Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gradam Ceoil TG4

 
Gradam Ceoil TG4 2023 ar an bhfód le 26 bliain agus craolfar an searmanas bronnta beo ar TG4 Dé Domhnaigh an 23 Aibreán ag 9.30pm ó Cheoláras na hOllscoile i Luimneach. Léirítear urraim ag Gradaim bhliantúla Ghradam Ceoil, ar a dtugtar ‘gradaim Oscar an cheoil thraidisiúnta’ freisin, do cheoltóirí a bhfuil an ceol traidisiúnta tugtha chun cinn, neartaithe agus caomhnaithe in Éirinn acu.
 
Is é seo a leanas an liosta iomlán de bhuaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2023:

  • Ceoltóir na Bliana 2023 – Mick O’Brien
  • Amhránaí na Bliana 2023 – Síle Denvir
  • Ceoltóir Óg na Bliana 2023 – Méabh Smyth
  • Gradam Saoil – Fintan Vallelly
  • Cumadóir na Bliana 2023 – Maurice Lennon
  • Grúpa Ceoil na Bliana 2023 – Mick, Louise & Michelle Mulcahy
  • Gradam Comaoine – Frank McArdle

Is ar Mick O’Brien a bhronnfar Ceoltóir na Bliana 2023. Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Mick O’Brien a chasann an phíb uilleann agus an fheadóg stáin. Thosaigh sé ag foghlaim ceoil ar an bpíb uilleann nuair a bhí sé 9 mbliana d’aois ó Leo Rowsome, Seán Seery agus Mick Touhey ag Club Píobairí Shráid Thomáis. D’fhreastail sé ar ranganna ina dhiaidh sin ag na Píobairí Uilleann agus spreag ceol Patsy Touhey go mór é. Ba mhór an spreagadh freisin a thug a athair Dinny O’Brien, ceoltóir mór le rá ar an mbosca ceoil, dó. Tá máistir-ranganna ar an bpíb uilleann curtha ar fáil aige ar fud na hÉireann, na hEorpa agus na Stát Aontaithe le linn a ghairme agus tá ceol casa go rialta aige ina aonar agus in éineacht le ceoltóirí eile lena n-áirítear Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus grúpaí as an Iorua freisin Vamp, Hanne Krogh, agus Secret Garden.

Rinneadh taifeadadh ar a chuid ceoil agus d’éirigh go hiontach leis agus tá sé le cloisteáil ar thaifeadtaí in éineacht leis The Dubliners, Altan agus Charlie Lennon, chomh maith lena albaim féin May Morning Dew (1996) agus The Ancient Voice of Ireland (1999). Aithnítear an ceirnín a d’eisigh sé sa bhliain 2003, Kitty Lie Over, in éineacht leis an bhfidléir Caoimhín Ó Raghallaigh mar cheirnín a chuir go mór le ceol traidisiúnta leis na deicheanna de bhlianta mar aon lena albam Deadly Buzz ón mbliain 2011.

Tá Mick ag casadh ceoil le blianta beaga anuas mar chuid de ghrúpa de thriúr in éineacht le bean na feadóige móire Emer Mayock agus leis an bhfidléir Aoife Ní Bhriain. Tá dhá albam eisithe ag an ngrúpa – Tunes from the Goodman Manuscripts (2013) agus More Tunes from the Goodman Manuscripts (2021) – mar chuid de thionscadal a bhí dírithe ar cheol a bhailigh James Goodman in iardheisceart na hÉireann i lár an naoú haois déag.

Is ar Mhéabh Smyth as Ard Mhacha a bhronnfar an gradam Ceoltóir Óg na mBliana 2023 i mbliana. Is fidléir í Méabh atá ag casadh ceol traidisiúnta ó bhí sí 7 mbliana d’aois. Is iardhalta de chuid Chlub Píobairí Ard Mhacha í agus faigheann sí inspioráid ina cuid ceoil ó stíl rithimeach na fidle sna réigiúin Uladh Theas agus Dhún na nGall.

