Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

D’fhoilsigh Ardstiúrthóir nua TG4 Alan Esslemont cur chuige nua do chlársceideal na seirbhíse agus é ag labhairt i gcathair na Gaillimhe inniu le soláthraithe clár an chainéil ag Lá na Léiritheoirí, ócáid eolais agus chumarsáide don earnáil neamhspleách.

Straitéis nua clár agus mór-bhabhtaí coimisiúnaithe seolta

18.01.17

Beidh luach na milliún euro leis na conarthaí coimisiúnaithe ollsoláthair atá fógraithe ag TG4 inniu agus iad ar fáil i gceithre réimse clár (Cláracha, Gradam Ceoil TG4, Drámaíocht agus Ildána).  Tá tréimhse ráithe ag an earnáil neamhspléach le iarratais a dhréachtú agus a bheachtú sna réimsí atá ar tairiscint ag an gcainéal.  Tá sonraí faoi na réimsí seo agus treoir maidir le hullmhú iarratais ar fáil ag https://www.tg4.ie/ga/leiriuchan/coimisiunu/

D’fhreastail suas le 200 ionadaí ón earnáil léiriúcháin ar ócáid an lae inar chuir an tUasal Esslemont a straitéis clár i láthair na soláthraithe agus inar leagadh amach cúlra na n-ollsoláthar atá fógraithe.

Ina chuid cainte leag sé béim ar an mbonn páirtíochta atá mar bhunús le TG4 – foilsitheoir/craoltóir a fhaigheann a chuir ábhair ón earnáil neamhspleách agus ó RTÉ.    Mheabhraigh sé gurb é leas an uile pháirtí go mbeadh bonn inmharthana faoin earnáil neamhspleách, go háirithe sa nGaeltacht agus gur le coimisiúin ollsoláthair mórscála, ilbhliana is fearr is féidir sin a bhaint amach.   “Is tréimhse chorrach chinniúnach í seo don chraolachán poiblí agus don earnáil léiriúcháin in   Éirinn,” a dúirt sé “agus leis an gcur chuige seo, tá TG4 ag deimhniú go ndéanfaimid ár gcuid féin chun bonn seasmhach a chur faoin earnáil neamhspleách le múnla a chinntíonn fostaíocht leanúnach san earnáil agus a oibríonnn go maith do na craoltóirí sna tíortha Ceilteacha eile”.

Dheimhnigh an tArdstiúrthóir go mbeidh TG4 ar iarraidh  ar an Aire Cumarsáide maoiniú dothanach poiblí a sholáthar do TG4, bonn ilibhliana a chur faoin maoiniú, mar atá ceadaithe sa reachtaíocht agus mar atá TG4 a dhéanamh leis an bpróiseas coimisiúnaithe anois.  Mhol sé freisin go mbeadh an leibhéal maoinithe a fhaigheann an cainéal ar aon leibhéal ar a laghad leis an leibhéal a bhí ann sular tharla an cúlú eacnamaíochta.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4 – 087 9172864, Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn: