn agus sa bhFrainc 80 bliain ó shin.
  • Grace Harte: Dráma nua, trí pháirt, ó pheann Antoine Uí Fhlatharta, suite in óstán ar an gcósta thiar. Ní mórán paisin atá fágtha sa gcaidreamh ag lánúin atá i bhfeighil óstáin saoire agus tá an tóin ag titim as a ngnó freisin. Ach nuair a thagann fear óg dathúil an bealach, tagann cor nua foréigneach sa scéal.
  • Níos mó na Cluiche: Scéal CLG Chúige Uladh á ríomh ón taobh istigh ag Jarlath Burns. Ainneoin deacrachtaí móra polaitiúla agus eile, is léir gur bhláthaigh an cumann agus gur fíoraíodh aisling na mbunaitheoirí, ní gan dua.
  • Gléasta chun Féasta: Ní furast do bhean feisteas oiriúnach a fháil do lá mór ina saol. Tugann an tsraith seo, á láithriú ag Bláthnaid Treacy, cúnamh do bhean gach seachtain, más cúnamh é. Cruthaítear trí fheisteas an-éagsúil go speisialta di – ach níl cead aici ach ceann amháin a roghnú!
  • Celtic Connections: Scoth an cheoil ó na hoirifidigh is fearr ó na hoileáin seo – agus níos faide ó bhaile agus iad bailithe le chéile i nGlaschú don fhéile mhór Gheimhridh seo, á chur i láthair ag Dónal O’Connor.
  • Oireachtas na Samhna: An clúdach is fairsinge fós as Cill Airne, idir bheochraoladh teilifíse agus Sheinnteora, ar imeachtaí ag Oireachtas na Samhna 2017. Beidh comórtais amhránaíochta agus damhsa sean-nóis ar fáil, Nuacht TG4 trí oíche den fhéile agus Lár Stáitse, an clár nua beo do scoth na n-iomaitheoirí ardáin.
  • An Ríl Deal: An tóraíocht bhliantúil ar an rinceoir Gaelach is fearr sa tír. Tá turas go Broadway ar fáil don bhuaiteoir agus seans dul chun cinn ansin.
  • Laochra Gael: Séasúr eile de chuimhní cinn agus ómós do mhór-imreoirí peile agus iomána ón am atá caite. Cláracha an séasúr seo ar Henry Shefflin (Cill Chainnigh), Lar Corbett (Tiobraid Árann), Aisling Thompson (Corcaigh), Mickey Harte (Tír Eoghain) agus Graham Geraghty (An Mhí).
  • GAA Beo: Beochraoladh eisiach gach deireadh seachtaine ar Chluichí Ceannais na hÉireann, Mionúir, Faoi 21, Craobhacha TG4 i bPeil na mBan, Cluichí Ceannais Contae, Craobh Club AIB agus Sraitheanna Náisiúnta Allianz.
  • Daoine Óga: Cúla4 na nÓg – an zón laethúil do pháistí réamhscoile ag am bricfeasta. San iarnóin Cúla4 ina bhfuil sraitheanna cartúin, drámaíochta agus eile, ina measc na sraitheanna nua-léirithe Gaeilge Whiz sa Chistin, Is Eolaí Mé, agus Na Dúlradóirí.
  • Rugbaí Beo: Beochraoladh eisiach ar chluichí sa gcomórtas nua sraithe an Guinness Pro 14 agus buaicphointí ar gach lá imeartha ó Chorn na gCuradh agus ón gCorn Dúshláin.
  • Nuacht TG4: Súil ar leith ar scéalta réigiúnacha, áitiúla agus daonna. Déantar clúdach ar leith ó chósta an iarthair, ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Is í an duais-chraoltóir Eimear Ní Chonaola an t-ancaire.
  • Opry Dhoire: Réaltaí móra an cheoil tíre in Éirinn i mbun coirme. Beidh an rí féin, Daniel O’Donnell ag cabhrú leo arís i mbliana agus amhránaithe Gaeilge ag canadh ar an ardán leis na réaltaí ceol tíre.
  • Éire sna Nuachtscannáin: Roimh theacht na teilifíse, b’iad na nuachtscannáin an t-aon fhoinse do nuacht ar scáileáin a bhí ag an lucht féachana in Éirinn. Is trí shúile na n-eachtrannach is minice a taifeadadh iad seo – agus léiríonn an tsraith seo go raibh súil eile de chineál eile acu-san ar mhuintir na tíre seo agus ar a gcultúr.
  • Junior Eurovision: Arís agus Éire náirithe le blianta beaga sa gcomórtas sinsear, tá TG4 ag cur chun páirce den dara bliain as a chéile sa gcomórtas sóisear féachaint le hamhrán nua-chumtha Gaeilge a roghnú le go rachaidh an buaiteoir chuig an gCraobh Eorpach a chraolfar beo as Poblacht na Seoirse.

Is féidir ábhar TG4 a fháil anois, aon am, aon áit ar domhan. Tá Aip TG4 ar fáil ar theilifíseáin chliste agus ar an iPad, tá Seinnteoir TG4 ar www.tg4.tv, go leor eile ar an Suíomh Gréasáin www.tg4.ie agus Aip Sheinnteoir Cúla4 ar fáil anois don iPad.

Breis Eolas:

Teagmháil do na meáin:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087-9172864, linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Eolas breise, leagan fada agus pictiúir ar fáil ó www.tg4.ie/press

Cuir aithne orainn:

TG4 ar fáil ar an teilifís ar chainéal: Saorview 104, Sky 104 (HD)  UPC 104 (HD), 137 (HD), 602  (Cúla4)  Sna Sé Chontae ar Freeview 51, Sky 163, Virgin Cable, 877