Is ó theaghlach mór ceoil Méabh (is fidléirí iad a tuismitheoirí Rosie agus Thomas) agus casann sí ceol go rialta lena deartháir Tiarnán. D’eisigh an bheirt acu ceirnín leathfhada a bhfuil a n-ainm féin air sa bhliain 2017. D’éirigh leis an mbeirt acu an babhta leathcheannais a bhaint amach do ghradam Ceoltóir Óg Ceoil Tíre na Bliana BBC Radio 2 an bhliain chéanna. Níos luaithe i mbliana bhí sí san iomaíocht i mbabhta ceannais Chomórtas Bhonn Óir Sheáin Uí Riada in éineacht lena deirfiúr Annie Smyth. Bhuaigh sí gradam Ed Reavy d’Fhidléir na Bliana sa bhliain 2016 agus bhuaigh sí an chéad duais sa chomórtas Fidléir Londan sa bhliain 2021. Bhí Smyth le feiceáil freisin sa tsraith Sruth – sraith de chuid TG4 faoi cheoltóirí óga agus fógraíodh an mhí seo caite go bhfuil sí ar dhuine den seisear a fuair Gradam chun Ardán a Thabhairt do Cheoltóirí Óga ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann don bhliain 2023.

Is ar Fintan Vallely a bhronnfar Gradam Saoil 2023. Fear na feadóige móire, údar, cumadóir amhrán agus oideoir is ea Fintan Vallely a rugadh faoin tuath i gContae Ard Mhacha sa bhliain 1949. Tá sé ag seinm na feadóige stáin, na feadóige móire agus na píbe uilleann ó bhí sé ina dhéagóir agus tá roinnt albam taifeadta aige, ina measc Fintan Vallely – Traditional Irish Flute Music (1979), The Starry Lane to Monaghan (1992), agus Merrijig Creek (2021). Tá camchuairt tugtha aige ar fud na hÉireann, na hEorpa, Mheiriceá Thuaidh, na hÁise agus na hAstráile.

D’fhoilsigh sé an chéad leabhar teagaisc don fheadóg mhór Timber – The Flute Tutor sa bhliain 1986. Chuaigh sé ar aghaidh ansin le staidéar a dhéanamh ar an eitnicheoleolaíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus bhí sé ina chomhfhreagraí agus léirmheastóir ar an gceol traidisiúnta don Irish Times agus don Sunday Tribune idir na blianta 1994-99. Sa bhliain 1999 rinne sé eagarthóireacht ar an Companion to Irish Traditional Music —ciclipéid A–Z ar cheol traidisiúnta na hÉireann a raibh baint ag níos mó ná 200 scríbhneoir léi. Foilsíodh an dara heagrán sa bhliain 2011 agus foilseoidh Cork University Press an tríú heagrán.

Tá go leor saothar foilsithe aige lena n-áirítear beathaisnéisí agus ailt, caibidlí agus léirmheasanna acadúla irisí. D’eagraigh sé comhdhálacha móra faoin gceol traidisiúnta lena n-áirítear Crosbhealach an Cheoil sa bhliain 1996 le Liz Doherty, Hammy Hamilton, Eithne Vallely agus Cormac Breathnach.

Is léachtóir le ceol traidisiúnta na hÉireann é agus theagasc sé ag Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Ollscoil Uladh, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan, Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste agus Ollscoil Newcastle. Sa bhliain 2012 d’fhorbair sé Compánach, léiriú ceolchoirme closamhairc ar a leabhar Companion ina ndeachaigh sé ar chamchuairt idirnáisiúnta le ceoltóirí lena n-áirítear an fidléir Gerry O’Connor, an píobaire Tiarnán Ó Duinnchinn, an damhsóir Sibéal Davitt, an t-amhránaí Máire Ní Choilm, an t-amhránaí agus fidléir Róisín Chambers, an fidléir Liz Doherty, an t-amhránaí Karan Casey agus an damhsóir Emma O’Sullivan. Tá an ceol sin ar CD agus DVD freisin. Múineann sé an fheadóg mhór ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i gCo. an Chláir gach bliain agus ag ceardlanna in Éirinn agus thar lear. Cur síos ollmhór ar stair an bhodhráin atá sa leabhar is déanaí atá scríofa aige.

Is ar Maurice Lennon a bhronnfar Cumadóir na bliana 2023. Is sa bhliain 1958 a rugadh an fidléir agus cumadóir Maurice Lennon agus is ó theaghlach ceoltóirí traidisúnta Lennon i gCo. Liatroma é. Ba é an fidléir agus múinteoir mór le rá Ben Lennon a athair – a bhuaigh an Gradam Saoil sa bhliain 2011 – agus is é an cumadóir, pianódóir agus fidléir mór le rá Charlie Lennon a uncail agus bhuaigh seisean an gradam Cumadóir na Bliana sa bhliain 2006 freisin.

