Gradam Ceoil TG4
Mick O’Brien – Ceoltóir na Bliana
Athfhriotal
Is i mBaile Átha Cliath a rugadh Mick O’Brien a chasann an phíb uilleann agus an fheadóg stáin. Thosaigh sé ag foghlaim ceoil ar an bpíb uilleann nuair a bhí sé 9 mbliana d’aois ó Leo Rowsome, Seán Seery agus Mick Touhey ag Club Píobairí Shráid Thomáis. D’fhreastail sé ar ranganna ina dhiaidh sin ag na Píobairí Uilleann agus spreag ceol Patsy Touhey go mór é. Ba mhór an spreagadh freisin a thug a athair Dinny O’Brien, ceoltóir mór le rá ar an mbosca ceoil, dó. Tá máistir-ranganna ar an bpíb uilleann curtha ar fáil aige ar fud na hÉireann, na hEorpa agus na Stát Aontaithe le linn a ghairme agus tá ceol casa go rialta aige ina aonar agus in éineacht le ceoltóirí eile lena n-áirítear Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus grúpaí as an Iorua freisin Vamp, Hanne Krogh, agus Secret Garden.
Rinneadh taifeadadh ar a chuid ceoil agus d’éirigh go hiontach leis agus tá sé le cloisteáil ar thaifeadtaí in éineacht leis The Dubliners, Altan agus Charlie Lennon, chomh maith lena albaim féin May Morning Dew (1996) agus The Ancient Voice of Ireland (1999). Aithnítear an ceirnín a d’eisigh sé sa bhliain 2003, Kitty Lie Over, in éineacht leis an bhfidléir Caoimhín Ó Raghallaigh mar cheirnín a chuir go mór le ceol traidisiúnta leis na deicheanna de bhlianta mar aon lena albam Deadly Buzz ón mbliain 2011.
Tá Mick ag casadh ceoil le blianta beaga anuas mar chuid de ghrúpa de thriúr in éineacht le bean na feadóige móire Emer Mayock agus leis an bhfidléir Aoife Ní Bhriain. Tá dhá albam eisithe ag an ngrúpa – Tunes from the Goodman Manuscripts (2013) agus More Tunes from the Goodman Manuscripts (2021) – mar chuid de thionscadal a bhí dírithe ar cheol a bhailigh James Goodman in iardheisceart na hÉireann i lár an naoú haois déag.