Thosaigh Lennon ag casadh ceol traidisiúnta nuair a bhí sé 13 bliana d’aois. Nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois bhuaigh sé Craobhchomórtas Sinsear na Fidle ag Fleadh Cheoil na hÉireann sa bhliain 1977. Sa bhliain chéanna bhunaigh sé an banna ceoil tíre rac Stockton’s Wing le fear na feadóige móire agus na feadóige stáin Paul Roche, fear an bhainseó agus an mhaindilín Kieran Hanrahan, an giotáraí agus amhránaí Tony Callinan agus fear an bhodhráin Tommy Hayes. D’éirigh thar cionn leis an mbanna ar fud an domhain sna 1980idí agus sna 1990idí agus d’eisigh siad go leor albam lena n-áirítear Stockton’s Wing (1978), Take a Chance (1980), agus Full Flight (1986).

I ndiaidh dó an banna a fhágáil agus tabhairt faoina ghairm aonair, chuaigh Lennon i mbun comhoibriú leis na hamhránaithe Seán Keane, Ronnie Drew, Finbar Furey agus Johnny McEvoy, agus bhí ról lárnach aige freisin sa cheol don léiriú damhsa Ghaelaigh Ragús. Thaifead Cherish the Ladies ‘If Ever You Were Mine’ an píosa ceoil is cáiliúla a chum Lennon agus bhí sé le cloisteáil ar a n-albam The Back Door sa bhliain 1992 agus thaifead an fidléir as Ceanada Natalie MacMaster é freisin. Ar na ceoltóirí eile a thaifead píosaí ceoil dá chuid tá The Kilfenora Céilí Band, Blazin’ Fiddles, Noel Hill, Brian Rooney, Karen Tweed, Pride of New York, Liam O’Brien, Jerry O’Sullivan, Cathy Vard agus Liam Lawton, The London Lasses agus go leor eile.

D’eisigh Lennon roinnt albaim mór le rá ina cheoltóir aonair lena n-áirítear Brian Boru – High King Of Tara (2001) agus a albam aonair ar an bhfidil The Little Ones (2013), a raibh na foinn ‘The Road to Garrison’ agus ‘The Belltable Waltz’ a chum sé le cloisteáil air.

Is ar an amhránaí as Conamara Síle Denvir a bhronnfar Amhránaí na Bliana 2023. Is amhránaí ar an sean-nós, cláirseoir agus bean léinn í Síle Denvir a bhfuil tionchar láidir ag an nGaeilge, an tógáil a fuair sí i nGaeltacht Chonamara agus stíl sean-nóis an réigiúin ar a cuid ceoil.

Chomh maith le bheith ag casadh ceoil ina ceoltóir aonair, tá Denvir ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa thraidisiúnta Líadan agus chomhoibrigh sí le go leor ceoltóirí le linn a gairme lena n-áirítear The Chieftains, Barry Kerr, Liam Ó Maonlaí, Martin Hayes agus Úna Monaghan. Sa bhliain 2018 ghlac sí páirt sa chéad léiriú domhanda ar Fill Arís a bhí curtha le chéile ag Mícheál Ó Súilleabháin agus í ag casadh ceoil le hIarla Ó Lionáird, Lillis Ó Laoire agus an Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta. Sa bhliain 2020 bhí a cuid amhránaíochta le cloisteáil ar Rogha Raelach Volume 1, an chéad albam díolama de chuid an lipéid ceoil thraidisiúnta, Raelach Records.

Is léachtóir í freisin in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá spéis ar leith aici sna hamhráin Ghaeilge i gcomhthéacs nua-aimseartha. Tá dhá leabhar foilsithe aici ar chumadóirí amhrán as Conamara, Tom a’ tSeoighe: Amhráin (2020) agus Ciarán Ó Fátharta: Amhráin (2008). Ar na tionscadail taighde eile atá déanta aici tá sraith físeán ar shaothar Tom a’ tSeoighe do Mholscéal TG4 sa bhliain 2020 agus tá CD agus leabhrán faoin gceol ó dhrámaí a scríobh Pádraig Mac Piarais – Caithréim: Ceol agus Amhráin ó Dhrámaí an Phiarsaigh.

Is cóiritheoir cumasach í Denvir agus tá sí ina stiúrthóir ceoil ar an ngrúpa nua sean-nóis, Bláth na hÓige. Cuireann sí ábhar ar fáil go rialta do chláracha teilifíse agus raidió ar TG4, agus eiseoidh sí a céad albam eile Anamnesis – taifeadadh ar amhráin sean-nóis i gcomhar leis an léiritheoir John Reynolds agus an dordveidhleadóir Caroline Dale – ar an 31 Márta 2023.

Tugadh isteach gradam nua anuraidh, gradam do Ghrúpa Ceoil na Bliana agus is ar Mick, Louise & Michelle Mulcahy a bhronnfar an gradam sin. Is teaghlach ceoltóirí as Mainistir na Féile i gCo. Luimnigh iad Mick, Louise agus Michelle Mulcahy. Is ceoltóirí aonair a n-éiríonn go hiontach leo iad an triúr acu agus tá an-mheas orthu mar ghrúpa de thriúr. Thaifead siad ceithre albam le chéile a léiríonn na stíleanna agus stóir ceoil a bhaineann le Sliabh Luachra, an Clár agus Oirthear na Gaillimhe – The Mulcahy Family (1999), Notes From the Heart (2005), Reelin in Tradition (2009), agus The Reel Note (2016).

Is i gCill Mhaighneann i gContae Chiarraí a rugadh Mick (athair Louise agus Michelle) agus is ceoltóir traidisiúnta cáiliúil é a chasann na córais B/C, C#/D, C/C# agus D/D# ar an mbosca ceoil chomh maith leis an mileoidean agus an consairtín. Bhí sé ina bhall de Bhanna Céilí Bhrosnaí – buaiteoirí chraobh na hÉireann sa bhliain 1972 – agus is cumadóir agus ceoltóir é a bhfuil taifeadtaí déanta air agus a bhfuil dhá albam aonair eisithe aige, Mick Mulcahy (1976), agus Mick Mulcahy and Friends (1990).

Thosaigh Louise ag casadh na feadóige stáin nuair a bhí sí 5 bliana d’aois agus thosaigh sí ar an bhfeadóg mhór ina dhiaidh sin agus tá tionchar suntasach ag Matt Molloy agus Eamon Cotter ar a stíl. Thosaigh sí ag foghlaim na píbe uilleann nuair a bhí sí 13 bliana d’aois – is é Dave Hegarty i dTrá Lí a bhí ina mhúinteoir aici agus chuaigh sí chuig máistir-ranganna uair sa mhí ag na Píobairí Uilleann – agus is ceoltóir mór le rá í anois ar uirlis a bhíonn á casadh ag fir den chuid is mó. Is ceoltóir stáitse agus teagascóir píbe uilleann agus feadóige móire í agus d’eisigh sí albam aonair Tuning the Road sa bhliain 2014.

Bronnadh Gradam Markievicz na Comhairle Ealaíon (in onóir do Constance de Markievicz) uirthi sa bhliain 2021 agus bhuaigh sí Gradam Liam O’Flynn de chuid na Comhairle Ealaíon agus an Cheolárais Náisiúnta sa bhliain 2022. Chuir sí an clár Mná na bPíob ar TG4 i láthair sa bhliain 2021 – scannán fada faisnéise faoi ghrúpa píobairí mná agus nach bhfuil an oiread sin clú orthu.

Thosaigh Michelle ag foghlaim na feadóige stáin nuair a bhí sí 5 bliana d’aois agus ansin chuaigh sí ar aghaidh ag casadh an bhosca cnaipí, an chonsairtín, na cláirsí, na fidle, an phianó agus an mhileoidin. Bronnadh Gradam Cheoltóir Óg na Bliana uirthi sa bhliain 2006 ag Gradam Ceoil TG4 agus sheinn sí ar albam Bill Whelan The Connemara Suite sa bhliain 2007 in éineacht le Zoë Conway agus Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann. Is bean léinn í freisin agus is é a hábhar taighde PhD ina ndéantar iniúchadh ar thraidisiúin na cláirsí i mBurma agus in Éirinn an chéad ábhar taighde dá leithéid.

Gradam Comaoine TG4 2023 le bronnadh ar Frank McArdle. Is ceoltóir, oideoir agus bunaitheoir Bhanna Céilí Naomh Roch (St Roch’s Céilí Band) i nGlaschú é Frank McArdle. Cé gur fhás Frank aníos i mbaile beag Dalmellington in Ayrshire, bhog sé go Glaschú agus d’oibrigh sé ina mhúinteoir matamaitice i Meánscoil Naomh Roch, áit ar bhunaigh sé banna céilí – Banna Céilí Naomh Roch – do na daltaí sa bhliain 1978.